Rinne Dara Calleary, TD, an tAire Coimirce Sóisialaí agus an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus a Shoilse Dennis King, Ambasadóir Cheanada chun na hÉireann, gradaim a bhronnadh an Aoine seo caite mar chuid de Chlár Gaeilge Fhondúireacht Ollscoile na hÉireann agus Cheanada (ICUF), a bhí ar siúl ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua, Conamara. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Mic léinn ollscoile as Ceanada ar bhronn an tAire Dara Calleary agus Dennis King, Ambasadóir Cheanada, gradaim orthu mar chuid de Chlár Gaeilge Fhondúireacht Ollscoile na hÉireann agus Cheanada (ICUF) . Ansin chomh maith bhí Treasa Uí Lorcáin, Stiúrthóir Eatramhach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus James Kelly, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an ICUF. Bronnadh dámhachtanna i dteagasc na Gaeilge ar sheachtar Éireannach le dul ag teagasc i gCeanada
Fáilte chuig Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua, Conamara, roimh Dara Calleary, TD agus Dennis King, Ambasadóir Cheanada ag Treasa Uí Lorcáin, ar chlé, Stiúrthóir Eatramhach an Acadaimh. Sa phictiúr chomh maith tá Veronica Ní Ghríofa, Riarthóir Eatramhach ar an gCeathrú Rua agus James Kelly, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an ICUF.
An slua a bhí i láthair
Treasa Uí Lorcáin, Stiúrthóir Eatramhach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag cur tús leis an ócáid
James Kelly, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an ICUF
Suaitheantas an chairdis idir Ceanada agus Éirinn
An tAire Dara Calleary
An tAire Calleary ag déanamh comhghairdis leis na scoláirí agus na teagascóirí
Dennis King, Ambasadóir Cheanada
Triúr den seachtar teagascóirí ar bronnadh dámhachtanna Teagasc na Gaeilge orthu chun an teanga a theagasc in ollscoileanna i gCeanada. Ó chlé tá Maebh Ní Dhuinnín, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co Chorcaí (Ollscoil St Mary’s Halifax); Siobhán Cronin, Sráid an Mhuilinn, Corcaigh (Ollscoil Ottawa) agus Róisín Ní Bhroin, Guaire, Loch Garman (Ollscoil St Thomas, Frederickton)
Diane McFaul, Oireachtas Gaeilge Cheanada
Seán Gallagher, Conradh na Gaeilge, Toronto
Mic léinn as Ollscoil St Thomas, Frederickton, a bhí páirteach i gClár Gaeilge Fhondúireacht Ollscoile na hÉireann agus Cheanada (ICUF)
Mic léinn as Ollscoil Ottawa
Mic léinn as Ollscoil Saint Mary’s, Halifax
Mic léinn as Ollscoil Memorial
Mic léinn as Ollscoil Alberta
Mic léinn as Ollscoil Concordia
Mic léinn as Ollscoil St Michael’s College, Ollscoil Toronto
Gaeilgeoirí nua! Megan Gaulton agus Morgan Ryan, Ollscoil Memorial, Ceanada, lena ngradaim
Dennis King, Ambasadóir Cheanada le Maebh Ní Dhuinnín, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co Chorcaí, ar bronnadh dámhachtain Teagasc na Gaeilge uirthi in Ollscoil St Mary’s Halifax i gCeanada. Ina teannta tá a tuismitheoirí Pádraig agus Katie Ó Duinnín
Aithníonn Cróinín Cróinín eile? Éireannach Siobhán Cronin, ar chlé, atá ar a bealach go Ceanada tar éis di dámhachtain Teagasc na Gaeilge in Ollscoil Ottawa a fháil, agus Kiera O’Cronin, bean Cheanada, ar bronnadh scoláireacht Ghaeilge de chuid Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada uirthi i gcomhpháirt le hOllscoil Alberta. Chaith Kiera a tréimhse foghlama in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Gradaim Ghaeilge bronnta ar mhic léinn as Éirinn agus as Ceanada ar an gCeathrú Rua'