Níl aon tinteán mar do thinteán féin, agus is amhlaidh san fhicsean 

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Léiríonn tithe an dúrud faoi na daoine a bhfuil cónaí acu iontu, agus dá bharr sin is fiú dua ar leith a chaitheamh leis an gcur síos orthu

Níl aon tinteán mar do thinteán féin, agus is amhlaidh san fhicsean 

Lá breá amháin nuair a bhí mé cúig bliana d’aois bhog mé isteach sa seomra folctha.

Ní hé atá mé a rá gur thóg mé i bhfad faoin gcith. Bhailigh mé mo chuid bréagán, mo philiúr agus mo bhraillíní agus rinne leaba dom féin san fholcadán.

Ba é an chaoi go raibh mé tar éis seomra codlata a roinnt le mo dheartháir óg ar feadh bliain go leith roimhe sin, tréimhse a chaith mo (leath)dheirfiúr mhór ina cónaí linn. Bhí sise díreach tar éis an Ardteist a dhéanamh agus bhí sí tar éis bogadh go dtí an chathair mhór cúpla seachtain roimhe sin – ach ar chúis éigin ní raibh sé de mhisneach agam seilbh a ghlacadh ar an seomra folamh a d’fhág sí ina diaidh.

Céard a deir an méid sin faoi mo phearsantacht?

Agus céard a deir sé faoi phearsantachtaí mo thuismitheoirí nár chuimhnigh siad féin ar sheomraí dá gcuid féin a thabhairt dá mbeirt mhac, cé go raibh seomra folamh sa teach?

Agus céard a deir sé faoi phearsantachtaí mo thuismitheoirí gur roghnaigh siad an bealach éasca an tráthnóna sin ar bhog mé isteach sa seomra folctha?

Ar a laghad, thuig siad go raibh spás de mo chuid féin ag teastáil uaim agus go raibh cinneadh le déanamh. Ach in ionad athroinnt ó bhonn a dhéanamh ar na seomraí codlata d’iarr siad ormsa bogadh isteach sa seomra a fágadh folamh, rud a d’fhág gur agamsa – an duine is sine dá mbeirt mhac – a fágadh an seomra codlata is lú sa teach agus go raibh seomra breá fairsing dó féin amháin ag an duine is óige. Go hiondúil, is é a mhalairt a tharlódh.

Ní hé go bhfuil an scéal sin fós ag cur isteach orm dhá scór bliain níos déanaí (agus cuireadh an éagóir ina ceart nuair a rinneadh athchóiriú ar an teach cúpla bliain ina dhiaidh sin) ach tá spéis agam sna ceisteanna thuas mar scríbhneoir ficsin.

Léiríonn tithe an dúrud faoi na daoine a bhfuil cónaí orthu iontu, agus dá bharr sin is fiú don scríbhneoir dua ar leith a chaitheamh leis an gcur síos ar áitribh a chuid carachtar.

Cén fáth a gcodlaíonn carachtar X i seomra Y?

An bhfuil páipéar le patrún bláthanna ar na ballaí sa seomra sin nó póstaeir de réaltaí hip-hop?

Céard a thug ar charachtar Z péint dhubh a chur ar bhallaí a seomra sise, ó urlár go síleáil?

Agus céard faoin gcistin, an mbíonn boladh cáca baile inti gach maidin nó an mbíonn carn soithí sa doirteal ó dhubh go dubh? Nó an dá rud?

B’fhéidir go bhfuil seomra sa teach a bhfuil feidhm ar leith aige. Oifig do thuismitheoir a bhíonn ag obair ón mbaile? Stiúideo potadóireachta? Seomra dorcha chun cluichí BDSM a imirt ann?

Agus céard faoin taobh amuigh? An bhfuil péint mhagnóilia ar na ballaí nó dath a léireodh pearsantacht rud beag níos cruthaithí? Agus an bhfuil boladh na péinte fós san aer nó an bhfuil caonach liath ar na ballaí agus féar ag fás sa gháitéar?

An bhfuil gairdín ann, agus má tá, céard atá ag fás ann? Bláthanna? Glasraí? Nó gairbhéal agus leaca coincréite?

Agus céard faoin gcomharsanacht? An bhfuil an teach leis féin ar leitir shléibhe, an bhfuil sé lonnaithe in eastát tithíochta, nó an árasán i dtúr spéire atá i gceist?

B’fhéidir go bhfuil teach ar cheithre roth ag carachtar éigin – nó an é an chaoi nach bhfuil áit chónaithe aige nó aici ar chor ar bith?

Pé áitreabh a thabharfaidh scríbhneoir dá chuid carachtar ficseanúil, ní mór dó am agus dua a chaitheamh leis an gcur síos. Is fiú breathnú ar an gcuid sin den obair ní hamháin mar chur síos ar láthair an scéil, ach mar léiriú ar phearsantachtaí na gcarachtar.

Fág freagra ar 'Níl aon tinteán mar do thinteán féin, agus is amhlaidh san fhicsean '

  • Pádraig O'hEipicín

    Níl aon tóin tinn mar do thóin tinn féin.