Trí fhocal ó Thomas Byrne a d’fhéadfadh cor nua a chur sa phlé faoi chás na Gaeltachta

Ní bhíonn aon leigheas ar an bhfadhb a séantar agus dá réir sin tá beart fónta déanta ag aire stáit nua na Gaeltachta cheana féin

Trí fhocal ó Thomas Byrne a d’fhéadfadh cor nua a chur sa phlé faoi chás na Gaeltachta

“Tá géarchéim ann, níl aon dabht faoi sin,” a dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne.

‘Tá géarchéim ann.’

Trí fhocal ba dhóigh leat a ghoill go mór ar chluasa na státseirbhíseach agus na gcomhairleoirí a mhol d’aire stáit i ndiaidh aire stáit gan a leithéid a admháil ar eagla go gcuirfí an cheist orthu cad a dhéanfaidís faoin ngéarchéim chéanna.

Tá Byrne ar an gcéad aire stáit Gaeltachta a bhí sásta géilleadh don bhfianaise dhobhréagnaithe go léir go bhfuil sé ina éigeandáil ó thaobh labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Ní raibh aon seoladh an philibín óna nead aige ná ní raibh aon chaint sheachantach aige faoin difríocht idir ceantair laga agus ceantair láidre Ghaeltachta.

Dúirt sé amach an fhírinne. An rud is annamh is iontach.

An é gur chuir Tús Áite ar RnaG Byrne faoi agallamh sular cuireadh súil ribe an státchórais air, nó an é go bhfuil aire stáit nua chugainn a bhfuil dóthain Gaeilge agus tuisceana aige chun go mbeadh a chuid tuairimí féin aige? Aire Stáit Gaeltachta a múnlaíodh san fhiántas seachas i ngorlann na mandairíní?

Beidh freagra na ceiste sin againn sna míonna amach romhainn.

Ní bheidh dóthain ama ná cumhachta ag Thomas Byrne chun leasú ó bhonn a dhéanamh ar pholasaí teanga an stáit, ach ní bhíonn aon leigheas ar an bhfadhb a séantar agus dá réir sin tá beart fónta déanta ag Thomas Byrne cheana féin.

B’fhéidir go gcuirfeadh a chaint mhacánta cor nua sa phlé faoi chás na teanga agus go gcuirfeadh sé deireadh le cuid den mhífhaisnéis, aineolas, cur i gcéill agus fantaisíocht ghlan a bhaineann leis an bplé sin.

De réir anailís a dhein Tuairisc ar fhigiúirí an daonáirimh dheireanaigh, níl oiread is toghroinn amháin sa Ghaeltacht ina labhraíonn níos mó ná dhá thrian den phobal an Ghaeilge gach lá lasmuigh den gcóras oideachais.

Laghdú 12.6% a tháinig ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht idir 2011-2022.

Má cheapann tú nach géarchéim don nGaeilge é sin, bhuel bíodh lá maith agat á hadhlacadh.

Agus a dhílseacht don fhianaise fógartha gan scáth gan náire aige, beidh cúpla fadhb le fuascailt ag Thomas Byrne sa ghearrthéarma.

Drochsheans go mbeidh toghchán Údarás na Gaeltachta ar siúl mí an Mheithimh mar a bhí beartaithe, ach má tá fonn i gcónaí ar Fhianna Fáil an bhallóid a thabhairt ar ais, beidh ar Byrne dul i ngleic leis an easpa goile chuige atá le braistint sa rialtas agus sa státchóras le tamall.

Táthar ag tarraingt na gcos chomh maith leis an scéim nua atá geallta chun labhairt na Gaeilge a chur chun cinn agus dá n-éireodh le Byrne scéim le dealramh a thabhairt isteach bheadh údar maíte aige.

Mar a chéile cás na dtreoirlínte pleanála nua don Ghaeltacht a gealladh ar dtús beagnach dhá bhliain go leith ó shin.

Déanfar tástáil luath go maith ar Byrne maidir le ceann de mhórspriocanna an stáit ó thaobh na teanga  – gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh chuig an tseirbhís phoiblí faoi dheireadh na bliana 2030.

I mí an Mheithimh a fhoilseofar saothar an choiste chomhairligh náisiúnta a bunaíodh chun plean a ullmhú le príomhsprioc an dlí teanga a bhaint amach.

An gcloífidh an t-aire stáit nua leis an mbrí shoiléir a bhain leis an sprioc 20% ó thús, gur earcaigh nua chuig an gcóras a bhí i gceist?

Nó an ngéillfidh sé don iarracht an bhrí a athrú ionas go mbeadh daoine atá sa tseirbhís phoiblí cheana san áireamh chomh maith?

Is cosúil gur ceapadh Thomas Byrne ina aire Stáit don Ghaeltacht mar nár éirigh leis an Taoiseach nua Simon Harris teacht ar aon duine i bhFine Gael a dhéanfadh an cúram dó.

