Cainteoirí laethúla Gaeilge ina mionlach i mbeagnach 90% de cheantair Ghaeltachta

De réir anailís atá déanta ag Tuairisc ar fhigiúirí daonáirimh nua, níl oiread is toghroinn amháin sa Ghaeltacht ina labhraíonn níos mó ná dhá thrian den phobal an Ghaeilge gach lá

Cainteoirí laethúla Gaeilge ina mionlach i mbeagnach 90% de cheantair Ghaeltachta

Tá cainteoirí laethúla Gaeilge ina mionlach i mbeagnach 90% de thoghroinn na Gaeltachta.

De réir anailís atá déanta ag Tuairisc ar fhigiúirí daonáirimh nua, níl cainteoirí laethúla Gaeilge ina dtromlach ach in 20 den bhreis is 150 toghroinn Ghaeltachta sa stát.

De réir na hanailíse, níl oiread is toghroinn amháin sa Ghaeltacht ina labhraíonn níos mó ná dhá thrian den phobal an Ghaeilge gach lá taobh amuigh den chóras oideachais.

Is é atá i gceist le cainteoirí laethúla Gaeilge san anailís seo ná daoine atá trí bliana d’aois nó os a chionn a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais, an tslat tomhais is cruinne ar staid na teanga i measc an phobail.

Deir réir an daonáirimh, labhraíonn 20% de phobal na Gaeltachta, nó 20,261 duine, an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.

Thug beagnach 6,500 duine eile sa Ghaeltacht le fios go raibh labhairt na Gaeilge ‘an-mhaith’ acu ach nach labhraíonn siad í gach lá.

Tá 153 toghroinn sa Ghaeltacht, nó tá cuid díobh sa Ghaeltacht.

Idir Daonáirimh 2016-2022, tháinig laghdú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge in 82 de na toghranna sin, beagán os cionn a leath.

Tháinig ardú ar líon na gcainteoirí laethúla idir 2016-2022 i 32 toghroinn Ghaeltachta agus mar a chéile a bhí an céatadán cainteoirí laethúla sa 39 toghroinn eile.

De réir Dhaonáireamh 2016, bhí trí thoghroinn in iardheisceart Chonamara – Garmna (Tír an Fhia agus Leitir Mealláin), Leitir Móir, agus Loch na Scainmhe (Cill Chiaráin) – ina raibh breis is dhá thrian den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Ba iad na trí cheantar ba láidre sa stát ó thaobh céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge ach fágann an laghdú ar líon na gcainteoirí sna trí cheantar ó shin nach bhfuil aon toghroinn sa tír ina bhfuil beirt as gach triúr inti ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.

Líon na gCainteoirí Laethúla sa Ghaeltacht – Na toghranna is láidre

Contae Toghroinn Daonra 3+ Cainteoirí Laethúla Céadtadán
Gaillimh Leitir Móir 862 549 64%
Gaillimh Camas 318 202 64%
Ciarraí Dún Chaoin 204 130 64%
Gaillimh Garmna (Tír an Fhia agus Leitir Mealláin) 1,290 814 63%
Ciarraí Cill Chuáin (Paróiste Múrach) 405 257 63%
Gaillimh Loch na Scainmhe (Cill Chiaráin) 588 364 62%
Gaillimh An Turlach (Ros Muc) 537 326 61%
Gaillimh An Crompán (An Cheathrú Rua) 2,573 1,542 60%
Gaillimh Sailearna (Cois Fharraige Thiar) 1,457 867 60%
Gaillimh Árainn 1,311 768 59%
Gaillimh Cill Chuimín (Ros an Mhíl) 1,353 779 58%
Ciarraí Dún Urlann (Paróiste an Fheirtéaraigh) 471 266 56%
Dún na nGall Mín an Chladaigh 1,358 747 55%
Gaillimh Cill Aithnín (Cois Fharraige Thoir) 1,072 587 55%
Ciarraí Márthain 250 137 55%
Dún na nGall Machaire Chlochair 2,761 1,461 53%
Gaillimh An Cnoc Buí (Carna) 850 439 52%
Dún na nGall Gort an Choirce 1,643 860 52%
Gaillimh Abhainn Ghabhla/Doire Iorrais 295 149 51%
Dún na nGall Dún Lúiche 671 337 50%

*Is ionann cainteoirí laethúla Gaeilge sa taighde seo agus cainteoirí a labhraíonn an Ghaeilge lasmuigh den chóras oideachais gach lá

I nGarmna, thit céatadán na gcainteoirí laethúla ó 72% in 2016 go dtí 63% in 2022, titim ó 71% go dtí 64% a bhí i gceist i Leitir Móir agus laghdaigh an céatadán ó 67% go dtí 62% i Loch na Scainmhe idir 2016-2022.

