Ardú croí don dturasóir binneas ceoil agus uaibhreas cine mhuintir na hEastóine

Tá an Eastóin ar cheann de na tíortha is lú san Eoraip ach ar cheann de na tíortha is mó gur fiú cuairt a thabhairt uirthi

Ardú croí don dturasóir binneas ceoil agus uaibhreas cine mhuintir na hEastóine

Turas lae a thugas ar Tallinn san Eastóin agus mé ar chamchuairt ar chathracha

Mhuir Bhailt, tamall siar.

Glór binn chór Eaglais Cheartchreidmheach is mó a fhanann im chuimhne is i mo chluais ón lá san i leith. I gceartlár na seanchathrach agus mé ag gabháil thar bráid a chuala é.

Mná meánaosta agus scairfeanna ildaite casta ar a gceann ag cur mná diaganta Chorca Dhuibhne i gcuimhne dom agus iad ag dul go dtí Aifreann na Carraige fadó fadó riamh.

Binneas comhcheoil agus uaibhreas cine á chur in iúl gan scáth gan náire ag na hEastónaigh.

Ardú croí don dturasóir fánach.

Fuaireas amach ina dhiaidh san go bhfuil cáil an cheoil ar phobal na hEastóine ar fad.

Is maith linne Éireannaigh a cheapadh go bhfuil an cháil céanna orainn féin, ach an bhfuil aon Arvo Part inár measc ó d’imigh Seán Ó Riada agus Micheál Ó Súilleabháin uainn ar shlí na fírinne?

Cnagaosta go maith atá an cumadóir draíochtúil seo, a saolaíodh i 1935.

Mhair sé fé réimeas an Aontais Shóivéadaigh, tréimhse a chuir srianta ar a chruthaitheacht. Bhláthaigh sé nuair a scaoileadh saor ós na laincisí san é.

Is fiú go mór éisteacht lena chuid ceoil, a meastar a bheith fé thionchar chantaireacht Ghréagórach ar uairibh.

Ní haon iontas, Eastónaigh a bheith mórtasach as.

Cáil nach beag chomh maith sa tír san ar Fhéile Amhrán is Rince, féile a bunaíodh i mbaile Tartu san naoú haois déag agus a bhíonn ar siúl gach dara bliain nó mar sin.

Aitheantas UNESCO fachta aige.

Ar aon dul le lasair na nOilimpeach, iompraítear an bhladhm ó bhaile go baile go sroichtear príomhchathair Tallinn in am do thús na Féile.

Freastalaíonn na céadta míle duine ar an ócáid. Amhráin is rince go maidin gheal, beag an baol.

Tá dea-cháil ar an gcóras scolaíochta san Eastóin leis de réir tuairiscí.

Bíonn siad ar bharr an liosta go minic ag an OECD, an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta, in ábhair amhail léitheoireacht, matamaitic, agus eolaíocht.

Deintear tréaniarracht an chothromaíocht a bheith i bhfeidhm ón gcéad lá a thagann leanbh ar scoil.

Freastalaíonn a bhformhór ar naíscoil, a fhaigheann tacaíocht iomlán stáit agus faoin am a dtéann an leanbh ar an scoil fhoirmeálta ag seacht mbliana d’aois bíonn an chothromaíocht sin préamhaithe go domhain.

I bhformhór na scoileanna bíonn síceolaí agus comhairleoir fostaithe.

Cuirtear an bhéim chéanna ar ábhair chruthaitheacha agus a chuirtear ar mhúineadh scileanna na teicneolaíochta digití. Foghlaimíonn gach leanbh ceol agus gnéithe den ealaín chomh maith le cócaireacht agus cniotáil agus iad ar scoil.

Ní fhágtar ar lár na scileanna seo chun díriú isteach ar an mhatamaitic agus ábhair ‘úsáideacha’ dá leithéid. Meastar go múineann ábhair seo ‘na n-ealaíon’ scileanna comhoibritheacha do dhaoine óga, gan trácht ar scileanna saoil.

Cé go bhfuil an Eastóin ar cheann de na tíortha is lú san Eoraip tá sé de cháil uirthi gur teicneolaithe Eastónacha a d’fhorbair ceann de na bogearraí is úsáidí agus is cáiliúla ar domhan, an córas Skype.

Córas lenar féidir leat féachaint agus labhairt le duine atá na mílte mílte ó bhaile uait amhail is dá mbeidís in aon tseomra leat.

Faoi smacht chomhlacht iomráiteach Microsoft atá an córas anois ar ndóigh.

Ach ar na gnásanna is na fíricí ar fad a chuireann le cáil an tírín bhig spéisiúil seo tá ceann a chuirfeadh mearathal ar Arastatal é fhéin, déarfainn.

Caitheamh aimsire is comórtas a áirítear mar spórt, sin é ‘iompar mná céile’…

Iompraíonn fear a bhean chéile thar a ghualainn aniar agus téann i mbun ráis le fearaibh eile, agus an ‘beart’ céanna á iompar acusan.

As an bhFionlainn anall a tháinig an ‘nós’ i dtús na nóchaidí.

An cheist a bheadh ag éinne le splanc chéille? Canathaobh? Cad chuige?

Ach b’fhéidir go raibh a leithéid de ‘spórt’ in Éirinn fadó leis, más fíor iompar an aisteora John Wayne agus Máirín O’Hara á ‘mealladh’ aige sa scannán iomráiteach The Quiet Man.

Dia idir sinn agus an áiféis.

Fág freagra ar 'Ardú croí don dturasóir binneas ceoil agus uaibhreas cine mhuintir na hEastóine'