Cinneadh “ar leas na tíre” a bhí sa cheapachán a mhaígh Harris agus é chomh mórchúiseach sin as a mhíniú ar an scéal go raibh an chuma air gur bheag nár chreid sé féin é.

Ach ar a laghad tá an chuma ar Thomas Byrne go bhfuil an jab ag teastáil uaidh.

Má éiríonn leis a chruthú go bhfuil sé ábalta smaoineamh dó féin chomh maith, d’fhéadfadh sé difear ceart a dhéanamh in achar gearr.

Fág freagra ar 'Trí fhocal ó Thomas Byrne a d’fhéadfadh cor nua a chur sa phlé faoi chás na Gaeltachta'

  • Siún De Barra

    Tá dul amú ort a chara.
    Ní leor duine amháin i bhFianna Fáil le tuiscint cuíosach maith ar ceist na Gaeltacha chun brú a chur ar Simon Harris. Féach céard a tharla do iarrachtaí Éamoinn Uí Cuív agus an chluas bhodhar faighte aige ó Fhine Gael agus ó go leor dá pháirti fhéin. Níl slánú na Gaeltachta an-ard ar a gclár oibre ag Fianna Fáil mar is beag vótaí atá ar fáil ón gceist seo. Beidh deacracht mhór ag Thomas Byrne a chur ina luí ar a chomhghleacaithe ina pháirtí go gcaithfear bearta radacacha a ghlacadh chun stop a chur le taoide an Bhéarla sa Ghaeltacht.
    Maidir le cur ina luí ar Simon Harris go bhfuil gá le gníomhú radacach faoin ghéarchéim níl seans dá laghad ag Thomas Byrne mura dtógann Mícheál Martin seasamh láidir faoin cheist.
    Agus Mícheál Martin ag brionglóideach faoi “athbheachaint na Gaeilge” ag an Ardfheis níor leirigh sé go bhfuil aon smaoineamh radacach ins cheann maidir le géarchéim teanga sa dornán Gaeltachtaí atá fágtha.

  • Lillis Ó Laoire

    “Gorlann na Mandairíní.” GOA
    Go n-éirí leis an Bheirneach.

  • Máire

    Níos mó de seo.

  • Sibéal

    Maítear san alt maidir le Tomas Byrne nach raibh “aon chaint sheachantach aige faoin difríocht idir ceantair laga agus ceantair láidre Ghaeltachta”. Céard go díreach is brí leis an ráiteas sin?
    An bhfuil sainmhíniú ag aon duine ar Ghaeltacht láidir na laethannta seo? Mar shampla bheadh go leor a cheapfadh gur ceantair láidir Gaeltachta áit a bith a bhfuil coláiste samhraidh Gaeltactha do dhaltaí meánscoile. Bheadh daoine eile a cheapfach nach bhfuil ceantair láidir Gaeltachta fágtha sa tír nuair nach bhfuil aon cheantair Gaeltachta fágtha ina bhfuil níos mó ná dhá thrian den phobal a labhrann an Ghaeilge gach lá lasmuigh den gcóras oideachais
    An an Catagóir A sa “Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht” atá i gceist agat mar “ceantair láidre Ghaeltachta”. Tá cúpla ceantair a bhí cáilithe le bheith luaite sa Chatagóir A fiche bhliain shin nuair a foilsíodh Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch agus ó shin tá siad tithe isteach sa Chatagóir B. An ceantair láidre iad sin a thuilleadh?

  • Colette

    Bhí rud eile “annamh agus íontach” le rá ar bhealach an-ghonta ag Dinny McGinley (Fine Gaelach mór le rá) inniu freisin. Seo a dúirt sé.

    “Le tamaill de bhlianta, bíonn an Ghaeltacht i gcónaí ar an smaoineamh deireanach agus is amhlaidh a tharla sa chás seo.”
    “‘Oh God, yeah, cé a ghlacfas an Ghaeltacht?’ Tá sé mar athsmaoineamh agus sílim go mbaineann sin leis an ísliú céime atá tugtha ag leibhéal rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht nach mbíonn aire sinsearach ann agus cúraimí na Gaeltachta agus na Gaeilge uirthi. Tugtar d’Aire Stáit é,” a dúirt McGinley.
    (Tuairisc 17.04.2024)
    Scanallach gurb amhlaidh atá an cás.
    Ní mór do Thomas Byrne a chinntiú go mbeadh aire Gaeltactha ann (mar a bhíodh tráth dá raibh) má bhíonn FF sa chéad rialtas eile agus an geallúint sin a fhail ó Mícheál Martin.

  • Páidín Ó Raifeartaigh

    “ceantair láidre Ghaeltachta”

    Cinnte bhí ceantracha láidre ann sna 1970daí ach an bhfuil faoi láthair?

    Nárbh fhearr “ceantracha Ghaeltachta is láidre”?