FÍSEÁN: ‘Tá sé maslach agus tá díomá ceart orainn’ – Oifig an Phoist sa Rinn ag dúnadh inniu

Tráthnóna inniu, dúnfar den uair dheiridh Oifig an Phoist na Rinne, rud a fhágann go mbeidh ar mhuintir na Gaeltachta taisteal 10 gciliméadar go Dún Garbhán le seirbhís poist a fháil

FÍSEÁN: ‘Tá sé maslach agus tá díomá ceart orainn’ – Oifig an Phoist sa Rinn ag dúnadh inniu

Tá fearg agus díomá léirithe ag polaiteoirí agus muintir na Rinne faoin scéal go mbeidh Oifig an Phoist sa Rinn ag dúnadh inniu agus gan aon seirbhís poist le teacht sa cheantar ina diaidh.

Inniu ag a 3pm a dhúnfar Oifig an Phoist sa Rinn, rud a fhágann go mbeidh ar mhuintir na Gaeltachta taisteal 10 gciliméadar go Dún Garbhán feasta le seirbhís poist a fháil agus gan aon chinnteacht ann go mbeidh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil dóibh.

Cé go raibh feachtas ar bun chun Oifig an Phoist a choinneáil sa tsiúl, ní raibh aon dream sásta glacadh leis an chonradh a d’ofráil An Post.

Dúirt Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais, Marc Ó Cathasaigh, a toghadh sa cheantar, gur ardaigh sé an cheist le hAire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne, agus le hairí eile.

“Chuir mé in iúil dóibh cé chomh tábhachtach is atá sé go mbeadh seirbhísí mar seo ar fáil do muintir Ghaeltacht na nDéise trí mheán na Gaeilge agus ina gceantar féin.

“Ní hamháin go bhfuilimid ag caint faoi Oifig Phoist tuaithe, cé go dtuigim gur buille uafásach é d’aon phobal clabhsúr mar seo, ach tá ceist na Gaeilge anseo freisin,” a dúirt Ó Cathasaigh.

Dúirt an Comhairleoir áitiúil de chuid Shinn Féin, Conor McGuinness, go raibh sé “maslach” nach mbeidh an tseirbhís ar fáil do mhuintir na Rinne níos mó.

“Tá muid i mbaol anseo i nGaeltacht na nDéise go mbeidh an tseirbhís stáit dheireanach atá ar fáil dúinn imithe agus oifig poist na Rinne á dúnadh.

“Tá plean teanga againn anseo i nGaeltacht na nDéise agus mar chuspóir sa phlean tá sé á rá go bhfuil rochtain ar sheirbhís phoiblí de dhíth orainn trí mheán na Gaeilge.

“Tá an plean sin maoinithe agus faofa ag an rialtas agus ana-chuid dul chun cinn á dhéanamh againn sa phobal seo.

“Is muid an t-aon cheantar Gaeltachta a bhfuil líon na gcainteoirí laethúla ag fás thar thréimhse dhá dhaonáireamh ach fós féin tá an stát agus an rialtas agus An Post sásta nach mbeidh an t-aon seirbhís phoiblí, an t-aon seirbhís stáit atá fágtha anseo, ar fáil dúinn agus tá sé maslach, is dócha, tá sé maslach agus tá beart de réir briathair ag teastáil.”

Dúirt Máire Ní Mhurchú, rúnaí scoile le Tuairisc, go raibh “díomá ceart” ar dhaoine go raibh deireadh le hoifig an phoist.

“Tá mé ag obair sa bhunscoil agus úsáideann sinn Oifig an Phoist an t-am go léir agus tá díomá orainn, díomá cheart orainn go bhfuil sé ag imeacht uainn.

“Oifig an Phoist ghnóthach an oifig an phoist sa Rinn anseo mar tá carn, tá Nemeton anseo, tá Coláiste na Rinne, bunscoil na Rinne, Meánscoil, siopaí, tá sé gnóthach.”

Dúirt Silbheastar Ó Muirithe, úinéir Thigh Mhuirithe, teach tábhairne sa cheantar, go raibh sé “náireach” go mbeadh deireadh leis na seirbhísí poist i nGaeilge sa cheantar agus go mbeadh ar dhaoine taisteal go Dún Garbhán.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Tá sé maslach agus tá díomá ceart orainn’ – Oifig an Phoist sa Rinn ag dúnadh inniu'