An mbeidh deireadh go deo le barbarthacht Iosrael in Gaza agus ar an mBruach Thiar, nó an leanfar leis an uafás go dtí nach mbeidh Palaistíneach ar bith fágtha sna ceantair?
Tá sé an-truamhéalach ar fad breathnú ar phictiúir de ghasúir bheaga óga is gan iontu ach craiceann is cnámha de bharr míchothaithe. Nó ag breathnú ar phictiúir de dhaoine gan arm a bheith á scaoileadh ag saighdiúirí Iosraelacha, nó sibhialtaigh á dtarraingt amach as an smionagar i ndiaidh buamáil eile de chuid Iosrael.
Mar bharr ar an donas, an scéal is deireanaí seachtar oibrithe daonnúla maraithe – nó dúnmharaithe go fírinneach – ag diúracáin Iosrael agus iad ar an mbealach as ais i ndiaidh bia a sholáthar don phobal atá gafa ag an ngorta.
Botún, a deir na hIosraelaigh, agus fiafraíonn siad conas gur leas dóibhsean a leithéid a dhéanamh. Bhuel, más fíor gur cinedhíothú atá i gceist is fianaise láidir atá ann go bhfuil mar a deir an Afraic Theas, an baol ann gur sin atá ag tarlú. Is chun leas phlean cinedhíothaithe Iosrael nach bhfaigheadh Palaistínigh bia. Agus gan dabht, cuireann eachtraí mar an t-ionsaí sin ar na hoibrithe daonnúla drogall ar dhaoine leanúint leis an obair dhaonnúil sin.
Ní timpiste a bhí ann, ar ndóigh. Mar chuir World Central Kitchen, an eagraíocht lenar bhain na hoibrithe, na hIosraelaigh ar an eolas faoi líon a gcuid carranna, an bealach a bheadh le taisteal acu agus bhí comharthaí móra breátha sofheicthe ar na feithiclí acu.
Deir ceannaire na heagraíochta, Jose Andres, gur scrios na hIosraelaigh na trí charr go córasach, ceann i ndiaidh a chéile, go dtí gur bhásaigh na hoibrithe.
Tá fearg ar an domhan agus déistin, ach níl éinne ag iarraidh stop a chur leis an mbarbarthacht.
Deir Uachtarán Mheiriceá, Joe Biden, go bhfuil alltacht air mar gheall ar an ionsaí ach ina ainneoin sin tá Meiriceá fós ag soláthar buamaí, piléar is ábhar cogaidh eile d’Iosrael.
Nach fimíneacht é a bheith ag soláthar cabhair dhaonnúil ar lámh amháin, agus ag an am céanna, ábhar cogaidh dóibh siúd atá freagrach as an ngorta agus as an ollmharú atá é fhulaingt ag muintir na Palaistíne?
Agus céard fúinne? Tá rialtas na hÉireann tagtha amach le focail bhreátha faoin scéal, agus fáiltím roimhe sin, ach cá bhfuil an gníomh? Tá ambasadóir Iosrael fós sa tír, agus í le clos go rialta ag cosaint na gcoireanna dochosanta seo.
Is céim an-tromchúiseach é ambasadóir a dhíbirt, ach an gcaithfimid fanacht ar dhream eile é a dhéanamh sula ndéanann muid féin é?
Tá an Spáinn anois ag caint faoi aitheantas a thabhairt do stát Palaistíneach faoin samhradh, ach bhí Micheál Martin ag rá go gcaithfeadh muid fanacht ar an Aontas Eorpach.
Nach féidir linn dul ar aghaidh agus é a dhéanamh in ionad fanacht le daoine eile an bóthar a ghlanadh?
Is cosúil go bhfuil sé éasca comharthaí suáilce a léiriú ach ródheacair gníomh a chur lenár gcuid focal.
Ag deireadh thiar is léir gur cuma le hIosrael cáineadh an domhain mar tá muinín acu go gcabhróidh Meiriceá leo gan srian in ainneoin na bhfocal cáinte a chloisfear uathu.
Bhí mise in aghaidh baghcat a dhéanamh ar imeacht na Féile Padraig i Washington, mar gheall ar thábhacht na hócáide dár mian féin i dtaobh na saoirse is athaontú na tíre.
