GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Na céadta teach i bhFine Gall ar fáil le ceannach ar chostas laghdaithe faoin Scéim Tithíochta Inacmhainne

Beidh na tithe seo ar fáil ar phraghas laghdaithe do cheannaitheoirí atá ag iarraidh teach nuathógtha a cheannach ach a bhfuil orthu an bhearna a líonadh idir a morgáiste agus an éarlais uathu maidir le lán-phraghas iomlán an tí

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Na céadta teach i bhFine Gall ar fáil le ceannach ar chostas laghdaithe faoin Scéim Tithíochta Inacmhainne

An Ceannaitheoir Céaduaire nó Ceannaitheoir Tús Nua thú? Cuireann sé áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil na céadta teach i bhFine Gall ar fáil le ceannach faoin Scéim Tithíochta Inacmhainne. Beidh na tithe seo ar fáil ar phraghas laghdaithe do cheannaitheoirí atá ag iarraidh teach nuathógtha a cheannach ach a bhfuil orthu an bhearna idir a morgáiste agus an éarlais uathu maidir le lan-phraghas iomlán an tí a líonadh.

Tá os cionn 450 teach á dtairiscint ag Comhairle Contae Fhine Gall sa bhliain 2024 agus 339 teach acu le ceannach ar fud an chontae agus ar oscailt le haghaidh iarratais orthu mar atá luaite thíos:

Contae Átha Cliath Thuaidh – 16 theach ar díol faoi Shocruithe Ceannaigh Tithíochta Inacmhainne agus iad scaipthe ar fud Chontae Átha Cliath Thuaidh.

180 teach inacmhainne ar fáil ag Goirt an Teampaill i Mullach Eadrad, Baile Átha Cliath 15, 59 réadmhaoin dhá sheomra leapa agus 121 réadmhaoin trí sheomra leapa.

Balmoston, Baile Mastúin, Domhnach Bat, 86 theach inacmhainne ar fáil, 34 aonad dhá sheomra leapa agus 52 aonad trí sheomra leapa.

Ard Bhaile Amhlaoibh i Lána Uí Láimhín, Lusca, 21 theach inacmhainne ar fáil, 15 réadmhaoin dhá sheomra leapa agus 6 réadmhaoin trí sheomra leapa.

36 teach inacmhainne á dtairiscint ag Garrán Chill Mhártain i mBaile Átha Cliath 15, 22 aonad dhá sheomra leapa lár sraithe agus 14 aonad lár sraithe trí sheomra leapa.

Glacfar le hiarratais trí thairseach iarratais ar líne ag tosú ó 12 meán lae ar an 26 Aibreán 2024 le haghaidh 16 theach atá ar díol ar fud Chontae Átha Cliath Thuaidh faoi Shocruithe Ceannaigh Tithíochta Inacmhainne. Tá na tithe atá ar fáil le ceannach lonnaithe sna Forbairtí seo a leanas: Gleann na Muilleoirí, Sord (6 theach); Baile na Móna, Sord (2 theach); Bóthar an Stáisiúin, Lusca (3 theach); Na Peadaic, Domhnach Bat (3 theach); agus Ascaill an Choláiste, Belcamp (2 theach). Praghasraon an 2 sheomra leapa ó €300,000, an 3 Sheomra Leapa ó €370,000 agus an 4 Sheomra Leapa ó €450,000

Osclófar dhá scéim eile ag Sruthán Mhic Liam, Baile an Alabhóidigh, Baile Átha Cliath 15 agus ag Páirc na nAstar, An Ros, sna 4 seachtaine amach romhainn.

Ghlac Comhairle Contae Fhine Gall le GEM Construction maidir le180 teach a sholáthar i nGoirt an Teampaill, Mullach Eadrad, Baile Átha Cliath 15. Cuimsíonn an scéim 59 Teach 2 Leaba ó €263,500 agus 121 Teach 3 Leaba ó €315,000. Osclaíodh clárú don scéim seo ar an tairseach Dé Máirt an 9 Aibreán.

