Máire Mhac an tSaoi
Leabhar Breac €18
Fuireach fada an gheimhridh thart, na fáinleoga agus an chuach tagtha ar ais chugainn is iad ag tuineadh linn gan an misneach a chailleadh, go bhfuil an nádúr fós beo d’ainneoin útamáil is seachmall an duine. Nach beag an t-iontas nach áin le duine a bheith cuibhrithe i measc na leabhar.
Ach seo chugainn tabhartas a mheallfas isteach thú á alpadh, seoid eile faoi bhrat spéiriúil gorm ó Leabhar Breac, saothar atá teann as a chlúdach, teann as a mhianach is a dhúchas agus teann as a údarás.
Tuige nach mbeadh agus é ar an saothar deiridh ón bhfile réabhlóideach Máire Mhac an tSaoi. Ní go héasca a úsáidimse an focal sin ach ba réabhlóidí domsa Mac an tSaoi agus mé ag léamh nua-fhilíocht na Gaeilge im óige – bean a bhí neamhleithscéalach as a hintleacht, a tuairimí, a bua filíochta, a cuid léinn agus a cinntí saoil, taitníodh leat nó ná taitníodh. Níorbh olc mar eiseamláir i saol inar ceileadh cumas ban.
Leagan Nua-Ghaeilge ag Máire Mhac an tSaoi de thrí dhán mór le rá as an tSean- agus an Mheán-Ghaeilge atá sa leabhar dátheangach seo, cuid den Bhéarla déanta ag Máire agus an Béarla sa chló Iodálach déanta ag an eagarthóir file, Louis de Paor. Ba mhinic a chuala cumha á lua ag Máire go raibh Gaeilge á labhairt aici féin a bhí san uaigh leis an dream ónar chuala sí í agus nach mór againn a airíonn an stoiteachas céanna i bhfásach seo na giolcaireachta.
Ach is léir gur aimsigh Mac an tSaoi lamairne cuí agus í ar a compord ceart le triúr mórGhael an tsaothair seo agus an deis aici solúbthacht is lúfaireacht na Gaeilge a cheiliúradh leis an bhfilíocht bhinn shnoite fhocalbharainneach seo. Mar a deir sí i nóta chuig de Paor i 1999 ‘is ana-mhaith liom an obair’. Is “ana-mhaith” liomsa toradh na hoibre sin agus mé fíorbhuíoch gur cuireadh ar fáil dúinn uilig í.
‘Amhráin Amhairgin’ an chéad dán sa leabhar seo, tráthúil go leor más fíor gurbh é an chéad duine de Chlanna Míle a leag cos ar thalamh na hÉireann. Filíocht álainn Paddy Bushe is deireanaí a chuir mé féin sa tóir ar Amhairgean agus cé a shéanfadh gur spéisiúil an tóraíocht í. Is cumhachtach é laoi Amhairgin agus é ag teacht i dtír ar an oileán seo, aithneoidh tú a dhaonnacht agus do dhaonnacht fhéin ina fhéinanailís:
Mé deor-gréine;
Mé an caoineadas;
Mé torc-ar-ghail;
Mé eo-i-linn;
Mé loch-i-má;
Mé an t-íditheach
Mé brí an-dána;
Is mór is fiú do na filí nach ag obair don Ghúm a bhíodar sna seanlaethanta agus iad á n-íoc ar líon na bhfocal mar tá an fhilíocht seo chomh beacht, chomh sciomartha snoite ach í gan doiléire ná débhrí agus nach í Máire a thug léi í go feillbhinn:
Iascach muir,
Torthach tír
Rathú éisc –
Iasc ann, faoi thoinn –
Reatha éan,
Míolta ar leith,
Portach láighe.
Tá flaisc seo an rófhoclachais seachas na deismireachta faoi gheasa ag an teanga seo – í romham ansin ar an mbord le mo bhricfeasta mar a bheadh uibheacha fabergé ag glioscarnach ar phláta gorm.
Faoi gheasa freisin ag an smacht a bhí ag Máire Mhac an tSaoi ar a teanga agus ar a peann. ‘Do mheáigh do chách acu a cheart’ a rinne Amhairgean ina bhreith ach is amhlaidh a rinne Máire lena cuid focal – amhail saor cloiche níl sa leacht seo ach a raibh ag teastáil. Ní call don dea-cheardaí na froigisí.
