‘Ní talamh gan dlí iad na meáin shóisialta!’ Elon Musk á fhiosrú sa Bhrasaíl

Tá Elon Musk á fhiosrú sa Bhrasaíl maidir le tacaíocht mhorálta a thabhairt do ‘mhílístí digiteacha’ sa tír sin a gcuirtear ina leith go bhfuil siad ag iarraidh an bonn a bhaint den daonlathas

‘Ní talamh gan dlí iad na meáin shóisialta!’ Elon Musk á fhiosrú sa Bhrasaíl

Tá an billiúnaí Elon Musk, úinéir an ghréasáin shóisialta X (nó Twitter, mar a bhí air roimhe seo) á fhiosrú sa Bhrasaíl. Tá ‘bac an cheartais’ agus ‘gríosú chun coiriúlachta’ á gcur i leith Musk ag duine de bhreithiúna Chúirt Fheidearálach Uachtarach na Brasaíle, Alexandre de Moraes.

Baineann an scéal seo le dhá fhiosrúchán atá ar bun sa Bhrasaíl cheana féin agus a bhfuil an breitheamh De Moraes i gceannas orthu; ceann maidir leis an ionradh a rinne lucht leanúna an iar-uachtaráin Jair Bolsonaro ar thithe an rialtais ar an 8 Eanáir 2023, agus ceann eile maidir le ‘mílístí digiteacha’ a gcuirtear ina leith go bhfuil fúthu an bonn a bhaint den daonlathas, i measc rudaí eile.

Ag deireadh na míosa seo caite, d’ordaigh an breitheamh De Moraes go mblocálfadh an gréasán sóisialta X cuntais 16 tionchaire aitheanta a thacaíonn leis an iar-uachtarán Jair Bolsonaro, atá á fhiosrú é féin freisin maidir le himeachtaí an 8 Eanáir 2023.

Bhlocáil X na cuntais sin, ach Dé Sathairn seo a chuaigh thart chroch Elon Musk postáil suas ar X inar chuir sé ‘cinsireacht’ i leith an bhreithimh De Moraes, agus Dé Domhnaigh rinne Musk comparáid idir De Moraes agus bithiúnach na sraithe Star Wars, Darth Vader.

Bhagair Musk lena chois sin go ndíbhlocálfadh sé na cuntais ar X atá i gceist – fiú, a dúirt sé, dá mba rud é gurbh é an toradh a bheadh air sin ná go ndúnfaí X síos sa Bhrasaíl scun scan.

An oíche chéanna, d’ordaigh De Moraes fiosrúchán nua ar leith i gcoinne Elon Musk, agus d’ordaigh sé freisin go bhfiosrófaí Musk chomh maith mar chuid den fhiosrúchán atá ar bun cheana féin maidir leis na ‘mílístí digiteacha’ a mbeadh sé mar aidhm acu an bonn a bhaint den daonlathas sa Bhrasaíl.

‘Ní talamh gan dlí iad na meáin shóisialta! Ní ‘terra de ninguém’, talamh eadrána nach bhfuil éinne ina gceann, iad na meáin shóisialta!’ a scríobh an breitheamh De Moraes san ordú sin, agus is léir go raibh sé oibrithe, mar scríobh sé an dá abairt sin i mbloclitreacha.

Tá sé á chur i leith an ghréasáin X ag De Moraes go bhfuil dímheas á léiriú ag an gcomhlacht ar cheannas an stáit sa Bhrasaíl agus ‘go n-íocfaidh an comhlacht as’ mura gcloífear lena bhfuil leagtha síos i mbunreacht na tíre.

Gan dabht ní hí an Bhrasaíl an t-aon tír amháin ar domhan ina bhfuil súil ghéar á coinneáil ag na húdaráis ar chomhlachtaí móra na meán sóisialta, ach léiríonn imeachtaí an 8 Eanáir 2023 – iarracht ar coup d’état a raibh ról lárnach ag ‘mílístí digiteacha’ inti – gur féidir leis na meáin shóisialta a bheith ina mbagairt don daonlathas dáiríre.

Fág freagra ar '‘Ní talamh gan dlí iad na meáin shóisialta!’ Elon Musk á fhiosrú sa Bhrasaíl'