Chas Gaeilgeoirí ar an mBéarla chun bréagaisnéis chlúmhillteach a scaipeadh fúm

Scaip trí chuntas éagsúla ar Facebook líomhaintí bréagacha i mo choinne mar dhíoltas faoi scéal a nocht mé a tharraing droch-chlú ar eagraíocht i saol na Gaeilge

Chas Gaeilgeoirí ar an mBéarla chun bréagaisnéis chlúmhillteach a scaipeadh fúm

Deir an Tánaiste Micheál Martin gur ar leas an phobail a ghlac sé cás dlí i gcoinne Google faoi fhógraí bréagacha. D’ordaigh an Ard-Chúirt don chomhlacht ilnáisiúnta eolas faoi na fógraí a sholáthar dó. Chuir sé i gcuimhne dom mo thaithí féin cúpla bliain ó shin faoi líomhaintí bréagacha a bheith á scaipeadh ag daoine anaithnide fúm ar líne.

Scaip trí chuntas éagsúla ar Facebook líomhaintí bréagacha i mo choinne mar dhíoltas faoi scéal a nocht mé a tharraing droch-chlú ar eagraíocht nó institiúid i saol na Gaeilge nó na Gaeltachta. Thagair na cuntais go sonrach don scéal fírinneach cruinn a bhí tugtha chun solais agam agus iad dom ionsaí le líomhaintí bréagacha. Bhí na teachtaireachtaí ar fad i mBéarla. Tá sé de nós ag Gaeilgeoirí a bhíonn i mbun bréagaisnéise nó trollála casadh ar an mBéarla den chuid is mó chun é a dhéanamh.

Ní raibh na líomhaintí bréagacha i gcás dhá cheann de na cuntais róshofaisticiúil agus ní raibh na cumadóirí rómhaith ag ceilt cérbh iad fhéin. Fuaireas amach gur duine a bhíodh ag feidhmiú mar shíceach ar feadh tamall de bhlianta ab ea duine acu ach ba léir nár thuar sé go bhfaighinn amach cé hé fhéin. Bhí sé cairdiúil ar na meáin shóisialta le duine san eagraíocht/institiúid a raibh mé tar éis an scéal a dhéanamh fúthu, ach ní hionann sin is a rá go raibh baint ar bith ag an duine sin nó ag an eagraíocht/Institiúid leis an iarracht smál a chaitheamh orm.

Ach ba scéal difriúil an tríú cuntas. Ar an gcéad amharc bhí cuma an fhíorchuntais air – ainm Gaelach agus grianghraf mná leis. Ba chuntas é a bhí ag feidhmiú le tamall. Bhí an líomhain i mo choinne an-sonrach agus ba léir go raibh eolas áirithe ag an duine fúm agus faoi mo mhuintir. Cuireadh i mo leith gur choimeád mé scannal a bhain le scoil ina bhfuil mo dheartháir ina phríomhoide amach as na meáin chumarsáide. Agus úsáideadh an scéal bréagach sin chun fimíneacht a chur i mo leith faoi bheith ag scaipeadh scéal a tharraing droch-chlú ar institiúid nó eagraíocht eile i saol na Gaeilge. Níor míníodh conas a bhí sé de chumhacht agamsa an scannal ficseanúil seo a choimeád amach as na meáin chumarsáide trí chéile, fiú cinn nach raibh aon bhaint agam leo. Ba léir tar éis roinnt tochailte gur cuntas bréige réasúnta sofaisticiúil a bhí ann. Aimsíodh grianghraf na mná ar shuíomh clinic fiaclóra i Meiriceá ag léiriú cé chomh geal agus bán agus a bheadh d’fhiacla ach coinne a dhéanamh leo.

Níor éirigh liom teacht ar leid ar bith a nochtfadh fíor-ainm úinéir an chuntais agus ba léir go rabhthas tar éis an cuntas a úsáid chun daoine eile a ionsaí roimhe seo. Caithfidh mé a admháil gur ghoill sé orm an t-am sin go gcuirfeadh duine éigin a raibh eolas acu fúm an oiread sin dua orthu fhéin chun iarracht a dhéanamh dochar a dhéanamh dom. Tá ciall cheannaithe agam ó shin i leith áfach mar níorbh é sin an uair dheireanach ar scaipeadh líomhaintí bréagacha fúm ar líne.

Go teoiriciúil is féidir iarraidh ar an Ard-Chúirt iachall a chur ar na comhlachtaí idirlín ainmneacha agus sonraí daoine atá i mbun a leithéid de chlúmhilleadh a chur ar fáil – mar a rinne an Tánaiste. Ach i ndáiríre níorbh rogha réalaíoch é sin i mo chás fhéin ar bhonn costais agus ar bhonn trioblóide. Turas chun na hArd-Chúirte ar mhaithe le teachtaireacht a chonaic ar a mhéad cúpla céad duine? Agus gan aon bharántas go bhfaighfí amach ón eolas a chuirfeadh Facebook ar fáil cé hé nó hí an fealltóir? Agus fiú dá bhfaighfí amach an t-ainm, an raibh mé le cás clúmhillte ar chostas ard a thionscnamh i gcoinne an duine sin ar mhaithe le teachtaireacht nimhneach amháin ar Facebook?

Labhair mé le hiriseoir a ghlac cás clúmhillte agus a bhuaigh é. Ina ainneoin sin áfach dúirt sé liom nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid agus nach ndéanfadh sé riamh arís é mar gheall ar an strus a chuir sé air. Is fadhb i bhfad níos mó í an bhréagaisnéis dár sochaí agus dár ndaonlathas ná cúpla teachtaireacht nimhneach ag baint díoltais amach ar iriseoir. Ach tá an córas mar atá claonta go mór i gcoinne gnáthshaoránach faoina scaiptear eolas bréagach agus clúmhillteach ar líne. Beidh deis ag an Oireachtas rud éigin a dhéanamh faoi agus an bille chun leasú a dhéanamh ar na dlíthe clúmhillte ag teacht os a gcomhair.

Tá beartais molta ann ionas go mbeadh sé níos saoire agus níos tapúla ordú cúirte a fháil chun go mbainfí anuas ábhar clúmhillteach agus go gcuirfí eolas ar fáil faoin té a chum é. Beidh sé seo go maith do dhaoine a bhfuil feachtas leanúnach clúmhillte ar bun ina gcoinne ach fós fhéin ní dóigh liom gur fiú an tairbhe an trioblóid i gcásanna cosúil leis na cinn a tharla dom. Mar a dúirt an t-iriseoir a ghlac an cás clúmhillte liom: ‘Tá a fhios agatsa gur bréaga iad, tá a fhios ag do mhuintir gur bréaga iad, tá a fhios ag do chomhghleacaithe gur bréaga iad, éinne a bhfuil aithne acu ort beidh a fhios acu gur bréaga iad, agus éinne a chreidfeadh a leithéid de scéal ar na meáin shóisialta, ní fiú a bheith buartha faoina dtuairim pé scéal é.’

Fág freagra ar 'Chas Gaeilgeoirí ar an mBéarla chun bréagaisnéis chlúmhillteach a scaipeadh fúm'

  • Máire

    Is dabhach séarachais iad na meáin shóisialta.