Dúshlán mór i gcónaí é an foréigean in aghaidh leanaí

Tá cearta an linbh á gcur chun cinn go mór san Aontas Eorpach ach tá go leor le déanamh a deir Leas-Uachtarán um Dhaonlathas agus um Dhéimeagrafaíocht an Choimisiúin Eorpaigh

Dúshlán mór i gcónaí é an foréigean in aghaidh leanaí

Trí bliana ó shin, thugamar gealltanas. Chuireamar i láthair Straitéis Chuimsitheach an Aontais maidir le Cearta an Linbh agus an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, dhá rud a forbraíodh in éineacht le leanaí, ar mhaithe le leanaí.

Thosaíomar leis an bprionsabal gur cheart na cearta céanna a bheith ag gach leanbh san Eoraip agus ar fud an domhain, sin agus gur cheart dóibh maireachtáil saor ó idirdhealú, ó imeaglú agus ó fhoréigean de chineál ar bith.

Ní hamháin go bhfuil rún daingean againn cearta an linbh a chur chun cinn, ach seasamh leo freisin, agus iad a chomhlíonadh agus a bheith freagrach astu. I ndomhan atá ag athrú go tapa, bíonn tionchar díobhálach ar leanaí ag an bpaindéim, an bhochtaineacht agus an neamhionannas, an t-idirdhealú, coinbhleachtaí armtha, an t-athrú aeráide, agus an domhan fíorúil. Tá gníomhaíocht chomhchoiteann déanta againn lenár gcomhpháirtithe Eorpacha agus idirnáisiúnta agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta chun leanúint de chearta leanaí agus de cháilíocht shaol leanaí a neartú san Aontas agus níos faide i gcéin.

In ainneoin an dul chun cinn atá déanta, ní mór dúinn a aithint gur dúshlán suntasach fós é an foréigean in aghaidh leanaí laistigh agus lasmuigh den Aontas. Léiríonn staitisticí a phráinní atá ár misean. Mar shampla: tugann an fhianaise atá ann le fios go bhfulaingíonn 20% de leanaí san Eoraip mí-úsáid ghnéasach de chineál éigin, gurb é féinmharú an dara cúis bháis is mó i measc daoine óga idir 15 – 19 mbliana d’aois, agus gur thuairiscigh 29% de leanaí 15 bliana d’aois go ndearnadh bulaíocht orthu go minic. Dar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, fulaingíonn leath de leanaí an domhain foréigean de chineál éigin gach bliain.

Is féidir le foréigean in aghaidh leanaí costas suas le 8% de OTI an domhain a chur ar gheilleagair. Bíonn tionchar níos mó ag gníomhaíochtaí, agus neamhghníomhaíochtaí, rialtas ar leanaí ná ar aon ghrúpa eile sa tsochaí.

Is riachtanas dlíthiúil agus morálta araon é iad a chosaint.

Is infheistíocht straitéiseach fhadtéarmach é inár sochaí freisin.

Chuir an staid sin iallach orainn Moladh ón gCoimisiún maidir le Córais Chomhtháite um Chosaint Leanaí a fhorbairt agus a ghlacadh. Ní hé gur doiciméad beartais eile amháin atá sa chloch mhíle seo — is toradh é ar iarrachtaí dianseasmhacha chun a chinntiú go ndéanfar ceart gach linbh chun timpeallacht shábháilte agus chothaitheach a fhíorú.

Leis an Moladh sin, iarrtar cur chuige cuimsitheach lena gcuimsítear cosc, cosaint agus rannpháirtíocht agus lena gcinnteofar go mbeidh córais cosanta leanaí láidir agus freagrúil ar riachtanais éagsúla gach linbh.

Tá an cur chuige sin ríthábhachtach agus muid ag dul i ngleic le dúshláin leanúnacha, cuir i gcás mí-úsáid ghnéasach leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí ar líne, eisiamh socheacnamaíoch, cosaint leanaí san imirce, agus tionchair leanúnacha phaindéim COVID-19 ar mheabhairshláinte agus ar shábháilteacht.

Tá ár ngníomhaíochtaí bunaithe ar phrionsabal atá simplí ach cumhachtach: ‘Ná déan dada dúinn gan muid a bheith rannpháirteach ann.’ Agus úsáid á baint as an Ardán nua um Rannpháirtíocht Leanaí a seoladh cúpla mí ó shin, chuidigh breis agus 1,000 leanbh go gníomhach cheana féin beartais a dhéanann difear dóibh a mhúnlú. Idir an tsábháilteacht dhigiteach agus an bhulaíocht agus an mhí-úsáid ar líne agus as líne a chomhrac, chomh maith le foréigean ar scoil agus staid leanaí i gcúram malartach. Ní hamháin gur chuir an méid a bhí le rá acu leis an tuiscint atá againn ach, chomh maith leis sin, stiúir siad an tAontas i dtreo beartais atá níos dírithe ar leanaí.

Na staitisticí maidir le foréigean in aghaidh leanaí, ní figiúirí amháin iad; léiriú iad ar shaol daoine aonair agus ar a bhfuil i ndán dóibh, saol a bhfuilimid tiomanta feabhas a chur air trí ghníomhaíocht dheimhneach agus trí chórais tacaíochta chomhtháite le cur chuige uile-shochaí.

De réir mar a théimid ar aghaidh, tá sé d’aidhm ag ár Moladh an creat atá ann faoi láthair a dhaingniú trí chomhar níos fearr a chothú i measc na mBallstát, trí leithdháileadh acmhainní a fheabhsú, agus trína chinntiú go mbeidh ár n-athchóirithe dlíthiúla agus beartais ina bhfíorchosaintí.

Má bhreathnaímid siar, fágann an dul chun cinn atá déanta ag an gCoimisiún seo maidir le cearta agus cosaintí leanaí a chur chun cinn oidhreacht a sháraíonn timthriallta polaitiúla.

Is éacht comhchoiteann é agus ní hamháin go bhfeabhsaíonn sé an chosaint ach cumhachtaíonn sé na saoránaigh is óige, rud a spreagann a rannpháirtíocht ghníomhach dhaonlathach chun sochaí níos córa agus níos cothroime a mhúnlú.

Ní mór leanúint den obair sin.

Tá bóthar fada romhainn fós chun ár Straitéis um Chearta Leanaí a fhíorú do gach leanbh, i ngach áit, ach is cúis mhór áthais dom an dul chun cinn atá déanta againn.

Níor bhain ár gcuid oibre riamh le réitigh ghearrthéarmacha, ach an bealach a réiteach don athrú inbhuanaithe — fís a leanfaidh de thiomantas an Choimisiúin do chearta leanaí a threorú, rud a chinnteoidh nach bhfágfar aon leanbh ar lár.

Fág freagra ar 'Dúshlán mór i gcónaí é an foréigean in aghaidh leanaí'