Stelios Kyriakides – an fear a rith ‘ar son na Gréige’

Nuair a reáchtálfar Cluichí Oilimpeacha an samhradh seo, tabharfar chun cuimhne sa Ghréig laoch a shábháil na mílte agus a thug misneach do phobal cráite na tíre

Stelios Kyriakides – an fear a rith ‘ar son na Gréige’

 Ní féidir é a shéanadh – tá na cuimhneacháin chuile áit thart ort sa gcathair – ach is í An Aithin croílár na gCluichí Oilimpeacha. Thuas ar an ard ag breathnú anuas ar an gcathair atá an chuimhne is sine, an Acropolis. Is chuig an spota seo a rith an chéad reathaí maratóin riamh, Pheidippides, sa mbliain 490 R.C. agus é ag fógairt an scéil go raibh an cath in aghaidh na bPeirseach buaite.

Agus ansin i lár na hAithne, tá an staid Oilimpeach a tógadh nuair a atosaíodh na Cluichí sa mbliain 1896 – an t-aon staid ar domhan a tógadh as marmar. Láthair thurasóireachta agus ionad coirmeacha ceoil anois é, cé gur féidir rith timpeall an chúrsa má cheadaítear é sin duit.

Nuair a bheas na Cluichí Oilimpeacha ar siúl an samhradh seo, beidh muintir na Gréige ag smaoineamh air sin ar fad. Ach cuimhneofar freisin ar fhear a rith ar son na Gréige sna Cluichí ach nár bhuaigh aon bhonn Oilimpeach ariamh.

Nuair a bhuaigh Stylianos (Stelios) Kyriakides rás an mharatóin sa mbliain 1946, ní ag na Cluichí a bhí sé ach i gcathair Bhostúin Mheiriceá – agus tá cáil air ó shin i Meiriceá agus sa Ghréig i ngeall ar an méid a bhain sé amach leis an mbua sin.

Rugadh Kyriakides ar oileán na Cipire sa mbliain 1910. Ba ansin a thosaigh sé ag rith. Bhí muintir an oileáin beo bocht agus is beag cúnamh ná traenáil a fuair Stelios. Théadh sé amach san oíche ag rith cois na trá i Limassol.

Agus arís, nuair a thosaigh sé ag rith sa Ghréig, bhíodh daoine ag caitheamh anuas air agus ag rá leis nach n-éireodh leis go deo rás a bhuachtáil. Choinnigh sé air mar sin féin, agus bhain sé Craobh Náisiúnta an Mharatóin, rud a choinnigh sé go dtí 1968. Dhírigh sé a aird ansin ar na Cluichí Oilimpeacha, i 1936.

Cuimhneoidh daoine ar na Cluichí a reáchtáladh i mBeirlín na Gearmáine i 1936, i ngeall ar an gceangal le Hitler agus na Naitsithe. Ach tá cúis eile go gcuimhnítear ar na cluichí sin sa nGréig.

D’éirigh le Kyriakides áit a bhaint amach ar fhoireann na Gréige agus é ag rith i rás an mharatóin. Níor éirigh leis bonn a bhaint, ach bhí tábhacht nach beag leis an rás sin agus ag ionadaíocht Kyriakides ann, blianta ina dhiaidh sin. Ba iad na Cluichí Oilimpeacha i mBeirlín a shábháil a bheatha.

Agus é ag rith i mBeirlín, casadh reathaí as Meiriceá air, Johnny Kelley. Thug seisean cuireadh dó teacht go Meiriceá agus páirt a ghlacadh sa rás Maratón ba mhó cáil ar domhan ag an am sin, Maratón Bostúin.

D’éirigh le Kyriakides dul go Bostún i 1938– rinne sé a chuid traenála ag siúl suas síos an deic ar an long a thug trasna an Atlantaigh é. Bhronn duine éicint a raibh trua aige don fhear bocht seo as an nGréig, péire nua bróga reatha air. Ach b’in an áit ar bhuail an mí-ádh é. Tháinig spuaiceanna ar a chosa agus ní raibh sé in ann an rás a chríochnú. Gheall sé do Kelley go bhfillfeadh sé agus go mbuafadh sé.

An bhliain dár gcionn a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda. Bhí an Ghréig ar cheann de na tíortha deireanacha san Eoraip a bhfuair an Ghearmáin agus tíortha na hAise [Ais Bheirlín, na Róimhe agus Tóiceo] an ceann is fearr orthu. Go deimhin, bhí tráth ann nach raibh ach an Bhreatain agus an Ghréig fós ag troid ina gcoinne.

