An Oifig Fiontair Áitiúil
Is í an Oifig Fiontair Áitiúil an tIonad Ilfhreastail le haghaidh aon duine atá ag iarraidh teacht ar eolas agus tacaíocht i dtaobh gnó a thosú nó a mhéadú in Éirinn.
Tá comhairle, eolas agus tacaíocht ar fáil duit san Oifig Fiontair Áitiúil agus tú ag iarraidh do ghnó a thosú nó a mhéadú.
Tá 31 foireann thiomanta ag feidhmiú ag na hOifigí Fiontair Áitiúil sna húdaráis áitiúla ar fud na hÉireann agus an-chuid taithí, scileanna agus seirbhísí dá réir ar fáil duitse.
Tá an Oifig Fiontair Áitiúil ann ar mhaithe le daoine atá ag iarraidh gnólacht nua a thosú nó daoine atá i mbun gnó cheana féin; áirítear orthu sin fiontraithe, tionscnóirí luathchéime, gnólachtaí nua-thionscanta agus gnólachtaí beaga atá ag iarraidh méadú.
An Fhís Atá Againn:
Tuilleadh gnólachtaí nua-thionscanta, tuilleadh gnó agus tuilleadh jabanna sna ceantair áitiúla.
An Ról Atá Againn: Cabhrú Leatsa do Smaoineamh Gnó a Thabhairt i gCrích
- Forbairt na fiontraíochta áitiúla a chur chun tosaigh go gníomhach, mionghnólachtaí agus gnólachtaí beaga áitiúla a chur i gceartlár na hoibre as a gcruthaítear jabanna in Éirinn.
- Tacaíocht ghníomhach agus cúnamh a thabhairt do ghnólachtaí nua-thionscanta agus meon ‘is féidir linn’ a chur chun cinn i gcultúr gnó na tíre.
- Méadú a chur ar acmhainn mionghnólachtaí agus gnólachtaí beaga jabanna a chruthú.
- Méadú a chur ar líon na ngnólachtaí nuálacha a bhféadfadh acmhainn easpórtála a bheith iontu.
- Oibriú ar bhealach réamhghníomhach i dtaobh riachtanais ár gcliant.
Tacaíochtaí agus Seirbhísí:
- Tugaimid cúnamh díreach airgeadais do mhionghnólachtaí.* Is ionann mionghnólachtaí agus gnólachtaí a bhfuil deichniúr (10) fostaithe nó faoina bhun sin ag obair iontu. *Baineann critéir cháilitheachta leis.
- Cuirimid comhairle ar ghnólachtaí i dtaobh deiseanna eile ar chistiú airgid.
- Cuirimid eolas ar fáil i dtaobh cúrsaí gnó, seirbhísí comhairleacha agus tacaíocht fiontraíochta.
- Cuirimid scoth na hoiliúna ort ionas gur féidir le do ghnólacht an beart a dhéanamh; áirítear ar an oiliúint sin Do Ghnó Féin a Chur ar Bun, Do Ghnó a Bhainistiú e.g. Margaíocht, Díolacháin, Bainistíocht Airgeadais, Straitéis agus Pleanáil Gnó.
- Tá meantóirí againn a chuirfidh comhairle ort – saineolaithe a bhfuil taithí na mblianta acu.
- Cuirimid ar an eolas thú faoi na seirbhísí is mó a chabhróidh leat do ghnólacht a fhorbairt agus a mhéadú.
- Cuirimid comhairle ort maidir le rialacháin údaráis áitiúil, cúrsaí pleanála, cúrsaí inrochtaineachta, cúrsaí comhshaoil, cúrsaí soláthair agus nithe eile a gcaithfidh do ghnólacht déileáil leo.
- Déanaimid ceangal idir do ghnólachtsa agus na hacmhainní Stáit cuí; orthu sin tá gníomhaireachtaí ar nós:
– an Roinn Coimirce Sóisialaí: Tacaíochtaí Fiontraíochta
– Microfinance Ireland: Iasachtaí Gnó
– na Coimisinéirí Ioncaim: an Scéim Síolchaipitil
– Boird Oideachais agus Oiliúna: Cúrsaí Oiliúna Gnó
– an Oifig um Athbhreithniú Creidmheasa: nuair a dhiúltaíonn do bhanc creidmheas a thabhairt duit
- Cruthaímid conairí forchéimnithe chuig Fiontraíocht Éireann le haghaidh gnólachtaí a bhfuil an-acmhainn fáis iontu.
- Cuirimid comhairle ar ghnólachtaí nua-thionscanta agus ar ghnólachtaí atá ag méadú i dtaobh cóiríocht oifige agus foirgnimh sna ceantair áitiúla.
- Eagraímid eochairócáidí fiontraíochta.
- Déanaimid éascaíocht do líonrú éifeachtach i measc lucht gnó.
- Déanaimid oideachas fiontraíochta a chur chun cinn sa phobal áitiúil.
- Ar ár suíomh gréasáin – www.localenterprise.ie/tipperary– tá teacht ar eolas faoi na tacaíochtaí agus na seirbhísí a chuirimid ar fáil.
Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Oifig Fiontair Áitiúil Thiobraid Árann'