An bhfuil aon duine beo (nó marbh) is mó a thuill áit sa seanchas ná An Chailleach Bhéarra, cuid de a bhuíochas don Phiarsach agus an dream ‘a dhíol a máthair’? Rinne Eavan Boland iarracht sin a leasú ach tá súil agam go mbeidh an leagan Nua-Ghaeilge dásachtach seo á léamh agus á aithris feasta. Dia nó bean rialta níl aon amhras ach gur bean í nach deas léi an tseanaois ná an t-ídiú ar a stádas is a slacht. Ní mó ná sin a gean ar an saol nua:
Maoin is ea
Charann sibhse is ní daoine;
San am gur mhaireamarna
Daoine isea charamarna.
Ar an bhfile a scríobh ‘Ceathrúintí Mháire Ní Ógáin’ a bhíos ag cuimhneamh agus leagan den seandán á nua-ghaeilgiú aici, déarfainn go raibh cáir go cluais uirthi.
Is iontach an saol agus an cumas a bhí sa gCailleach seo ina lá ach mo léan ‘Geimhreadh aoise sea bhánn cách’.
Tá fuacht is laige na seanaoise ina mbuarach uirthi ach níl blas aiféala uirthi faoi ragairne a hóige:
‘Chreimeas m’óige i dtosach
Baoch mé as an cinneadh rinneas’.
Tá mé féin ag guairdeall thart le seachtain agus an dán seo in rosc catha agam in aghaidh na támáilteachta!
Léigh é agus tuigfidh tú a chumhacht. Ná bac Dylan Thomas agus a chuid ‘rage against the dying of the light’!
Duine eile ón seanchas a thuilleann gean is caint é Colm Cille agus is tráthúil gurb é ‘Amhra Choilm Chille’ an tríú dán a chóirigh Máire do Ghaeilge na linne seo.
Spéisiúil go leor deirtear linn sna hiarnótaí fiúntacha go bhfuil an dán seo á bhaint de Dhallán Forgaill ag saineolaithe agus é á leagan dhá chéad bliain níos déanaí, tuairim nach dtagann le leagan an Ollaimh Henry a bhfuil cleachtadh againn air. Pé file a chum ní haon údar náire dó/di é agus má tá Mac an tSaoi ina c(h)omhluadar faoin tráth seo nach iad a bhainfeas ceart d’fhilíocht a chéile.
Paidir is aitheasc fileata atá sa marbhna seo a mholann Colm Cille go hard na spéartha – mar fhear carthanachta, coimirce, creidimh, eagna, físe, flaithiúlachta, gaoise is léinn:
‘Gearrshaolach dó,
Ba chaol a sháith.’
Is mór an chailliúint a bhás:
‘Is cruit gan chéis [é bheith in easnamh]’
Féach mar a mholtar a chineáltas agus a ghroíúlacht:
‘Ba dhíon é don nocht,
Ba dhíon ag bocht,
Ballán cíche na mbocht bea.’
Paidir atá ag an bhfile ag tús an dáin agus é ag iarraidh cúnamh ó Dhia sula gcuireann síos ar an gcumha i ndiaidh Choilm agus na tíolacthaí a bhain leis. Ní lúide an chumha sin Colm a bheith ‘ar dheis Shióin suite’ mar:
‘Is ón uair nach maireann, ní mairtear linne,
Ní leas anama é, ár saoi d’éag orainn.’
Ach i ndeireadh an dáin tá misneach aige gur cara sa gcúirt é Colm, a threoraí isteach go Sión
‘Bagróidh sé thar gach ríog mé,
[Ionas] gur réidh a chuirfead díom gach dubhaineamh.’
Is iomaí sin leabhar iontach álainn atá tagtha amach i nGaeilge le cúpla bliain ach is cinnte go mbeidh sé deacair an ceann seo a shárú ó thaobh slacht is scéimh an leabhair féin ach is luachmhaire fós an íocshláinte anama i bhfriotal agus i ngontacht ealaíonta Mhic an tSaoi a chothóidh andúil sa té is diantréanaí againn. Blais í.
Colette
An-alt ar fad.
Uair amháin in agallamh luaigh Máire Mhac a tSaoi an tábhacht a bhain lena cuairteanna rialta do “Gaeltacht na leabhar” mar fhoinse ionsparáide. Ba cheart dúinn go léir an rud céanna a dhéanamh. Is íontach an rud é go bhfuil leithéidí Leabhar Breac, Éabhlóid agus Cló Iarchonnachta atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag cur leabhair den scoth ar fáil dúinn.
Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)
Sarscríbhneoireacht ar fad – díreach iontach! Táimse buíoch thar barr as ucht a leithéid a léamh 7 mé go fóill ag foghlaim na Gaeilge :-)