Bhí an reathaí maratóin anois ina bhall den dream a throid go cróga sna sléibhte agus sna bailte beaga tuaithe, faoi cheilt.

Lá amháin i 1943, ghabh na Naitsithe grúpa 50 fear as baile beag agus bhíodar chun iad a chur chun báis. Ba rud é seo a rinneadar go minic mar dhíoltas dá marófaí fiú saighdiúir Gearmánach amháin. Trí sheans chonaic an t-oifigeach go raibh páipéar nó pas ó na cluichí Oilimpeacha i mBeirlín ag Kyriakides. Scaoil sé saor ar an bpointe é agus d’ordaigh nach gcuirfí isteach air arís. D’fhill an reathaí ar a bhaile agus ar a chuid gníomhaíochtaí frithNaitsíocha. Cuireadh an 49 fear eile chun báis ar an toirt. Ghoill sé sin air an chuid eile dá shaol.

Bhí an Ghréig i ndroch-chaoi tar éis an chogaidh. Bhí daoine ag fáil bháis leis an ocras, ar fud na tíre.

Smaoinigh an fear a bhí tráth ina reathaí, ar sheift. Chinn sé páirt a ghlacadh arís i Rás Bhostúin tar éis briseadh ocht mbliana, is gan aon traenáil cheart déanta aige. Agus d’úsáidfeadh sé an ócáid le hairgead agus soláthairtí bia a bhailiú dá thír dúchais.

An bhliain 1946 a bhí ann. Meastar gurb é Kyriakides a rith an chéad rás maratóin ‘carthanachta’ ariamh i mBostún.

Bhí Kyriakides faoin am seo 36 bliain d’aois agus é ag breathnú go hainnis ar fad. Go deimhin bhí cuma chomh holc sin air gur iarr na dochtúirí air páipéar a shaighneáil roimh ré ag maíomh nach bhfaighfí aon locht orthusan dá dtarlódh tada dó.

Bhí an rás idir dhá cheann na meá go dtí gar don líne dheiridh. Go tobann lig fear sa slua béic ag spreagadh fhear na Gréige – ‘For Greece, for your children!’ a bhéic sé. Thug sé sin misneach agus fuinneamh úr dó agus bhuaigh sé an rás in 2:29:27 – b’in 14 nóiméad níb fhearr ná an aon am a bhí rite aige féin go dtí sin.

Agus cé go raibh lúcháir an domhain ar mhuintir na Gréige, níor fhill sé ar an mbaile ar an bpointe. Chuaigh sé ar thuras timpeall na Stát Aontaithe agus bhailigh suas le 25,000 tonna soláthairtí cabhrach agus $250,000 in airgead tirim.

Ag filleadh ar an nGréig dó ina dhiaidh sin, tháinig milliún duine amach le fáiltiú roimhe. Lasadh soilse ar an séadchomhartha mór, an Acropolis ina onóir.

Tugadh duaiseanna agus onóracha móra dó sa nGréig agus thar lear. Thug Coiste Oilimpeach na Stát Aontaithe gradam speisialta dó agus tá taispeántas buan ‘Stylianos Kyriakides – Running for Mankind’ in onóir dó i Músaem Spóirt Massachusetts. Agus tá dealbh ar leith, ‘Spiorad an Mharatóin’, tógtha ina onóir in Hopkinton, Bostún. Nochtadh é in 2006, 60 bliain tar éis a éachta ar son a thír dhúchais.

Nuair a reáchtálfar Cluichí Oilimpeacha na bliana seo, 2024 i bPáras, beifear ag comóradh an chéad ‘rás’ a rith Pheidippides – deirtear gur rith sé thart ar 40 ciliméadar, chomh fada leis an Acropolis.

Ach ar fud na Gréige, agus áit ar bith ar domhan a bhfuil cónaí ar a sliocht, beidh siad ag cuimhneamh ar laoch eile – an reathaí ó oileán na Cipire a shábháil na mílte agus a thug misneach nua do phobal na tíre a bhí cráite ag an gcogadh.

Fuair Stelios Kyriakides bás san Aithin i 1987.

Fág freagra ar 'Stelios Kyriakides – an fear a rith ‘ar son na Gréige’'