Agus fair play do Shinn Féin is don iarThaoiseach Leo Varadkar gur ardaigh siad an scéal le linn a gcuairte thall.
Ach mura bhfuil muid sásta aon ghníomh a dhéanamh, nach bhfuil muid i ndáiríre freagrach chomh maith as an uafás?
Díbirt an ambasadóra, aitheantas don stát Palaistíneach agus bac ar thrádáil ar bith le hIosrael – nach iad sin na céimeanna is lú a chaithfeas muid a ghlacadh le bheith ionraic, le bheidh daonnúil, le bheith macánta?
Mo léan, ní dóigh liom go dtógfaidh an rialtas na céimeanna seo. Má thógann, fanfaidh siad go dtí go mbeidh siad tógtha ag stát éigin eile is nuair a bheidh sé slán é a dhéanamh.
Ach más fiú rud ar bith ár rannpháirtíocht i gcomhpholasaí eachtrannach an Aontais Eorpaigh, ba chóir go mbeadh sé de mhisneach againn dul ar aghaidh agus an beart a dhéanamh, beag beann ar dhuine ar bith eile.
Mar má fhanann muid ar an Aontas Eorpach beidh muid ag fanacht go brách na breithe.
San idirlinn, gheobhaidh tuilleadh daoine bás, tarraingeofar tuilleadh corp ias an smionagar, caillfear tuilleadh páistí míchothaithe de bharr gorta. Agus maífidh Iosrael gur frithSheimíteachas é aon cháineadh a dhéanamh orthusan.
Caitríona
Go tobann tá Eoin an-bhuartha faoin mbarbarthacht agus faoi bhás na sibhialtach – nach é seo an duine céanna a rinne leithscealta d’ionradh brúidiúil na Rúise ar an Úcráin?
Pádraig
Tá Eoin ag iarraidh a thabhairt le fios go bhfuil sé an-bhuartha faoi chearta daonna i gcríocha ciana. Ach níor chualamar mórán ó Eoin faoi na huafáis atá á n-imirt ag na Rúisigh ar na hÚcráinigh (go deimhin, tá an chuma air go bhfuil bá ag Eoin leis na Rúisigh, ón méid atá scríofa aige ar Twitter).
Anuas air sin, tá sé aisteach nár chualamar faic ó Eoin faoi ghéarleanúint na nUigiúrach sa tSín. Ós rud é go dtugann Eoin Cumannach air féin, cheapfá go gcuirfeadh sé an-suim sa mhéid atá á dhéanamh ag Páirtí Cumannach na Síne. Tá os cionn milliún Uigiúrach curtha i gcampaí géibhinn ag rialtas na Síne ó 2014 i leith agus sin déanta gan triail cheart a thabhairt do dhuine ar bith acu. I measc na sáruithe eile ar chearta daonna na nÚigiúrach sa tSín tá an saothar éigeantais, steiriliú éigeantais, frithghiniúint éigeantais agus ginmhilleadh éigeantais. Tá na mílte mosc scriosta ag rialtas na Síne freisin (is Moslamaigh Thuirciceacha iad an pobal Uigiúrach den chuid is mó) agus fuadaítear na mílte páiste Uigiúrach óna dtuistí gach bliain agus cuirtear iad chuig scoileanna cónaithe nó dílleachtlanna ar mhaithe le ‘hathoideachas’ a chur orthu. Bíonn an leatrom céanna á imirt ar na Tibéadaigh freisin (go deimhin, tá na céadta míle Tibéadach tar éis bás a fháil ó 1950 i leith mar gheall ar an leatrom a imrítear orthu – idir ocras agus foréigean).
Deir Rushan Abbas, duine de na gníomhaithe is mó a bhíonn ag troid ar son na nUigiúrach, go bhfuil rialtas na Síne ag caitheamh go leor airgid ar fheachtas domhanda mífhaisnéise a bhfuil sé mar aidhm aige na huafáis atá á n-imirt ar an bpobal Uigiúrach agus Tibéadach a cheilt, agus gur dlúthcuid den fheachtas sin iad na hinstitiúidí Confucius.
Díol suime é, mar sin, nach bhfuil againn ach tost ó Eoin ar cheist na nUigiúrach ach go bhfuil sé chomh fíochmhar sin ag damnú Iosrael. Nár cheart ambasadóir na Síne a dhíbirt, aitheantas a thabhairt do ghéarleanúint na nUigiúrach agus trádáil ar bith leis an tSín a chosc?
