Scéim nua Gaeilge ‘Céad Míle Fáilte’ seolta atá dírithe ar dhaoine a thagann thar tír isteach

Dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne go dtabharfaidh an scéim nua atá á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge deis do ‘Nua-Éireannaigh a bhféiniúlacht Éireannach a láidriú’

Scéim nua Gaeilge ‘Céad Míle Fáilte’ seolta atá dírithe ar dhaoine a thagann thar tír isteach

Mohammed Jendia, as an Phalaistín, Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne TD agus Connlaith Ní Raifeartaigh, Bainisteoir 'Céad Míle Fáilte'

Tá scéim nua Gaeilge do dhaoine a thagann ag cónaí in Éirinn as tíortha thar lear seolta ag Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne.

Sheol an tAire Stáit an scéim nua ‘Céad Míle Fáilte’, a bhfuil mar aidhm léi ‘Nua-Éireannaigh’ a mhealladh le Gaeilge a fhoghlaim, in Oifigí UNITE i mBaile Átha Cliath inné.

Maoiniú €511,797 thar thréimhse trí bliana, a cuireadh ar fáil don scéim, atá á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge.

Ag labhairt dó ag an ócáid seolta, dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne go dtabharfaidh an scéim “deis do Nua-Éireannaigh a bhféiniúlacht Éireannach a láidriú.”

“Táim thar a bheith sásta go bhfuil ar chumas mo Roinne tacú le Conradh na Gaeilge leis an bhfeachtas fiúntach seo.

“Nuair a thagann daoine chun cónaí in Éirinn, dírítear go leor ar an mBéarla a fhoghlaim agus léiríonn an feachtas seo dóibh siúd atá nua in Éirinn cé chomh lárnach agus atá an teanga dár gcultúr agus dár bhféiniúlacht,” a dúirt sé.

Faoin scéim nua, beidh ceardlanna agus ranganna á reáchtáil do na ‘Nua-Éireannaigh’ a bheidh dírithe ar fhéiniúlacht na hÉireann, ar thábhacht na teanga agus ar na deiseanna a bhaineann léi.

Ag an seoladh inné, dúirt Mohammed Jendia, teifeach ó Gaza atá ina chónaí i mBaile Átha Cliath, go múineann sé focal nua Gaeilge gach lá dá mhuintir in Gaza agus go bhfuil beagáinín Gaeilge acu faoin tráth seo.

Chan Mohammed Jendia, atá 23 bliain d’aois, ‘Óró Sé do Bheatha Abhaile’ ag seoladh na scéime nua. Dúirt sé gur mór an rud aige an t-amhrán sin mar go gcuireann sé i gcuimhne dó scéal na Palaistíne agus go mbraitheann sé ag baile nuair a chloiseann sé é.

Tá Jendia in Éirinn ó mhí na Samhna seo caite. Tháinig sé anseo lena nia agus a neacht nuair a maraíodh a dheirfiúr in ionsaí de chuid Iosrael. Dúirt sé go raibh fáilte chroíúil curtha ag pobal na Gaeilge roimhe.

“Tá mé ag dúil go mór le páirt a ghlacadh sna ranganna le Céad Míle Fáilte,” arsa Mohammed Jendia.

“Tá pobal na Gaeilge i ndiaidh fáilte iontach a chur romham go dtí seo agus tá sé tábhachtach dom go leanfaidh mé orm ag foghlaim teanga dhúchasach na tíre ina bhfuil mé i mo chónaí.”

Tá súil ag Conradh na Gaeilge go mbeidh 700 duine rannpháirteach sa scéim faoi 2025 agus go mbeidh os cionn 1,300 duine eile páirteach sna ceardlanna agus imeachtaí eile.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin go bhfuil sí ag súil go dtabharfaidh an scéim deis do dhaoine a d’fhéadfadh a bheith ar an “imeall” imeascadh níos fearr le muintir na hÉireann.

Fág freagra ar 'Scéim nua Gaeilge ‘Céad Míle Fáilte’ seolta atá dírithe ar dhaoine a thagann thar tír isteach'