Ar chuir Boris Johnson ina luí ar an Úcráin gan socrú síochána a dhéanamh leis an Rúis?

Níl aon amhras ach go raibh Boris Johnson níos mó ar son spreagadh a thabhairt don Úcráin leanúint ar aghaidh leis an troid ná ceannaire domhanda mór le rá ar bith eile

Ar chuir Boris Johnson ina luí ar an Úcráin gan socrú síochána a dhéanamh leis an Rúis?

Maíonn an Rúis agus lucht tacaíochta ionradh na Rúise ar an Úcráin go minic go raibh socrú síochána ar tí a bheith aontaithe idir an dá thaobh chun deireadh a chur leis an gcogadh in earrach 2022 ach gur chuir Boris Johnson, Príomh-Aire na Breataine ag an am, ina luí ar Volodymyr Zelensky é a chaitheamh i dtraipisí. Uaireanta maítear gur ‘ordaigh’ Johnson do Zelensky an socrú síochána a thréigean nó fiú go raibh socrú síochána déanta. Cad é fírinne an scéil?

Tá taighde agus anailís ar an gceist foilsithe le déanaí ag an eolaí polaitiúil Samuel Charap agus an staraí Sergey Radchenko san iris Foreign Affairs. Seo é an méid gur féidir a rá go cinnte bunaithe ar an taighde sin. 1. Ní raibh aon téacs aontaithe maidir le comhaontú idir an dá thaobh. 2. Bhí dul chun cinn déanta sna cainteanna sa mhéid is go raibh an dá thaobh ag malartú dréacht-téacsanna lena chéile agus go raibh an dá thaobh tar éis bogadh ar roinnt de na héilimh a bhí acu ag tús na gcainteanna. 3. Bhí an Úcráin tar éis glacadh leis go mbeadh stádas neodrach ag an tír. 4. Ní rabhthas tar éis tosnú ag caint faoi cheann de na ceisteanna is achrannaí ar fad – ceist na gcríocha gafa agus an teorainn idir an dá thír.

Cén fáth gur theip ar na cainteanna mar sin? Cúis amháin, dar leis na húdair, ná go raibh na hÚcránaigh ag éileamh barántas slándála éifeachtach a chuirfeadh dualgas ar thíortha an Iarthair teacht i gcabhair orthu go míleata dá n-ionsódh an Rúis arís í.

Bhí taithí acu ar Mheamram Bhúdapeist (1994) inar thug na mórchumhachtaí dearbhú slándála don Úcráin as ucht a hairm núicléacha a thabhairt suas. Ach níor leag an meamram aon dualgas ar aon tír teacht i gcabhair orthu go míleata dá n-ionsófaí iad agus níorbh fhiú tada é nuair a d’ionsaigh an Rúis an Úcráin in 2014.

Mar sin an uair seo bhí siad ag caint leis an Rúis ar an mbonn go mbeadh barántais láidre acu ó Mheiriceá agus ó thíortha eile san iarthar. An fhadhb a bhí ann, áfach, dar leis na húdair, ná nach raibh siad tar éis dul i gcomhairle le Meiriceá nó leis na tíortha eile a bheadh ag cur barántas dá leithéid ar fáil, agus is beag fonn a bhí orthu siúd éirí sáite ina leithéid de shocrú.

Deir na húdair: ‘Mura raibh na Stáit Aontaithe agus a gcomhghuaillithe toilteanach barántais dá leithéid a thabhairt don Úcráin roimh an gcogadh (mar shampla le ballraíocht i NATO) cén fáth go ndéanfadh siad é tar éis don Rúis léiriú chomh follasach a thabhairt go raibh siad toilteanach an Úcráin a ionsaí?’.

