Ní raibh an Ghaeilge san áireamh i dtaighde faoi lipéid alcóil a luaigh an tAire Sláinte sa Dáil

Níl ach trí thagairt fhánach don Ghaeilge sa tuarascáil 200 leathanach a luaigh an tAire Sláinte lena chinneadh diúltú do lipéid dhátheangacha ar dheochanna meisciúla agus baineann na tagairtí sin le boscaí tobac amháin

Ní raibh an Ghaeilge san áireamh i dtaighde faoi lipéid alcóil a luaigh an tAire Sláinte sa Dáil

Ní raibh an Ghaeilge san áireamh i dtaighde faoi lipéid ar dheochanna meisciúla ar thagair an tAire Sláinte dó sa Dáil mar fhianaise go gcuirfeadh rabhadh dátheangach sláinte ar alcól mearbhall ar dhaoine.

Léiríonn anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar an taighde atá i gceist nach bhfuil ach trí thagairt fhánach don Ghaeilge sa tuarascáil 200 leathanach a luaigh an tAire agus go mbaineann na tagairtí sin leis na lipéid ar bhoscaí tobac.

Cruthúnas é seo a deir urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go bhfuil ceisteanna móra le freagairt ag an Aire Harris faoin méid a bhí le rá aige sa Dáil an tseachtain seo caite faoi chás na Gaeilge ar na lipéid atá beartaithe do dheochanna meisciúla.

Dúirt an Teachta Dála Ó Cuív le Tuairisc.ie inné go mbeadh ceist á cur aige ar an Aire Harris faoin scéal sa Dáil le linn tráth na Saincheisteanna Tráthúla le “deis a thabhairt dó míniú” a thabhairt ar a an mbrí a bhain sé as an taighde a rinne Amárach Research in 2015.

Baineann cuid mhór den taighde sin, a rinneadh don Roinn Sláinte in 2015 agus a bhfuil cóip de faighte ag Tuairisc.ie, le lipéid shamplacha bhréige a cuireadh faoi bhráid an phobail i suirbhé náisiúnta agus i ngrúpaí fócais féachaint le tuairimí daoine a fháil faoin mbealach ab fhearr le rabhadh sláinte a chur ar dheochanna meisciúla.

Ach i mBéarla amháin a bhí na lipéid shamplacha a cuireadh faoi bhráid an phobail sa suirbhé náisiúnta agus níor cuireadh aon cheist in aon chor faoi lipéid dhátheangacha sa suirbhé céanna a rinneadh i measc os cionn 1200 duine.

Tagraíodh do cheist an dátheangachais i gcás na ngrúpaí fócais a eagraíodh don taighde, ach na lipéid dhátheangacha ar bhoscaí tobac amháin a bhí i gceist leis an bplé sin.

Ceann de na lipéid shamplacha a cuireadh faoi bhráid an phobail mar chuid den Alcohol Labelling Study Final Report a rinneadh in 2015. Ní raibh an Ghaeilge san áireamh sna lipéid a cuireadh faoi bhráid an phobail.

Luaigh an tAire Sláinte Simon Harris an taighde seo sa Dáil an tseachtain seo caite mar fhianaise nach mbeadh an teachtaireacht ar na lipéid atá beartaithe do dheochanna meisciúla chomh soiléir nó chomh héifeachtach céanna dá mbeadh sí i mBéarla agus i nGaeilge.

Mhaígh an tAire go mbeadh moill bhreise ar an mBille um Shláinte Phoiblí dá nglacfaí le leasú air ó Fhianna Fáil a d’fhágfadh go mbeadh an rabhadh sláinte atá molta do dheochanna meisciúla dátheangach.

Dúirt sé, áfach, gurb é an “paramount objective” ná a chinntiú go mbeadh an t-eolas ar na lipéid “soiléir” agus “éifeachtach”.

“A study was commissioned from Amárach Research in August 2015 to provide recommendations on how to best communicate critical information through labelling on the risk relating to alcohol consumption.

“There must be an evidence base to this and we must ensure this is an effective way of communicating. The research indicates that the inclusion of the information in another language on labels served to confuse the message being relayed.”

Léiríonn anailís Tuairisc.ie ar an taighde a luaigh an tAire, áfach, gur lipéid shamplacha i mBéarla amháin a cuireadh faoi bhráid an phobail don tuarascáil Alcohol Labelling Study Final Report.

Níl aon fhianaise sa taighde sin ach oiread maidir le cás na Gaeilge agus an rabhadh sláinte ar dheochanna meisciúla, cé go luaitear trí huaire sa tuarascáil na lipéid dhátheangacha ar bhoscaí tobac a pléadh le linn na ngrúpaí fócais a d’eagraigh Amárach Research don Alcohol Labelling Study Final Report.

Ceann de na lipéid shamplacha a cuireadh faoi bhráid an phobail mar chuid den Alcohol Labelling Study Final Report a rinneadh in 2015. Ní raibh an Ghaeilge san áireamh sna lipéid a cuireadh faoi bhráid an phobail.

Baineann an chéad tagairt don Ghaeilge agus na lipéid ar na boscaí tobac leis an tuairim go bhfuil an t-eolas sláinte ar chúl na mboscaí “hampered due to the length of the sentence and bilingual approach in such a small space”.

Baineann an dara tagairt don Ghaeilge ar na boscaí tobac leis an dearcadh a léirigh roinnt daoine ag na grúpaí fócais nár bhain a leithéid “le hábhar”.

