Kneecap ar camchuairt, Ailbhe faoi agallamh, buaiteoirí Booker ag caint agus míolta móra á bhfaire

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh...

Kneecap ar camchuairt, Ailbhe faoi agallamh, buaiteoirí Booker ag caint agus míolta móra á bhfaire

CEOLCHOIRM

Dul chun cinn éachtach Kneecap

Beidh Kneecap, na rapálaithe Gaelacha as Béal Feirste, ar stáitse Vicar St i mBaile Átha Cliath trí oíche as a chéile an fómhar seo, léiriú eile ar an dul chun cinn éachtach atá á dhéanamh ag an mbanna ceoil is lú a thaitníonn leis an DUP. Chuir buachaillí an Tuaiscirt singil nua amach inné chomh maith dar teideal ‘Love Making’ agus é ar fáil ar na gnáthardáin.

Ar an 29-31 Deireadh Fómhair a bheidh Móglaí Bap, Mo Chara agus DJ Próvaí i Vicar Street mar chuid dá gcamchuairt dá gcéad albam, ‘Fine Art’, a bheidh ag teacht amach i mí an Mheithimh ar an lipéad Heavenly Recordings. Beidh siad le feiceáil chomh maith an samhradh seo ag Féile Ealaíon na Gaillimhe agus iad in Ollphuball na Féile ar an 18 Iúil.

Le déanaí, tharraing Kneecap amach as an mórfhéile cheoil SXSW in Texas na Stát Aontaithe mar agóid in aghaidh cheangal na féile le harm Mheiriceá agus comhlachtaí míleata agus mar ghníomh tacaíochta le muintir na Palaistíne. Beidh an scannán Kneecap, a insíonn scéal an bhanna a bhunaigh triúr cainteoirí Gaeilge as an Tuaisceart, le feiceáil sna pictiúrlanna mí Lúnasa.

Murar leor sin go léir, tá an dlí á chur acu ar Rialtas na Breataine as cinneadh stop a chur le deontas de chuid an British Phonographic Industry dár roghnaíodh iad. Cá bhfaigheann siad an t-am?

AGALLAIMH

 

Údar faoi agallaimh, sraith nua físeán le IMRAM & MoLI

Seolfar Údar faoi Agallamh, sraith gearrscannán ina gcuireann Cearbhall Ó Síocháin agallamh ar údair chomhaimseartha na Gaeilge ag ócáid ‘First Fridays’ ag 6:30 i.n. ar an Aoine, 3 Bealtaine i Músaem Litríochta na hÉireann. Agallamh leis an bhfile Ailbhe Ní Ghearbhuigh a chuirfidh tús leis an tsraith. Ciarraíoch í Ní Ghearbhuigh a bhfuil a cuid filíochta léite aici i bPáras, i Nua-Eabhrac, Montréal agus ar an mBuailtín. Bhuaigh a dán ‘Deireadh na Feide’ Corn Uí Néill sa mbliain 2012 agus roghnaíodh ‘Filleadh ar an gCathair’ mar Dhán Uachtarántacht an Aontais Eorpaigh in 2013. Bhain an dán céanna áit amach ar ghearrliosta RTÉ ‘A Poem for Ireland’. Tá trí chnuasach curtha amach aici agus Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile, a foilsíodh in 2022 an ceann is déanaí acu.

Cloisfear na scríbhneoirí Louis de Paor, Anna Heussaff, Marcus Mac Conghail agus Ré Ó Laighléis sa tsraith seo freisin, agus iad ag caint faoina saothar, céard a spreag iad le dul i mbun scríbhneoireachta agus a bhfuil i ndán dóibh.

IMRAM i gcomhar le Músaem Litríochta na hÉireann [MOLI], le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon atá ag cur na sraithe i láthair.

Cead isteach in aisce, ach ticéad le cur in áirithe roimh ré. Is féidir sin a dhéanamh anseo.

 

Cainteanna le hÉireannaigh a bhfuil Duais Booker buaite acu

Beidh ceiliúradh á dhéanamh ar Éireannaigh a bhfuil Duais Booker buaite acu mar chuid de shraith nua cainteanna a bheidh ar bun i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Beidh an dara hoíche sa tsraith ar bun ar an Mháirt, 7 Bealtaine, i dteannta an scríbhneora John Banville. Léifidh Banville as a leabhar The Sea, a bhuaigh an Booker sa mbliain 2005, agus beidh sé ag comhrá le Claire Kilroy ina dhiaidh sin.

Leanfar leis an tsraith ar an 14 Bealtaine agus Anne Enright ag léamh ó The Gathering an leabhar a bhuaigh an duais di sa mbliain 2007 agus is í an scríbhneoir Nuala O’Connor a bheidh sa gcathaoir.

Beidh Roddy Doyle, a bhuaigh an duais i 1993 dá leabhar Paddy Clark Ha Ha Ha ag léamh ar an 14 Meitheamh agus é ag comhrá le Rob Doyle.

Deir léiritheoir na sraithe, Alan Hayes ó na foilsitheoirí Arlen House, go bhfuil ardmheas go hidirnáisiúnta ar litríocht na hÉireann agus é tuillte go maith aici.

Tá cead isteach saor in aisce ag na cainteanna seo ach is gá ticéad a chur in áirithe roimh ré. Beidh na háirithintí á n-oscailt de réir a chéile do na hoícheanta éagsúla.

ÓCÁID

Lá Fairtheoireachta Míolta Móra 2024

Tá Grúpa Faire Mhíolta Móra agus Deilfeanna in Éirinn (IWDG) ag cur Lá Fairtheoireachta Míolta Móra 2024 ar bun ar an Satharn, 18 Bealtaine idir 5:00 i.n. agus 7:00 i.n. Seo é an dara bliain is fichead den ócáid bhliantúil ina gcuirtear fairí treoraithe ar fáil saor in aisce ag pointí faire ó cheann ceann na tíre.

Beidh 11 ionad faire ar fad cois cladaigh ar fud na tíre mar a ndéanfar taifead ar an méid a fheicfear an lá sin chun léargas a thabhairt ar ghníomhaíocht na míolta móra amach ó chósta na hÉireann i rith an fhaire.

Ar ndóigh, ní féidir a bheith cinnte go bhfeicfear aon rud an lá sin ach má bhíonn an tráthnóna go breá, deir an lucht eagraithe go bhfuil seans maith ann go bhfeicfear roinnt speiceas áitiúil.

Tá an an Grúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna [IWDG] ag moladh do dhaoine ar mhaith leo páirt a ghlacadh san ócáid na héadaí cuí a chaitheamh in oiriúint don aimsir an lá sin. Níl aon turas báid i gceist don fhairtheoireacht seo mar is ag breathnú amach ar an bhfarraige ón gcósta a bheidh an lucht faire. Tabhair leat na gloiní déshúileacha má tá siad agat.

Tá láithreacha éagsúla ar fud na tíre roghnaithe agus áiteanna luaite le bualadh leis na treoraithe a bheidh ar dualgas an tráthnóna sin don ócáid.

Tá liosta na n-áiteanna agus na n-amanna le fáil ar shuíomh idirlín an IWDG anseo.

Fág freagra ar 'Kneecap ar camchuairt, Ailbhe faoi agallamh, buaiteoirí Booker ag caint agus míolta móra á bhfaire'