Forbairt eile a rinne dochar do na seansanna teacht ar chomhaontú síochána, dar leis na húdair, ná aistarraingt na Rúise ó sciar mór de thuaisceart na hÚcráine tar éis teip na hiarrachta Cív a ghabháil agus rialtas puipéid a chur i gcumhacht. Go tobann ní raibh cuma chomh dochloíte a thuilleadh ar an ‘dara harm is fearr ar domhan’, rud a thug misneach don Úcráin go bhféadfadh siad an fód a sheasamh ar pháirc an chatha. Nuair a chúlaigh na Rúisigh, aimsíodh olluaigheanna i mBucha agus áiteanna eile, rud a chur fearg mhór ar mhuintir na hÚcráine agus a rinne níos deacra é go polaitiúil do Zelensky comhréiteach a dhéanamh leis an Rúis.

Níl aon amhras ach go raibh Boris Johnson níos mó ar son spreagadh a thabhairt don Úcráin leanúint ar aghaidh leis an troid ná ceannaire domhanda mór le rá ar bith eile. Is é tuairim na n-údar nár shíl Meiriceá agus a gcuid comhghuaillithe go n-éireodh leis na cainteanna mar go raibh bearnaí móra idir an dá thaobh agus go rabhthas tar éis ceist críocha agus teorainneacha a sheachaint go hiomlán.

Tá alt Charap agus Radchenko cáinte ag tráchtairí eile a shíleann go bhfuil sé róghar do scéal na Rúise gurbh é NATO nó an tIarthar a scrios seans ar shíocháin. Le bheith féaráilte do na húdair admhaíonn siad nach bhfuil léargas acu ar cad a bhí ag tarlú ar thaobh na Rúise de na cainteanna.

Níl a fhios acu an cur i gcéill iomlán a bhí sna cainteanna ó thaobh na Rúise de. Dar liom fhéin gur laige san anailís acu nach dtéann siad i ngleic leis an idé-eolaíocht impiriúlach atá curtha chun cinn ag rialtas na Rúise. Níl aon argóint déanta acu faoi cén fáth nár chóir dúinn a chreidiúint go gcreideann Putin agus ceannairí mór le rá eile i rialtas na Rúis an méid a mhaíonn siad – nach bhfuil sé de cheart ag an Úcráin maireachtáil mar stát agus mar thír neamhspleách agus nach bhfuil sé de cheart ag Úcránaigh gan a bheith ina Rúisigh. Má chreideann siad é sin i ndáiríre, caithfidh go bhfuil impleachtaí aige maidir lena ndáiríreacht faoi theacht ar shocrú síochána leis an Úcráin. Agus seachas an tagairt do thionchar Bucha agus sléachtanna eile, ní léir go bhfuil taighde déanta nó curtha san áireamh acu ina n-anailís ar mhianta agus tuairimí phobal na hÚcráine, agus an tionchar a bheadh aige sin ar aon seans ar chomhréiteach leis an Rúis.

I ndeireadh na dála samhlóidh tráchtairí difriúla tábhacht dhifriúil a bheith le tosca éagsúla sa chaibidil áirithe seo de stair an chogaidh. Is léir áfach go bhfuil teip na gcainteanna níos casta ná mar a thugann míniúcháin shimplí aon-chúise le fios.

Fág freagra ar 'Ar chuir Boris Johnson ina luí ar an Úcráin gan socrú síochána a dhéanamh leis an Rúis?'

  • An tSean Commie Bocht

    Ráiméis. An fhírinne faoin Úcráin le léamh anois i nGaeilge breá craicneamh ar Pravda IE. : https://pravda-ie.com/

  • Indrek

    Cuma an-aisteach ar an taighde sin … an milleán á chur ar an Iarthar go hindíreach, gan spriocanna agus dáiríreacht na Rúise a scrúdú ‘cheal eolais’. Bheadh iontas orm dá mba rud é go raibh tionchar á imirt ag an Rúis ar an mbeirt acadóirí agus postanna sinsearacha acu in RAND Corporation agus in John Hopkins, ach ní fhéadfaí a chur as an áireamh go bhfuil uisce faoi thalamh ann agus iarracht ar bun le dul i bhfeidhm ar pholaiteoirí na Stáit Aontaithe agus b’fhéidir na hEorpa lena mbrú i dtreo na síochána, seachas an bhua.