Tá toghroinn Leitir Móir ar cheann de thrí cheantar ina labhraíonn 64% den phobal an Ghaeilge gach lá taobh amuigh den chóras oideachais, an céatadán cainteoirí laethúla is airde sa stát.

An céatadán céanna atá i gCamas i gConamara agus i dtoghroinn Dhún Chaoin i gCorca Dhuibhne.

Bhí Dún Chaoin ar cheann de na toghranna inar tháinig ardú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge idir 2016- 2022. Bhí 60% de phobal an cheantair ina gcainteoirí laethúla de réir Dhaonáireamh 2016 ach d’ardaigh an figiúr sin go dtí 64% faoi 2022.

Den 14 toghroinn Ghaeltachta i gCorca Dhuibhne, tháinig ardú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge i sé cinn acu. Bhí toghroinn Chill Chuáin, nó Paróiste Múrach, i measc na gceantar sin agus í ar an gcúigiú toghroinn is láidre sa tír ó thaobh cainteoirí laethúla. 63% den phobal ansin a thug le fios go labhraíonn siad an Ghaeilge chuile lá taobh amuigh den chóras oideachais, ardú ó 56% in 2016.

Den 20 toghroinn ina bhfuil breis is 50% den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge, tá 12 acu i nGaillimh, tá ceithre cinn i gCorca Dhuibhne agus tá na ceithre cinn eile i nDún na nGall.

I measc an 20 ceantar sin, ba iad Dún Chaoin, Cill Chuáin agus Márthain (inar ardaigh an céatadán cainteoirí laethúla ó 50% go dtí 55%) i gCorca Dhuibhne agus Oileáin Árann (57% – 59%) na ceithre toghroinn inar tháinig ardú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla idir 2016-2022.

Ní raibh aon athrú i gceist ar An Turlach (61%), i Sailearna (60%) ná i nDún Urlann (56%) le linn na tréimhse céanna.

Dá gcuirfí cur chuige na gcatagóirí a moladh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007, cur chuige nár glacadh léi, i bhfeidhm ar na figiúirí nua thart ar 17 toghroinn Ghaeltachta a bheadh áirithe ina gceantair ‘Catagóir A’.

Bhí 24 toghroinn áirithe ina gceantair ‘Catagóir A’ nuair a foilsíodh an staidéar ar dtús agus 21 a bhí ann nuair a rinneadh nuashonrú ar an staidéar in 2015.

Sa nuashonrú sin, bhí daoine a labhair an Ghaeilge go laethúil sa chóras oideachais amháin áirithe i measc na gcainteoirí laethúla.

Dá ndéanfaí toghranna na Gaeltachta a rangú de réir líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge gach lá taobh amuigh den chóras oideachais, ní bheadh aon cheantar ‘Catagóir A’ fágtha.

Léiríonn na figiúirí is déanaí atá foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh nach bhfuil ach cúig Limistéar Pleanála Gaeltachta ann ina labhraíonn breis is leath den phobal an Ghaeilge chuile lá – Toraigh (69%) Ceantar na nOileán (63%), An Cheathrú Rua (60%), Oileáin Árann (59%) agus Conamara Láir (51%).

De réir na bhfigiúirí a d’fhoilsigh an CSO roimhe seo, tháinig laghdú 1.6% ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht – ó 20,586 in 2016 go dtí 20,261 in 2022.

Ba é Daonáireamh 2022 an dara daonáireamh as a chéile inar tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht.

Laghdú 11% a bhí i gceist idir 2011-2016.

Fág freagra ar 'Cainteoirí laethúla Gaeilge ina mionlach i mbeagnach 90% de cheantair Ghaeltachta'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Anailís an-chuimsitheach a léiríonn go bhfuil éigeandáil teanga ann sna ceantair is láidre Gaeilge sa nGaeltacht. Buille tubaisteach ab ea é, gur cuireadh deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge in 2012 gan aon cheo fiúntach a chur ina áit.

    An ghné is scantrúla faoin alt go raibh 24 toghroinn áirithe ina gceantair ‘Catagóir A’ nuair a foilsíodh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch i 2007 agus nach mbeadh ach 17 gcinn áirithe anois i gCatagóir A, do réir na bhfigiúirí daonáirimh is deireanaí. Má leanann an creimeadh ar aghaidh is gearr uainn nach mbeidh aon cheantar fágtha ina bhféadfaí a rá faoi gur ceantar láidir Gaeltachta atá ann.

