Simon Harris agus an Ghaeilge – naimhdeas nó fuarchúis?

Ní haon áibhéil a rá nach bhfuil aon duine ag súil le mórán ó Simon Harris ó thaobh na Gaeilge de

Simon Harris agus an Ghaeilge – naimhdeas nó fuarchúis?

‘A dhaoine uaisle, a chairde, oíche mhaith agaibh go léir agus fáilte go Gaillimh,’ arsa Simon Harris ag tús a óráide ag Ard-Fheis Fhine Gael.

Bheifeá ag súil leis an abairt Ghaeilge mar bheart siombalach ó cheannaire nua páirtí atá faoi réir le bheith ina Thaoiseach, ach arb é Harris an chéad cheannaire a dúirt oíche mhaith le daoine mar thús lena chéad mhór-óráid?

Conas a chuirfidh sé tús lena chéad óráid mar Thaoiseach inniu? Céad slán libh go léir anois, go raibh maith agaibh as na cuimhní iontacha?

‘You Ain’t Seen Nothin’ Yet’ an t-amhrán a roghnaíodh agus Harris ag déanamh a shlí go dtí ardán na hArd-Fheise agus bosa á mbualadh in airde aige lena lucht tacaíochta.

I bhfianaise na patuaire i leith na teanga a léirigh cuid de na ceannairí a bhí in oifig an Taoisigh roimhe, d’fhéadfadh gur mó de bhagairt ná d’údar dóchais a rogha cheoil.

Ní haon áibhéil a rá nach bhfuil aon duine ag súil le mórán ó Simon Harris ó thaobh na Gaeilge de.

“Níl mórán Gaeilge agam agus bím an-mhacánta faoi sin. Tá sé ar intinn agam ranganna Gaeilge a dhéanamh,” a dúirt Harris roimh an Ard-Fheis sa Ghaillimh.

Luaigh sé na ranganna Gaeilge ar dtús dhá bhliain ó shin agus thug sé le fios sa Dáil an samhradh seo caite go raibh sé tosaithe ar an bhfoghlaim. Tá sé ag iarraidh a thuilleadh ranganna a dhéanamh anois agus é ag maíomh i gcónaí go bhfuil sé ag iarraidh cur lena chuid Gaeilge. Ba “dheas” an rud é ó Chonradh na Gaeilge cabhair a thairiscint dó, ar sé.

Idir an dá linn, dúirt sé go ndéanfadh sé féin agus a rialtas a ndícheall chun tacú leis an teanga agus nach gcuirfeadh a easpa Gaeilge isteach ná amach air sin.

“Caithfimid i bhfad níos mó a dhéanamh ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge,” a dúirt sé.

Ní hí a easpa Gaeilge an chúis amhrais is mó a bheadh ag lucht na teanga faoi Harris, áfach. Ní raibh focal ina óráid Ard-Fheise aige faoi chás na Gaeilge ná na Gaeltachta agus níl aon suim léirithe aige go poiblí sna cúrsaí sin ó toghadh ina Theachta Dála é in 2011.

Le linn an fheachtais olltoghcháin an bhliain sin, thacaigh Harris go láidir le polasaí Fhine Gael deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge san Ardteist.

B’fhéidir anois agus teaspach na hóige curtha de aige go bhfuil a intinn athraithe aige faoi sin, ach tá fianaise eile ann faoi chlaonadh a bheith ag an Taoiseach nua in aghaidh na Gaeilge.

Bíodh an naimhdeas nó an fhuarchúis taobh thiar den chlaonadh sin, is ar éigean gur éirigh leis é a cheilt.

Agus é ina aire ardoideachais ba mhinic é á cháineadh ag an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív faoina mheon i leith na teanga.

Ceist mhór é an soláthar ardoideachais trí Ghaeilge mar gheall ar sprioc an Achta Teanga leasaithe gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030, ach is cosúil nach bhfuil aon tuiscint ag Harris ar an gceist sin nó nach bhfuil aon suim aige inti.

“Blah, blah, blah” a thug Ó Cuív ar áiteamh Harris go raibh dóthain cúrsaí Gaeilge tríú leibhéal ann leis an éileamh a bheidh ar chainteoirí líofa a shásamh. Dúirt Ó Cuív go raibh sé ar nós go raibh Harris “ag tabhairt an dá mhéar” d’Aire Stáit na Gaeltachta maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn ag an tríú leibhéal.

Ghéill Harris sa deireadh anuraidh go bpléifeadh sé leis an Údarás um Ard-Oideachas conas is fearr freastal ar an éileamh breise a bheidh sa tseirbhís phoiblí ar chainteoirí líofa Gaeilge amach anseo, ach ní léir go bhfuil aon rud déanta faoin scéal aige.

Measadh chomh maith gur ‘ionsaí naimhdeach’ ar an nGaeilge a bhí i gceist nuair a d’fhoilsigh sé dréachtreachtaíocht ardoideachais nach raibh tagairt ar bith don Ghaeilge inti, ach sa chás sin ghlac sé le roinnt leasuithe a mhol Conradh na Gaeilge, comhartha, b’fhéidir gur féidir dul i bhfeidhm air.

