TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Ionsaí déanta ag sceimhlitheoirí ar institiúidí an daonlathais 

Rinne na mílte leantóirí dílse de chuid an iar-uachtaráin Jair Bolsonaro ionsaí ar Thithe an Rialtais, ar an gCúirt Uachtarach Fheidearálach agus ar Phálás an Uachtaráin san ardchathair Brasília inné 

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Ionsaí déanta ag sceimhlitheoirí ar institiúidí an daonlathais 

Bhí leabhragán á chur i dtoll a chéile agam agus mo chuid leabhar á mbaint amach as boscaí agam san árasán a bhfuil mé díreach tar éis bogadh isteach ann nuair a fuair mé téacs ó chara de mo chuid san Ísiltír a chuir imní orm.

‘Céard sa frig atá ar siúl sa Bhrasaíl?’

Bhreathnaigh mé amach as an bhfuinneog agus ní fhaca mé rud ar bith as an ngnáth: tráthnóna Dé Domhnaigh, bhí an gabhar á róstadh ar an trá.

Níl wifi agam san áit nua go fóill agus ní hamháin go raibh mé ag iarraidh a bheith spárálach leis an 4G ar mo ghuthán póca ach ba é an chaoi go raibh mo cheann lán a dhóthain ó bheith ag bogadh tí le súil a choinneáil ar nuacht an lae, go háirithe ar an Domhnach. Ach tar éis an téacs sin ó mo chara, ní raibh éalú as.

Ionsaí agus scrios déanta ag na mílte de lucht leanta Bolsonaro ar Thithe an Rialtais, ar an gCúirt Uachtarach Fheidearálach agus ar Phálás an Uachtaráin san ardchathair Brasília. Gobharnóir na Dúiche Feidearálaí agus príomhoifigeach Slándála Poiblí na dúiche céanna curtha as oifig go sealadach toisc nach raibh dóthain póilíní ar fáil – d’aon ghnó, gach seans – chun srian a choinneáil leis na loitiméirí.

Bhuel! Níorbh é sin a bhí ar intinn agam, an tseachtain seo a chuaigh thart, nuair a rinne mé tairngreacht agus súil chun cinn a caitheamh agam ar 2023 go bhféadfaí a bheith ag súil le dea-scéalta ón mBrasaíl anois agus Luiz Inácio da Silva (Lula) ina uachtarán ar an tír arís agus Jair Bolsonaro ar a theitheadh, go fóilleach pé scéal é, in Florida.

Mar sin féin, ag breathnú siar, ba léir go raibh scliúchas mar seo ar na bacáin. Níor ghlac an chuid is dílse de lucht leanta Bolsonaro riamh le toradh an toghcháin uachtaránachta i mí Dheireadh Fómhair, nuair a fuair Lula an lámh in uachtar, ach ar éigean, ar Bolsonaro. Le míonna anuas, bhí na mílte de na leantóirí seo ag campáil san ardchathair agus inné, Dé Domhnaigh, tugadh ar a laghad 4,000 leantóirí breise isteach ar bhusanna chun páirt a ghlacadh san ionradh. Ar na meáin shóisialta a eagraíodh an rud ar fad, i dtimpeallacht lán teoiricí comhcheilge.

Níor tharla a leithéid seo d’ionsaí ar an daonlathas sa Bhrasaíl ó bhunaigh an t-arm deachtóireacht sa bhliain 1964, agus is cinnte gur coup d’état a bhí ar intinn ag na loitiméirí inné. Ach ó tháinig deireadh le deachtóireacht na nGinearál thiar i 1988 tá sé léirithe ag institiúidí an stáit sa Bhrasaíl go bhfuil siad an-an-láidir. Sheas siad an fód le ceithre bliana anuas agus Jair Bolsonaro ar a mhíle dícheall creimeadh a dhéanamh orthu de réir a chéile, agus seasfaidh siad an fód anois agus an dlí á chur orthu siúd ar mhaith leo an daonlathas a chur de dhroim seoil.

Cén fáth a bhfuil mé chomh dóchasach sin? Toisc go mothaím nach iad institiúidí an stáit amháin a sheasfaidh an fód ach na meáin agus mórchuid an phobail iad féin. Gan eisceacht ar bith, ‘sceimhlitheoirí’ an focal atá in úsáid ag na meáin chun cur síos a dhéanamh ar na loitiméirí a rinne ionsaí ar an daonlathas in Brasília inné. ‘Sceimhlitheoirí Bolsonaroacha’ – seachas ‘lucht leanta Bolsonaro’.

Seans nach bhféadfaí scliúchas mar seo a sheachaint. Bhí goimh san aer, tá an Bhrasaíl scoilte ó thaobh na polaitíochta de i gcónaí agus beidh ar Lula iarracht a dhéanamh an tír a aontú sna blianta atá amach romhainn. Mar sin féin – maithigí dom mo dhóchas – chuirfinn síos ar ar tharla in Brasília inné mar ‘phianta fáis an daonlathais’.

Idir an dá linn, agus iarrachtaí á ndéanamh ag Lula na cneácha i sochaí na tíre a leigheas, beidh air a léiriú freisin nach mbeidh glacadh leis an gcineál rud a tharla inné.

Inné féin, gabhadh os cionn 300 loitiméir agus tá geallúint tugtha ag Lula agus ag an aire Dlí agus Cirt, Flávio Dino, go bhfaighfear amach cé atá taobh thiar d’eachtraí an lae inné agus go dtabharfar chun cúirte iad.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Ionsaí déanta ag sceimhlitheoirí ar institiúidí an daonlathais '