Sílim go bhfuil an ceart ag na hIosraelaigh a fhiafraí cén fáth a bhfuil tráchtairí ar nós Eoin chomh neamhbhalbh sin ag damnú Iosrael a fhad is a dhúnann siad a súile ar uafáis eile, ní hamháin sa tSín ach i gcoimhlintí eile atá tarlaithe sa Mheánoirthear le blianta beaga anuas (mharaigh fórsaí Assad os cionn 300,000 sibhialtach i Siria, cuir i gcás).
Carraig
Is é an chaoi atá sé ag rialtas na hÉireann:
srón mhuice i dtóin mhuic eile.
Áine
‘Bímis ionraic faoi bharbarthacht na Rúise san Úcráin.’ Dá scríobhadh Eoin an talt sin bheadh níos mó inchreidteacht aige i gcás Gaza.
JP
Díol suime é freisin nach ndéanann Pádraig thuas aon trácht ar na hoibrithe daonnúla (200 go nuige seo) a maraíodh d’aon turas agus as fhuil fhuar, duine ar dhuine, i bhfeithicil i ndiaidh feithicle ná ar an 33,000 Palaistíneach eile (mná is leanaí 70% acu) ná ar na tuairisceoirí ar fad a maraíodh agus iad i mbun oibre ná an úsáid a bhaineann an IDF as an ocras & an tart mar úirlis chogaidh ná ar an mbuamáil uileghabhálach a dhéanann fórsaí sceimhlitheoireachta Iosrael ón aer, ón bhfarraige agus ar talamh ar shibhialtaigh fiú agus a n-anam á chur i mbaol acu is iad ag iarraidh dul sa tóir ar ghreim bia ná ar an ngríosú a dhéanann baill tofa de chuid rialtas Iosrael (Netanyahu san áireamh) chun cinedhíothú a imirt ar Phalaistínigh ná ar an bhforghabháil atáthar a dhéanamh ar thailte is ar thithe na bPalaistíneach sa Bhruach Thiar ná an sléacht laethúil a dhéantar ar fheirmeoirí i mbun oibre ar a bpaistí beaga suaracha ansiúd i dteannta an IDF go minic ná an droch-úsáid a thugtar do phríosúnaigh in Iosrael idir mhná is leanaí…ná….
An tSean Commie Bocht
An ceart ag Eoin Ó Murchú. Mar a deir Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise Sergei Lavrov, tá Iosrael ag sárú an dlí idirnáisiúnta i nGaza agus iad ag marú sibhialtaigh ann, rud nár chóir d’aon tír sibhialta a dhéanamh.
Déaglán
Níl a fhios agam an mise atá ag éirí níos criticiúla agus mé ag éirí níos sine nó an é go bhfuil Eoin rite amach as smaointe nó meascán den dá rud. Shíl mé tráth den saol go mbíodh rud éigin spéisiúíl le rá aige. Anois feictear dom go bhfuil sé sothuartha, seanchaite agus aontoiseach agus gur leor an ceannlíne a léamh agus gan bacadh leis na haltanna iad fhéin.
Pádraig
Ní gá dom trácht a dhéanamh ar a bhfuil ag tarlú i nGaza mar bíonn cur síos air lá i ndiaidh lae ag foireann Tuairisc.ie i dtuairiscí nuachta agus i gcolúin. Bítear an-fhonnmhar Iosrael a dhamnú ach cé mhéad colúnaí de chuid Tuairisc.ie atá tar éis an tSín a cháineadh as géarleanúint na nÚigiúrach nó an Asarbaiseáin a cháineadh as an nglanadh eitneach atá deanta acu le tamall anuas i Nagorno-Karabakh? Tá sé aisteach go ndírítear ar bhealach chomh mion agus leanúnach sin ar an gcoimhlint idir Iosrael agus na Palaistínigh nuair atá coimhlintí eile chomh tromchúiseach céanna (nó níos tromchúisí fós) ar siúl le blianta beaga anuas agus gan faic na fríde cloiste againn fúthu ó Eoin Ó Murchú nó ó fhoireann Tuairisc.ie.
óthuaidh
Mura mbuafam, suathfam, a Eoin na gcéadta cath!