Agus é ina aire sláinte, mhaígh Harris sa Dáil go raibh a chinneadh diúltú do lipéid dhátheangacha ar dheochanna meisciúla bunaithe ar thaighde, ach léiríodh i scéal a foilsíodh ar an suíomh seo nach raibh ceist na Gaeilge ar na lipéid san áireamh sa taighde a luaigh sé.

Dúirt aire stáit sa Roinn Sláinte sa Dáil ag an am gur ‘baineadh siar aisti ar a chloisteáil di a laghad fianaise a bhí ag Harris dá mhaíomh go gcuirfeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ar lipéid deochanna alcóil ‘mearbhall’ ar dhaoine.

Is nuair a bhí Harris ina aire sláinte chomh maith a bunaíodh an nós ag tús na paindéime Covid-19 gur i mBéarla amháin nach mór a bheadh na fógraí sláinte poiblí agus an chomhairle sláinte is an t-eolas ba dhéanaí i dtaobh an ghalair.

Údar iontais an-mhór a bheadh ann, mar sin, dá dtiocfadh aon athrú mór chun feabhais ar stádas na Gaeilge agus Simon Harris ina Thaoiseach.

Oíche mhaith agus dúisigh sinn má tharlaíonn aon rud.

Fág freagra ar 'Simon Harris agus an Ghaeilge – naimhdeas nó fuarchúis?'

  • Máire

    Is beag nach maithfinn scríbhneoir áirithe eile daoibh dá mbeadh níos mó dá leithéid seo agaibh.

  • Páidín Ó Raifeartaigh

    Nach bhfuil Cuív Ó Éamonn (fear mór na Gaeilge ag FF le dhá ghlún) in ann a rá le Seoinín Harris gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil i mBunreacht na hÉireann agus go bhfuil sé ar buile leis?

  • Gabriel Rosenstock

    Codladh sámh!

  • An Teanga Bheo

    Labhair an Teanga Ghaeilge liom Simon,,,,,,,,,, agus crois Fine Gael dá iompar agat?

  • Máirín

    Dá mbeadh Fianna Fáil dáiríre faoin aidhm in Acht na dTeangacha Oifigiúla go mbeadh 20% de státseirbhísigh in ann gnó a dhéanamh trí Ghaeilge bheadh Mícheál Martin tar éis brú leanúnach a chur ar airí agus ceannaire Fhine Gael oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil ón naíscoil go dtí an tríú leibhéal. Gan méadú mór ar an solathar oideachais trí mheán na Gaeilge seo níl in Acht na dTeangacha Oifigiúla ach fantaisíocht. Is léir nach tosaíocht d’Fhianna Fáil é seirbhísí Stáit a sholáthar trí mheán na Gaeilge.

    Labhraíonn an Teachta Ó Cuív faoi Simon Harris, an bla-bla-bla agus an Ghaeilge i seomra na Dála amhail is go bhfuil Fianna Fáil sa fhreasúra nuair is cuid lárnach den Rialtais iad.
    Is trua nach ndíríonn an Teachta Ó Cuív a chuid gearáin maidir le géar-easpa an oideachais Lán-Ghaeilge sna 26 contae ar ceannaire Fhianna Fáil, Mícheál Martin mar sa gcás seo is aige is mó a bhfuil an cumhacht chun an scéal a leigheas.

  • Seán Mag Leannáin

    Nár vótáil Ó Cuív dó mar Thaoiseach sa Dáil inniu? FG, FF… is ionann an cás an t-éag agus an bás.

  • JP

    Cuma cén teanga a labharfaidh Harris…beimid sna haras(aí) aige. É ag rith leis féin cheana féin, gamaill na hArdfheise éirithe chuige…focail mhóra & mogaill fholmha…a liacht sin breac órga a thabharfaidh SÉ ar an bport dúinn.
    Nach É a bhí chun cuma agus caoi, slacht agus smacht a chur ar an HSE ní fadó ó shin?
    Sín chugam leathghloine eile in ainm Chroim.

  • Ciarán Ó Coigligh

    Níorbh fhiú le Leon Varadcar a oiread is focal Gaeilge a labhairt chúns a bhí sé dá chur in iúl don tsaol mór go raibh sé ar hob éirí as. Bhí tost na ngníomhaithe agus na n-eagras Gaeilge faoin masla seo don Ghaeltacht suntasach. Tá ‘súil eile’ agus ‘ meon eile’ na Gaeilge caite in aer leis na déaga de bhlianta acu siúd a ghlac scun scan le cead raide na bunaíochta. Níl aon Ghaeilge ag Síomón Mac Anraí. Sin é meas na bunaíochta ar na Gaeilgeoirí gairmiúla, ar na gníomhaithe, agus ar an nGaeltacht trí chéile – meas mada.