‘D’fhreastail paraimíleataigh dhílseacha ar mo chuid ranganna Gaeilge’

Deir Linda Ervine nár chuimhnigh sí riamh éirí as cur chun cinn na Gaeilge in ainneoin gur bunaíodh feachtas fuatha ina coinne

‘D’fhreastail paraimíleataigh dhílseacha ar mo chuid ranganna Gaeilge’

Deir Linda Ervine, an gníomhaí teanga as oirthear Bhéal Feirste, go bhfuil paraimíleataigh dhílseacha i measc na ndaoine a d’fhreastail ar na ranganna Gaeilge a bhíonn á n-eagrú aici.

Agus í faoi agallamh in eagrán nua den tsraith Eamonn Mallie Face to Face a chraolfar ar UTV anocht, deir Linda Ervine gur fhreastail daoine ar na ranganna ar dhóigh leat nach mbeadh aon suim acu sa teanga.

“Ní thabharfaidh mé ainm aon duine ach tháinig baill d’eagraíochtaí paraimíleatacha dílseacha chun Gaeilge a fhoghlaim linn, chomh maith le daoine ó na fórsaí slándála.

“Bhí achan chineál duine againn, daoine nach mbeifeá ag súil go mbeadh aon spéis acu sa teanga.”

Deir Ervine chomh maith nár chuimhnigh sí riamh éirí as cur chun cinn na Gaeilge in ainneoin gur bhunaigh daoine mailíseacha feachtas fuatha ina coinne.

In 2021, bhí baint ag Linda Ervine le bunú Naíscoil na Seolta, an chéad naíscoil imeasctha Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste agus tá Scoil na Seolta, an chéad ghaelscoil in Oirthear Bhéal Feirste, á hoscailt an fómhar seo.

“Faraor nuair a chualathas faoi [bhunú na naíscoile] cuireadh tús le feachtas fuatha láithreach agus bhí sé doiligh. Bhí go leor stuif ar líne, go leor ar léiriú bréige a bhí ann ar an méad a bhí ar siúl againn.  Insíodh bréaga go leor, go bhfuair an scoil [Bunscoil Braniel] airgead as sinn a thabhairt isteach agus gach cineál raiméise.

“Cuireadh inár leith gur Sinn Féin a chuir tús linn agus go raibh muid ceangailte leo agus go mbeadh bratacha á mbaint anuas againn agus nach mbeadh cead máirseálacha, deargamaidí d’achan sórt.”

“Teaghlaigh muid as oirthear Bhéal Feirste, bhí go leor bagairtí agus stuif ar líne, rud a bhí crua.

“Ag tráth amháin forleagadh m’aghaidh agus seanmhana frith-Éireannach ar phóstaeir de chuid Shinn Féin a cuireadh suas ar fud eastát Braniel. Bhí eagla orm, ní raibh a fhios agam cén cuspóir a bhí acu nó cad é a tharlódh.

“Bagraíodh go ndófaí chun talún an scoil. Bhí eagla orm uaireanta ach níor smaoinigh mé riamh ar mo chúl a thabhairt dó.”

Beidh Linda Ervine faoi agallamh ar Eamonn Mallie Face to Face ar UTV anocht ag 10.45pm.

Fág freagra ar '‘D’fhreastail paraimíleataigh dhílseacha ar mo chuid ranganna Gaeilge’'

  • Fionnbarra

    “In ainneoin gur bhunaigh daoine mailíseacha feachtas fuatha ina coinne.” Tá siad ann go fairsing agus go fáilí fealltach sna ceithre harda, agus fiú san áit is lú go mbeifeá ag súil leo.
    Ach choinnigh sí uirthi, a chonách san uirthi mar níor chaill fear ná bean an mhisnigh riamh é.