Ní thuigeann an eite dheis sa bhFrainc an íoróin agus iad le báiní ag rogha fonnadóra Macron

Tá raic sa bhFrainc i láthair na huaire agus tuairiscí ann gur iarr an tUachtarán Emmanuel Macron ar fhonnadóir de bhunadh Mhailí, Aya Nakamura, amhrán le Édith Piaf a chanadh agus tús á chur leis na cluichí Oilimpeacha i mí Iúil i bPáras

Ní thuigeann an eite dheis sa bhFrainc an íoróin agus iad le báiní ag rogha fonnadóra Macron

Cúis díomá dúinn go léir nuair a tuigtear dúinn gur féidir le daoine atá in ainm is a bheith ‘sibhialta’ agus ‘sofaisticiúil’ a bheith gránna, agus ciníoch anuas air sin.

Gan scáth gan náire ina theannta san.

Ní gá dhúinn dul rófhada ó bhaile chun bualadh lena leithéid in Éirinn an lae inniu, mo léir. Tá siad i mbéal an dorais againn.

Ní hamháin san ach b’fhéidir gur mbíonn orainn guaim a choimeád ar ár smaointe pearsanta fhéin, gan trácht ar ár dteanga is ár n-iompar, agus sin a’ deighleáil leis na hathruithe móra cine is daonra atá tagtha aniar aduaidh orainn le blianta beaga anuas….

Ghlac an tÉireannach leis riamh anall go mbeadh fáilte rompu pé tír ar domhan a roghnaíodar dul a’ maireachtaint ann. Go deimhin cheap cuid againn gur chóir go gcuirfí na fáiltí geala romhainn, gan cheist.

Nach bhfuilimid oilte cliste gealgháireach ábalta?

Canathaobh ná beadh fáilte romhainn?

Canathaobh ná déanfaí déithe beaga dínn?

Faraor nílimid ach i dtús na n-athruithe socheolaíocha agus is ar éigean a bheimid aon phioc níos fearr ag deighleáil le mórathruithe ‘pobail’ ná mar atá tíortha agus daoine ‘sofaisticiúla’ thar bóchna Mhuir nIocht sall uainn.

Tá sé ina raic sa bhFrainc fé láthair toisc gur tuairiscíodh gur iarr an tUachtarán Emmanuel Macron ar fhonnadóir as Mailí, Aya Nakamura, amhrán le Édith Piaf a chanadh agus tús á chur leis na cluichí Oilimpeacha i mí Iúil i bPáras.

Tá clú is cáil ar an amhránaí céanna seo sa bhFrainc agus éileamh thar na bearta ar a cuid ceolchoirmeacha. Fiche milliún ‘leantóir’ aici ar na meáin shóisialta thall. Na céadta mílte dá hamhráin íoslódáilte ag pobal na tíre.

Canann sí meascán de liricí Fraincise, Araibise, agus Bambara, teanga a muintire. Téamaí feimineacha agus cumasú ban, bunús a cuid amhrán.

Saolaíodh i Mailí í ach tugadh an Fhrainc í is í ina leanbh. D’fhás sí suas in eastát bruachbhaile i département Seine-Saint-Denis in ollchathair Pháras.

De shliocht ‘griotte’ a máthair, file agus amhránaí traidisiúnta a choimeádann stair agus seanchas a muintire beo.

Ní nach ionadh agus an cháil atá orthu, tá ‘an eite dheis’ sa tír, imithe le báiní.

Leithéidí Marine Le Pen, ceannaire an pháirtí ‘náisiúnaigh’, Rassemblement National, bean nár chuir fiacail riamh ann ach oiread lena hathair, ar bharr na scuaine toisc ‘a leithéid de dhuine’ a bheith roghnaithe ag Macron le bheith ina siombail de phobal na Fraince.

Níl maidin ná dúisíonn Macron gan plean éigin ina cheann le muintir na Fraince a mhaslú, a dúirt Le Pen amach go poiblí le déanaí.

Ní íomhá ná siombail cheart don Fhrainc í Aya Nakamura, a deir lucht agóide.

Ní sampla maith de cheol na tíre a cuid saothair, a deir siad leis.

Ní thugann sí tús áite don bhFraincis, a deir cuid eile acu, ach do ghibiris éigin gan dealramh.

Ní hí an duine ceart í chun amhráin Édith Piaf a chanadh, a dúirt duine eile fós.

Is léir nach dtuigeann lucht agóide an íoróin a bhaineann le ráiteas dá leithéid.

De shliocht inimirceach ab ea Piaf, dream nach raibh mórán den mhaoin shaolta acu.

Is ar thaobh na sráide a thosnaigh sí ag canadh lena tuismitheoirí.

Más ea chan sí óna croí amach agus ghlac pobal Pháras agus an domhan mór lena cuid ceoil ina dhiaidh san.

Ach an peaca marfach is mó ag lucht na heite deise – ‘ní chanann sí i bhFraincis chruinn cheart!’

Gan dabht tá clú is cáil ar mhuintir na Fraince as an mórmheas atá acu ar ‘pureté’ a dteanga dhúchais.

Ó bunaíodh L’Académie française siar amach san seachtú haois déag leagadh síos caighdeán docht daingean chun deimhin a dhéanamh de ná déanfaí aon truailliú ar shaibhreas ná ársacht na teanga..

Sa lá atá inniu ann is minic go gcáintear aon fhocal ná frásaí ‘Franglais’ ina measctar an Fhraincis is an Béarla.

Faraor gan an meas céanna a bheith againne Éireannaigh ar ár dteanga dhúchais.

Níl cur síos ná insint scéil ar an ionsaí atá déanta ar Aya Nakamura ar na meáin shóisialta, córas séarachais an lae inniu, mar is fearr aithne air.

Tá fiosrúchán tosaithe ag Ionchúisitheoir Pháras ar ionsaithe ciníocha atá déanta uirthi.

Níl aon chinneadh dearfach déanta fós, an mbeidh an bhean uasal seo ag canadh i searmanais oscailte na gCluichí Oilimpeacha?

I bpobalbhreith sa tír sin le déanaí, bhí 63% ag easaontú le rogha Macron….

Fág freagra ar 'Ní thuigeann an eite dheis sa bhFrainc an íoróin agus iad le báiní ag rogha fonnadóra Macron'

  • JP

    Ní luaitear ainm an amhráin a chanfaidh sí, má tá.
    ‘La Foule’ b’fhéidir, ina bhfuil an líne seo; “je crispe mes poings en maudissant la foule…”
    Maidir leis an gcur síos leath-mhagúil atá ag an údar ar shuáilcí an Éireannaigh thar lear, sin é a t(h)ugtar le fios dúinn suas lenár bpus, ach scéal eile a bhíonn acu go minic taobh thiar dár ndroim.
    Mar atá;
    díth céille na bpleidhcí atá sásta praghas thar meán ar fad a íoc ar gach rud, go háirithe ar dheoch; foireann rugair srl nach bhfuil sásta nó nach bhfuil ina gcumas amhrán náisiúnta a dtíre féin a chanadh, agus …ó dhuine amháin…dream lag léirithe nach bhfuil aon teanga ‘dá gcuid féin acu’.