I gcomhar le comhlacht Glenveagh, tá 86 teach inacmhainne ar fáil i mBalmoston, Baile Mastún, Domhnach Bat, Co. Átha Cliath, le 34 Teach 2 Leaba ó €299k agus 52 Teach 3 Leaba ó €310k. Osclaíodh clárú do na tithe seo Dé Máirt an 16 Aibreán.

Tá 36 theach i nGarrán Chill Mhártain, Baile an Alabhóidigh, Baile Átha Cliath 15 oscailte le haghaidh iarratas freisin, 22 aonad lár sraithe 2 leaba ó €315k agus 14 aonad lár sraithe 3 leaba ó €345k. Tá 21 teach inacmhainne arna seachadadh ag Lagan Homes ar fáil freisin in Ard Bhaile Amhlaoibh i Lána Uí Láimhín, Lusca, 15 teach 2 leaba agus 6 teach 3 leaba,

Cuirfear tithe breise ar fáil go luath freisin agus beagnach 500 beartaithe san iomlán. Mura bhfuil tú cinnte go gcáilíonn tú do Thithíocht Inacmhainne, nó más mian leat tuilleadh eolais a fheiceáil faoin bpróiseas, féach ar https://www.fingal.ie/AffordableHousing. Nuair a osclaítear tairseach nua um Thithíocht Inacmhainne, ní mór do gach Iarrthóir an próiseas clárúcháin a chríochnú agus clárú don Scéim ar leith sin, is cuma an ndearna siad iarratas ar aon scéim roimhe seo mar go bhfuil a naisc ar leith féin ag na tairseacha iarratais ar fad agus, dá bhrí sin, tá siad scartha óna chéile. Is féidir leat iarratas a dhéanamh freisin go gcuirfí ar ár liosta seoltaí thú, rud a ligeann dúinn foláireamh a thabhairt duit nuair a thagann tithe ar fáil.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy: “Tá an Scéim Tithíochta Inacmhainne ag tabhairt an deis dá thuilleadh daoine a dteach féin a cheannach. Léiríodh mórán suime sna scéimeanna atá ar díol cheana féin agus beidh áthas ar gach éinne go mbeidh tuilleadh tithe fós ar fáil le ceannach sna míonna amach romhainn.”

Dar le Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “D’oibrigh ár bhfoireann Tithíochta leis an Roinn Tithíochta, i gcomhar leis an nGníomhaireacht Forbartha Talún agus le gnólachtaí forbartha ar nós Glenveagh, GEM, Ballymore, Lagan, Gannon agus Manley chun soláthar suntasach tithíochta inacmhainne a chur ar fáil ar fud Fhine Gall. Tá scéimeanna tugtha chuig an margadh againn cheana féin, agus is iontach an rud é go mbeimid ag lorg iarratais ó úinéirí tí ionchasacha ar bheagnach 500 teach i 11 suíomh éagsúil ar fud Fhine Gall sna míonna atá romhainn.”

Séard a dúirt Paul Carroll, Stiúrthóir Eatramhach na Tithíochta de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall, ná: “Tá spriocanna againn faoin gclár Tithíocht do Chách maidir le ceannach agus le cíos ar chostas na dtithe inacmhainne a sheachadadh agus, ina leith sin, tá dul chun cinn sásúil á dhéanamh againn faoi láthair. Tá Scéim na Tithíochta Inacmhainne ag tabhairt seans réidh do dhaoine seilbh a fháil ar a dteach féin.”

Tá tuilleadh faisnéise faoin Scéim Tithíochta Inacmhainne le feiceáil ag HYPERLINK “https://www.fingal.ie/AffordableHousing” https://www.fingal.ie/AffordableHousing, áit ar féidir leat lán-eolas a fháil faoi gach scéim de réir mar a thagann sí ar fáil. Is féidir leat gach uasdátú a sheiceáil ar chanálacha ár gcuid Meán Sóisialta chomh maith.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Na céadta teach i bhFine Gall ar fáil le ceannach ar chostas laghdaithe faoin Scéim Tithíochta Inacmhainne'