‘Seafóid’ a mhaíomh go bhfuil ‘údar dlisteanach imní’ ag aontachtaithe faoin nGaeilge

Deir An Dream Dearg nach bhfuil ciall leis an tuairim a léirigh iarChéad-Aire na Breataine Bige go bhfuil “údar dlisteanach imní” ag Aontachtaithe an Tuaiscirt faoin nGaeilge

‘Seafóid’ a mhaíomh go bhfuil ‘údar dlisteanach imní’ ag aontachtaithe faoin nGaeilge

Deir lucht feachtais teanga nach bhfuil “aon bhunús” le tuairim a léirigh iarChéad-Aire na Breataine Bige faoi chás na Gaeilge ó thuaidh.

Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, urlabhraí teanga leis an Dream Dearg, nach bhfuil ciall leis an tuairim a léirigh Mark Drakeford, iarChéad-Aire na Breataine Bige, go bhfuil “údar dlisteanach imní” ag Aontachtaithe an Tuaiscirt faoin nGaeilge.

Dúirt Drakeford, atá anois ina Rúnaí don Bhreatnais i Rialtas na Breataine Bige, ar an gclár raidió Sunday Politics le déanaí go bhfuil “údar dlisteanach imní” ag daoine faoin nGaeilge ach gur “féidir dul i ngleic leo”.

Dúirt sé nach gá d’Aontachtaithe aon imní a bheith orthu faoin nGaeilge a fhad is go nglactar lena mbuaireamh ar bhealach “mothálach”.

Dúirt sé go raibh sé féin thar a bheith “compordach” lena fhéiniúlacht Bhriotanach agus lena fhéiniúlacht Bhreatnach agus nach mbaineann ceann amháin acu den cheann eile.

Ach maíonn Pádraig Ó Tiarnaigh, duine de na gníomhaithe teanga is mó aithne sa Tuaisceart, gur buaireamh “réamhcheaptha” é an buaireamh a bhíonn ar Aontachtaithe roimh an nGaeilge agus gur minic a bhíonn na tuairimí frith-Ghaeilge a léirítear ó thuaidh “fréamhaithe i bhfealsúnacht” a thugann leithscéal do dhaoine iarracht a dhéanamh an teanga “a dhíbirt ón saol poiblí”.

“Ní ghlacaim leis go bhfuil aon bhunús leis an tuairim go bhfuil buaireamh dlisteanach ann maidir leis an Ghaeilge. Go rímhinic, is buaireamh réamhdhéanta é atá á bhrú chun cinn le caoga bliain anuas ag ceannairí an Aontachtais pholaitiúil.

“Bíonn na tuairimí sin go minic lonnaithe i bhfealsúnacht an fhorlámhais chultúrtha a thugann bréag-leithscéal do dhaoine ar mian leo an teanga a dhíbirt ón saol poiblí. Níl aon bhunús sa dlí, anseo nó go hidirnáisiúnta, a deir go gcuireann gníomhartha dearfacha i leith na Gaeilge isteach ar Bhéarlóirí nó ar chearta pobail eile,” a dúirt Ó Tiarnaigh.

Dúirt Drakeford nár cheart “liathróid pholaitiúil” a dhéanamh den teanga agus gur cheart aird a thabhairt ar an imní atá ar Aontachtaithe fúithi.

Ach dúirt Ó Tiarnaigh gur “seafóid” a bhí sa mhaíomh gur buaireamh dlisteanach a bhí á léiriú ag Aontachtóirí agus go raibh a leithéid ann sa Bhreatain Bheag féin sular tugadh isteach reachtaíocht “láidir” teanga.

“Chuaigh an Bhreatain Bheag i ngleic le seafóid den chineál seo trí reachtaíocht shoiléir, láidir, agus cheartbhunaithe a chur i bhfeidhm a chaitheann le lucht na Breatnaise ar aon dul le lucht an Bhéarla. Tógaimis ceachtanna dea-chleachtais teanga ónar gcairde sa Bhreatain Bheag thar aon chomhairle eile,” a dúirt Ó Tiarnaigh.

Fág freagra ar '‘Seafóid’ a mhaíomh go bhfuil ‘údar dlisteanach imní’ ag aontachtaithe faoin nGaeilge'

  • niall Ó Flaithbheartaigh

    Mo ghreidhn iad na hainniseoirí bochta!!! Ach má eirigh leo Ulster Scots a thabhairt leo, chomh maith le teanga na banríona, b’ait liom go mbéadh aon dua ag baint leis an nGaolainn. :-)

  • Kevin Hickey

    Ba chomaoin ar na haontachtóirí eolas a bheith acu ar a stair féin.

    Ba nós leis an dá phobal ó thuaidh an teanga a labhairt. Gaeilge a bhí ag cuid nach beag de na Plandálaithe taobh istigh de ghlúin nó dhó. Bhí a thuilleadh acu a tháinig anall ó Albain agus í acu cheana féin.

    Faoin am a dtáinig deireadh leis an gCéad Chogadh Mór, tugadh chun cuimhne dílseoirí caillte a bhí ina saighdiúirí in arm na Breataine agus arbh í an Ghaeilge a gcéad teanga.

    Ó shin i leith, tá labhartha ag Risteard Ó Glaisne ar an ról sóisialta agus oideachais a bhí ag an teanga sa dá phobal ó thuaidh sa bhfichiú haois; aiste ghearr inléite dar teideal ‘Irish and the Protestant Tradition’ arbh fhiú do dhaoine í a léamh.

    Ní leor ‘Táimse im chodladh / Is ná dúistear mé’ mar leithscéal a thuilleadh.