    Idir an dá linn tá Roinn na Gaeltachta ag luí ar na maidí. Ardaíonn sé an cheist céard is fiú Roinn na Gaeltachta a bheith ann ar chor ar bith, mura bhfuil siad sásta a admháil go bhfuil éigeandáil ann agus mura bhfuil siad sásta straitéis a chur le chéile le dul i ngleic leis an éigeandáil?

    An bhféadfadh sé gurb é an rún atá ag an Roinn gan aon cheo a dhéanamh a stopfadh an creimeadh sna ceantair Ghaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid: ligint don teanga imeacht do deas mall go dtí go mbeidh gach ceantar Gaeltachta mar a chéile? An bhfuil muid le fanacht inár dtost an fhad is atá seo ag tarlú?

  • Indrek Ois

    Nach ait an scéal é gur féidir oiread agus lá amháin a chaitheamh i gceann de na Gaeltachtaí láidre gan focal Gaeilge a labhairt? Nach in í an teanga a bheadh thart timpeall ort sa bpobal, ag do chuid cairde agus comharsana béal dorais, ag fear/bean an tsiopa srl? Cuireann sé iontas orm.

  • Liam

    Teip an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta is léir. Cén t-ionadh agus bainistíocht i roinnt scoileanna Gaeltachta ag earcú Béarlóirí & ag cothú labhairt an Bhéarla i seomraí ranga agus i spásanna sóisialta sna scoileanna Gaeltachta agus beag is fiú á dhéanamh acu don Oideachas Gaeltachta. Ábhar anseo do Chré na Cille, Eagrán 2!
    Taighde de dhíth maidir leis an dream a scrios an Ghaolainn sna scoileanna Gaeltachta. Na milliúin caite ag an stát agus gan an cumas ag roinnt de na bainisteoirí scoile siúd polasaí Gaolainne a fhorbairt ná a fheidhmiú! Náireach!

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Is breá anailís réalaíoch a léamh seachas an cur i gcéill a fhaightear ón státchóras. Maidir le Garmna agus Leitir Mealláin, ceantar a bhfuil líon na gcainteoirí laethúla imithe in olcas, níl siopa fanta sa gceantar. Tá veain Dunnes ann fós go dtí go dtitfidh na droichid! Dúnadh oifig an phoist i Leitir Mealláin roinnt blianta ó shin. Dúnadh dhá bhunscoil i nGarmna (Cnoc Chathail agus ar an Droim) agus is baolach go dtarlóidh an cleas céanna le scoil Leitir Mealláin. Níl seirbhísí ar bith le fáil sa gceantar. Agus tá sé beagnach dodhéanta ceadúnas pleanála a fháil le teach a thógáil sa gceantar, ní áirím morgáiste a fháil. Cá mbeadh daoine ag fanacht le socrú síos agus clann a thógáil le Gaeilge? Ní hiontas ar bith é go bhfuil líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ag titim sa gceantar. Rachainnse chomh fada is a rá go bhfuil líon na gcainteoirí in aon teanga ag titim sa gceantar. Tá sé seo ag tarlú agus cur i gcéill an státchórais i leith na Gaeilge faoi lán tseoil (ré an phóstaerachais, na n-oifigeach teanga agus na bpleananna).

  • Colm

    Mícheál, tá roinnt den cheart agat. Maidir leis an obair atá ar bun sa LPT, tá dul chun cinn iontach déanta acu ag tabhairt daoine le chéile ar an talamh atá paiseanta faoin nGaolainn. Tá dea-thoradh ar a gcuid oibre le feiscint. An áit go bhfuil an locht ná go bhfuil tuistí atá ag tógáil a gclann le Gaolainne ligthe síos ag roinnt scoileanna Gaeltachta atá gan aird ar an nGaolainn de bharr easpa measa bhainistíocht sna scoileanna sin ar an dteanga. Nuair a dhéanann tuiste gearán, bíonn impleachtaí aige seo don pháiste. Tá an córas briste de bharr roinnt bhainisteoirí scoile sna Gaeltachtaí ag brú Béarla ar an óige. Ní bheadh seo ag tarlúint don Ghaolainn dá mbeadh tionchar aige ar pháigh na ndaoine úd!

  • Nóra Ní Ghríofa

    Nuair a chloiseann tú múinteoirí sa nGaeltacht ag rá good job, ok guys, let’s go, ok try again mar chuid de ghnáthchaint na scoile chuile lá, cén seans atá ag an teanga fanacht i mbarr uisce? Tá scoileann áirithe sa nGaeltacht atá thar a bheith báúil don teanga ach faraoir tá go leor cur i gcéill i gceist le scoileanna eile. Éist leis an teanga atá á labhairt i seomra fóirne na scoile, Tabharfaidh sé sin léargas mhaith dhuit ar thoil na scoile i dtaobh na Gaeilge.