Dúirt Aire Stáit sa Roinn Sláinte tráthnóna inné gur ‘baineadh siar aisti’ ar chloisteáil di a laghad fianaise a bhí ag an Aire sinsearach sa Roinn chéanna dá mhaíomh go gcuirfeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ar lipéid deochanna alcóil ‘mearbhall’ ar dhaoine.
Agus ceisteanna á bhfreagairt ag an Aire Stáit Catherine Byrne thar ceann an Aire Sláinte Simon Harris, dúirt sí go raibh sí “taken aback” nuair a cuireadh in iúl di nach raibh ach trí thagairt don Ghaeilge sa tuarascáil taighde a rinneadh faoi na lipéid alcóil.
Dúirt Byrne nach raibh an tuarascáil atá i gceist léite aici féin ach go raibh sí chun an tAire Harris a cheistiú faoin bhfianaise a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív ina láthair.
Dúirt Byrne chomh maith go raibh fúithi iarraidh ar an Aire teacht os comhair na Dála chun ceisteanna a fhreagairt é féin faoin ábhar.
Bhí Harris le bheith sa Dáil tráthnóna inné chun ceisteanna faoin scéal a fhreagairt, ach cuireadh an tAire Stáit ann ina áit mar go raibh dualgas eile air.
Rinne an Teachta Dála Éamon Ó Cuív ionsaí fíochmhar ar an Aire Sláinte agus chuir sé ina leith nach raibh bunús ar bith lena áiteamh gur léirigh taighde a rinne Amárach Reasearch in 2015 go gcuirfeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ar lipéid deochanna alcóil ‘mearbhall’ ar dhaoine.
Mhaígh an tAire Sláinte sa Dáil an tseachtain seo caite go raibh a chinneadh diúltú do lipéid dhátheangacha ar dheochanna meisciúla bunaithe ar thaighde, ach léiríodh i scéal a foilsíodh ar an suíomh seo nach raibh ceist na Gaeilge ar na lipéid san áireamh sa taighde a luaigh an tAire.
Dúirt Éamon Ó Cuív sa Dáil inné nach raibh ach trí thagairt fhánach don Ghaeilge sa tuarascáil 200 leathanach a luaigh an tAire agus gur bhain na tagairtí sin le tuairimí a nocht daoine ag grúpaí fócais faoi na lipéid ar bhoscaí tobac.
“Evidence is evidence, not hearsay. Not throwaway remarks,” a dúirt Ó Cuív.
Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil gur chóir don Aire leithscéal a ghabháil as a thagairt ‘ar nós cuma liom’ don bhaol do shláinte an phobail a bhainfeadh le rabhadh sláinte i nGaeilge agus rinne sé comparáid idir an fhianaise a luaigh an tAire agus na daoine a chreid fadó go raibh an domhan cothrom.
Dá mbeadh grúpaí fócais ann an uair sin, a dúirt Ó Cuív, d’fhéadfaí ‘80% de dhaoine’ a fháil chun a rá go raibh an domhan cothrom, ach ní fhágfadh sin nach raibh an domhan cruinn.
Agus ráiteas á léamh amach ag an Aire Stáit Catherine Byrne thar ceann an Aire, thug sí le fios gur sheas Harris lena mhaíomh nach mbeadh an rabhadh sláinte ar dheochanna chomh héifeachtach ná chomh soiléir dá mbeadh an Ghaeilge air agus gur chruthaigh an taighde an méid sin.
Dúirt Catherine Byrne gur “travesty” a bheadh ann dá gcuirfí a thuilleadh moille ar an mBille um Shláinte Phoiblí.
Magaoidh
Tá an scéal seo thar a bheith neamhghnách nuar atá aire sóisearach ó pháirtí Fhine Gael chun Simon Harris an tAire Sláinte ón pháirtí céanna a cheistiú faoin a ráiteas “I am in the business of evidence-based policies and evidence-based politics.”agus gan fianaise eolaíoch ar bith aige.
Tá neart saineolaithe dlí atá fábharach don Ghaeilge agus is “test-case” é seo do ghluaiseacht na Gaeilge. Tá lipéadú dhátheangach ar phaicéid toitíní le fada agus bheadh sé an-éasca an Bille Alcóil a leasú dá mbeadh Fianna Fáil sásta seasamh a thógaint de bharr bhrú ó phobal na Gaeilge. Cás cúirte an dara bealach chun an éagóir seo a throid.
Ní cosnóidh lipéadú dátheangach cent rua ar an gcáiníocóir.
Mairéad
@magaoidh
Tá sé ró- dheireanach do Fhianna Fáil aon rud a dhéanamh anois. Tá an Bille Alcóil maslach seo rite leis as stábla na Dála. Cás cúirte a taon bhealach le seo throid. Agus é ag tarraingt siar leasú Fhianna Fáil faoi rabhadh sláinte dátheangach dúirt Stephen Donnelly go raibh an baol ann go dtabharfaí dúshlán an Bhille Alcóil sna cúirteanna.
Nach suarach na deora crogaill atá ag sileadh le leicne Chuív Uí agus fios maith aige nár chuir Fianna Fáil cos i dtaca sa chéad áit agus diúltú don chosc seo ar an nGaeilge sa Bille Alcóil. Sách maith aige má tá daoine siniciúil faoi fhéin agus cur i gcéill a pháirtí Fianna Fáil faoi athbheochaint na Gaeilge.
Cén seasamh atá Liadh Ní Riada faoin éagóir seo? Tá sí an-chiúin go deo.