“Many viewed the inclusion of the messaging in the Irish language as irrelevant. Some respondents suggested, jovially, that the information on cigarette packages were only really useful as an education tool promoting the Irish language: ‘I just look at them and think; oh that’s how you say that in Irish’… Male, Limerick.”

Sa tríú tagairt do na lipéid dhátheangacha ar na boscaí tobac, deirtear gur thug rannpháirtithe na ngrúpaí fócais le fios gurbh ionann tobac agus “a very different product than alcohol” ach go raibh doiléire ag baint leis na lipéid tobac toisc iad a bheith dátheangach.

“As a further note of caution, the inclusion of messaging in the Irish language served to confuse the message,” a deirtear sa tuarascáil.

Lipéad samplach ar bhuidéal san Alcohol Labelling Study Final Report 

Seachas na tagairtí sin do thuairimí daoine ag na grúpaí fócais faoi bhoscaí tobac, ní luaitear ceist an dátheangachais sa tuarascáil in aon chor.

Chomh maith leis sin, cé go luaitear sa taighde an rabhadh sláinte a bhíonn ar dheochanna meisciúla i gCeanada mar shampla den ‘dea-chleachtas’ is fearr go hidirnáisiúnta, ní luaitear go mbíonn na lipéid sin i gCeanada dátheangach.

Dhiúltaigh an tAire Sláinte Simon Harris sa Dáil an tseachtain seo caite do leasú ar an mBille um Shláinte Phoiblí nua a d’fhágfadh go mbeadh rabhadh sláinte i nGaeilge agus i mBéarla ar dheochanna meisciúla.

Ghéill Fianna Fáil go dtarraingeofaí siar an leasú ionas, a dúradh, nach gcuirfí moill ar achtú an bhille, ach bhí argóint theasaí ann faoi cheist na Gaeilge sa reachtaíocht.

Le linn na díospóireachta, chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív i leith an Aire Sláinte go raibh a dhearcadh faoin gceist “extraordinarily ignorant” agus dúirt sé nach dtarlódh sé “i stát ar bith eile ar domhan go dtabharfaí isteach fógra tábhachtach poiblí i dteanga oifigiúil amháin”.

Dúirt Ó Cuív gur “dearmad tromchúiseach” a bhí ann ag an Aire gan soláthar a dhéanamh don Ghaeilge sa dréachtreachtaíocht agus gur léirigh a “mhíchúram” sa chás seo meon an Rialtais i leith na Gaeilge. D’fhág an dearmad sin nach raibh aon rogha anois ach an leasú a tharraingt siar, a mhaígh Ó Cuív.

Mar fhreagra ar an gcáineadh a rinne Ó Cuív air, mhaígh an tAire Sláinte Simon Harris go raibh a chinneadh i dtaobh na Gaeilge ar na lipéid bunaithe ar thaighde.

“I am in the business of evidence-based policies and evidence-based politics,” a dúirt an tAire Sláinte Simon Harris.

Dúirt Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie inné áfach gur léirigh an scagadh a bhí déanta ag Tuairisc.ie ar an taighde a bhí i gceist ag an Aire sa chás seo go raibh ceisteanna le freagairt aige faoin méid a bhí le rá sa Dáil an tseachtain seo caite aige.

Fág freagra ar 'Ní raibh an Ghaeilge san áireamh i dtaighde faoi lipéid alcóil a luaigh an tAire Sláinte sa Dáil'

  • Magoidh

    Idir 2014-16 do b’é an Taoiseach Leo Varadkar a bhí ina Aire Sláinte le linn do Amárach Research a bheith i mbun taighde. Níor iarr sé urthu go mbeadh na fógraí oifigiúil sláinte ón stáit ar buidéil agus cannai alcóil sa dá theanga oifigiúil. .
    Tá Simon Harris freagrach as an coinníol frithGhaeilge seo san Acht Alcóíl a chosaint os comhair na Dála ach is iad Fianna Fáil a chuir an Acht Alcóil thríd an Oireachtais; acht a chuireann cosc ar an Ghaeilge i bhfógraí sláinte stáit . Bhí deis ag Fianna Fáil seasamh a thógaint ar son cearta teanga ach is léir go raibh faoitíos orthu roimh aoire siniciúil na meán.

  • Mairéad

    Céim ar gcúl é seo don Ghaeilge nach bhfuil an cead de réir dlí an dá theanga oifigiúil sa stát a úsáíd ar buidéil agus cannaí alcóil agus gan cead sin fiú ag comhlachtaí dí na Gaeltachta. Scriosfaidh an rabhadh slainte I mBéarla amháin an íomhá Gaelach atá said ag iarraidh a chothú mar cuid da feachtais margaíochta.
    Tá trí theanga ceadaithe sa mBeilg agus san Eilbhéís sa rabhadh sláinte ar phaicéid toitíní.
    An bhfuil Mícheál D Ó hUiginn chun seasamh a thógaint ar seo. Mura bhfuil níór chóír vóta a chaitheamh do.

  • Pól Ó Braoin

    Tuigeann muid go rímhaith dearcadh Fhine Gael agus dearcadh Fhianna Fáil ar chúrsaí na Gaeilge agus cloiseann muid an ráiméis náireach uathu faoi “stádas na Gaeilge” ach feiceann muid an stádas praiticiúil a thugtar do lucht a húsáide agus an crú ar an tairne…

  • Éibhear Neff

    Béalthacaíocht a dtugann Fine Gael & Fianna Fáil don Ghaeilge agus ag an am ceannann céanna ár dteanga náisiúnta a thréigean.

    Is scannalach an dearcadh atá ag aineolaithe ar Ghaeilge na hÉireann. Náire ar eolaithe a ligean réim leis.