Tá cos i bhfeac ag an DUP in aghaidh na comharthaíochta Gaeilge i Stáisiún Láir Bhéal Feirste agus iad ag maíomh go bhfuil comhairle dlí faighte acu go mbeadh a leithéid “conspóideach”.
Dúirt an tAire Pobal, Gordon Lyons an DUP, gur léir dó ón gcomhairle dlí a fuair sé maidir le ceist na comharthaíochta ag Stáisiún Láir Bhéal Feirste gur ceist “chonspóideach” a bhí inti agus gur cheart go mbeadh an cás curtha os comhair an Tionóil ag an Aire Bonneagair, Liz Kimmins sular ceadaíodh an chomharthaíocht Bhéarla-Gaeilge.
“Lorg mé agus fuair mé comhairle dlí maidir leis an gceist seo, agus is léir ón gcomhairle seo go bhfuil sé conspóideach agus go bhfuil sé il-rannach, agus gur cheart go mbeadh aontú an Fheidhmeannais faighte [faoin gcinneadh] agus bheadh iontas orm dá mbeadh an chomhairle a fuair an tAire Bonneagair difriúil leis sin,” a dúirt sé.
Dúirt Lyons go bhfuil sé tar éis scríobh chuig an Aire Kimmins le “éirim na comhairle” a fuair sé a chur ar a súile di agus deir go bhfuil sé soiléir dó féin “agus do dhuine ar bith a léigh Acht Thuaisceart Éireann 1998” gur theastaigh comhaontú ón bhFeidhmeannas ar an gceist.
“Tá sé de dhualgas anois ar an Aire Bonneagair é seo a réiteach í [an cheist] a thabhairt os comhair an Tionóil le nach mbeidh aon ghá dul níos faide leis agus iarraim ar an Aire gan airgead poiblí a chur amú in iarracht an náire a sheachaint,” a dúirt Lyons.
Dúirt an gníomhaí teanga Pádraig Ó Tiarnaigh le Tuairisc go raibh sé féin den tuairim gur léiriú a bheadh sa chomharthaíocht nua ar an gcomhionannas i mBéal Feirste agus nach bhfuil rud ar bith conspóideach faoin gcomhionannas.
“Amharcaim féin, agus neart daoine eile, ar an chomharthaíocht dhátheangach mar léiriú cothrom ar an chomhionannas. Is comharthaí iad seo ar a mbeidh an Ghaeilge agus an Béarla taobh le taobh, ar aon mhéid, in aon chló, cothrom lena chéile.
“Níl mé den tuairim go bhfuil aon rud conspóideach faoin chomhionannas, agus má tá daoine eile, is dócha go dtagann sin ó áit ina mbíodh an forlámhas teanga i bhfeidhm,” a dúirt sé.
Thagair Ó Tiarnaigh d’áiteanna eile sa Tuaisceart inar crochadh comharthaíocht dhátheangach cheana agus nach raibh aon chonspóid mhór ann faoi. Mhaígh sé gur “gníomh neodrach” a bheadh ann agus dúirt go bhfuil “tacaíocht láidir” ag an bplean.
“Ní raibh aon rud conspóideach faoin Ghaeilge a chur ar chomharthaíocht leis an Bhéarla i Stáisiún Traenach an Iúir beagnach cúig bliana déag ó shin. Chuir muid ina luí ar Translink, agus ar an Roinn roimhe sin, go bhfuil treoir tugtha ag an Choimisiún Comhionannais ó thuaidh gur gníomh neodrach atá sa chomharthaíocht dhátheangach in áiteanna poiblí.
“Tá tacaíocht láidir tugtha ag Foras na Gaeilge don cheist seo fosta, a bhfuil stádas reachtúil acu comhairle a chur ar an Rialtas maidir le cur chun cinn na teanga thuaidh agus theas,” a dúirt sé.
D’fhógair an tAire Kimmins i mí Mhárta na bliana seo go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil ar na comharthaí ag Stáisiún Láir Bhéal Feirste agus ar na meaisíní ticéad ann. Bhí conspóid ann nuair a osclaíodh an lárionad iompair anuraidh mar ní raibh aon chomharthaíocht dhátheangach ann agus mar gheall gur ‘Weavers Cross’ amháin a tugadh ar an bhforbairt nua.
Tharraing fógra an Aire féin conspóid ansin agus tá an cheist ina cnámh spairne sa Chomhthionól ó thuaidh ó shin. Chuir an gníomhaí frith-Ghaeilge Jamie Bryson tús le dúshlán cúirte in aghaidh an chinnidh i mí Aibreáin. Tá Bryson ag lorg athbhreithniú breithiúnach ón Ardchúirt i mBéal Feirste in aghaidh na Roinne Bonneagair agus é ag maíomh go ndearnadh an cinneadh comharthaíocht dhátheangach a chrochadh gan faomhadh a fháil ón bhFeidhmeannas.
Fág freagra ar 'Comhairle dlí faighte ag aire pobal go mbeadh comharthaí dátheangacha ‘conspóideach’'