Taoisigh dhifriúla, tréimhsí difriúla ach an scéal céanna – faillí agus éagóir

Cén fáth nach bhfuil ar chumas an Stáit seo ceisteanna a fhreagairt agus freagracht a ghlacadh? Bhfuil an ceacht foghlamtha anois tar éis chás an Stardust?

Taoisigh dhifriúla, tréimhsí difriúla ach an scéal céanna – faillí agus éagóir

Tá teaghlach George Nkencho a maraíodh ar an 30 Nollaig 2020 i gCluain Aodha in Iarthar Bhaile Átha Cliath, le hachomharc a dhéanamh ar an gcinneadh a deineadh an tseachtain seo gan aon duine a chúiseamh ina bhás. Aonad armtha de chuid na nGardaí a mharaigh Nkencho tar éis dóibh iarracht a dhéanamh é a ghabháil. Cuireadh fios ar na Gardaí chuig an láthair mar go raibh oibrí siopa faoi bhagairt ó Nkencho a raibh fadhbanna meabhairshláinte aige agus gunna ar iompar aige. Bhí sé ag doras a thí féin nuair a caitheadh é.

D’fhógair an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí an tseachtain seo nach bhfuil aon chúiseanna le freagairt ag na Gardaí a bhí páirteach san eachtra. Tá Ombudsman an Gharda Síochána ag plé leis an gcás ó tharla an marú. Bhí teaghlach Nkencho thar a bheith feargach faoin tslí ar maraíodh é agus thug siad le fios go lom gur chreid gur mar gheall gur fear gorm é George a caitheadh é. Bhí agóidí faoin lámhach taobh amuigh de stáisiún na nGardaí an lá tar éis a mharaithe. Léirigh an scrúdú iarbháis a deineadh gur caitheadh George Nkencho sé huaire agus cuireadh an cheist ar theastaigh an méid sin piléar a chaitheamh más ag iarraidh é a chur faoi smacht agus a cheansú a bhí na Gardaí.

Thug scéal na seachtaine seo chun cuimhne marú John Carthy i Mainistir Leathrátha sa Longfort sa mbliain 2000. Fear óg eile a raibh deacrachtaí meabhairshláinte aige ab ea John agus maraíodh é tar éis léigear ag a theach cónaithe. Bhí sé ar a bhealach len é féin a thabhairt ar láimh do na Gardaí nuair a caitheadh ceithre huaire é.

Tharraing a bhás clampar agus reáchtáladh binse fiosraithe Barr leis an scéal a fhiosrú tar éis conspóid fhadálach faoi choistí Oireachtais a bheith ag fiosrú a leithéid de scéal. Ghabh an Taoiseach Bertie Ahern leithscéal thar ceann an Stát faoin gcaoi ar láimhseáladh an léigear in 2006. Dhiúltaigh na Gardaí glacadh leis go raibh aon locht orthusan ach i ndeireadh an lae ghabh an Coimisinéir Noel Conroy leithscéal faoin léigear ag Mainistir Leathrátha i mí Lúnasa 2006.

Tá taithí againn, faraor, ar leithscéalta ón Stát le blianta anuas – leithscéal an Aire Sláinte Michael Noonan le Bridget McCole i 1996, na mná agus cailíní sna hionaid níocháin Magdalene in 2013, cás thithe na máithreacha agus leanaí in 2019, na hinstitiúidí Stáit in 2021 agus scannal Cervical Check in 2019. Taoisigh dhifriúla, tréimhsí difriúla ach an scéal céanna – faillí agus éagóir.

Nach tráthúil go bhfuil leithscéalta ón Stát i mbéal an phobail arís an tseachtain gur ghabh an Taoiseach leithscéal le teaghlaigh na marbh i dtubaiste an Stardust. Teaghlaigh a chaith dhá scór bliain ag iarraidh freagraí ar a gcuid ceisteanna. Cén fáth nach bhfuil ar chumas an Stáit seo ceisteanna a fhreagairt agus freagracht a ghlacadh? An bhfuil an ceacht foghlamtha anois tar éis chás an Stardust? Bíodh súil againn go bhfuil.

Fág freagra ar 'Taoisigh dhifriúla, tréimhsí difriúla ach an scéal céanna – faillí agus éagóir'