FÍSEÁN: ‘Evidence is evidence, he should apologise…’ – ionsaí fíochmhar ar Harris sa Dáil faoi cheist na Gaeilge ar lipéid alcóil

Dúradh sa Dáil tráthnóna gurb ionann fianaise an Aire Sláinte go gcuirfeadh rabhadh sláinte i nGaeilge mearbhall ar dhaoine agus fianaise a bheadh ag daoine a mhaíodh fadó nach raibh an domhan cruinn

Rinneadh ionsaí fíochmhar sa Dáil tráthnóna ar an Aire Sláinte Simon Harris mar gheall ar a mhaíomh go raibh fianaise aige go gcuirfeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ar lipéid deochanna alcóil ‘mearbhall’ ar dhaoine.

Mhaígh an tAire Sláinte sa Dáil an tseachtain seo caite go raibh a chinneadh diúltú do lipéid dhátheangacha ar dheochanna meisciúla bunaithe ar thaighde, ach léiríodh i scéal a foilsíodh ar an suíomh seo nach raibh ceist na Gaeilge ar na lipéid san áireamh sa taighde a luaigh an tAire.

Bhí Harris le bheith sa Dáil tráthnóna chun ceisteanna faoin scéal ón Teachta Dála Éamon Ó Cuív a fhreagairt, ach cuireadh an tAire Stáit Catherine Byrne ann ina áit mar go raibh dualgas eile air.

Dúirt Ó Cuív go raibh ‘iontas mór’ air nach raibh an tAire féin i láthair chun ceisteanna faoi rud éigin a dúirt sé féin sa Dáil a fhreagairt.

 

Dúirt sé nach raibh ach trí thagairt fhánach don Ghaeilge sa tuarascáil 200 leathanach a luaigh an tAire agus gur bhain na tagairtí sin le tuairimí a nocht daoine ag grúpaí fócais faoi na lipéid ar bhoscaí tobac.

“Evidence is evidence, not hearsay. Not throwaway remarks,” a dúirt Ó Cuív.

Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil gur chóir don Aire leithscéal a ghabháil as a thagairt ‘ar nós cuma liom’ don bhaol do shláinte an phobail a bhainfeadh le rabhadh sláinte i nGaeilge agus rinne sé comparáid idir an fhianaise a luaigh an tAire agus na daoine a chreid fadó go raibh an domhan cothrom.

Dá mbeadh grúpaí fócais ann an uair sin, a dúirt Ó Cuív, d’fhéadfaí ‘80% de dhaoine’ a fháil chun a rá go raibh an domhan cothrom, ach ní fhágfadh sin nach raibh an domhan cruinn.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta go raibh sé in amhras an raibh an taighde a rinne Amárach Research in 2015 fiú léite ag an Aire Sláinte agus mhaígh sé nach raibh bunús eolaíoch nó fianaise ar bith ann a thacódh le tuairim Harris faoi na lipéid dhátheangacha ar dheochanna meisciúla.

Thagair an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil chomh maith do na tagairtí sa taighde don rabhadh sláinte a bhíonn ar dheochanna meisciúla i gCeanada.

Deirtear sa tuarascáil taighde gur sampla na lipéid sin den ‘dea-chleachtas’ is fearr go hidirnáisiúnta, ach ní luaitear go mbíonn na lipéid sin i gCeanada dátheangach.

“If you want evidence…Best in the class: Canada. And Canada is bilingual,” a dúirt Ó Cuív.

Agus ráiteas á léamh amach ag an Aire Stáit Catherine Byrne thar ceann an Aire, thug sí le fios gur sheas Harris lena mhaíomh nach mbeadh an rabhadh sláinte ar dheochanna chomh héifeachtach ná chomh soiléir dá mbeadh an Ghaeilge air agus gur chruthaigh an taighde an méid sin.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Evidence is evidence, he should apologise…’ – ionsaí fíochmhar ar Harris sa Dáil faoi cheist na Gaeilge ar lipéid alcóil'

  • Magaoidh

    . Ba chóir dó eirí as. Ba chóir don Uachtarán Mícheál D Ó hUiginn diúltú an Acht Alcóil a shíniú.
    Céard atá Éamonn Ó Cuív chun a dhéanamh faoin cosc seo ar an Ghaeilge i bhfógraí sláinte stáit?
    Vótáil Fianna Fáil in aghaidh na Gaeilge nuair a thacaigh siad leis an Bille Alcóil. Is mór an náire iad. Bhí fhios ag Éamonn Ó Cuív go mbíonn rabhadh sláinte dátheangach ar cannaí agus buidéil acóil i gCeanada agus go mbíonn rabhadh sláinte i dtrí theanga ar phaicéid toitíní san Eilbhéis agus sa Bheilg.

  • Éibhear Neff

    Bhuail Harris bob ar Ó Caoimh, agus, bhí an bheirt acu sásta – ní bheadh an dá theanga as tír seo le feiscint ar rabhadh, de bharr an Ghaeilge ag cur mearbhall ar dhaoine.

    Ar ndóigh, bhí Harris de chuid Fhine Gael lán sásta, bhí Ó Caoimh de chuid Fhianna Fáil leath-sásta.

    Béal-thacaíocht a dtugann Fine Gael agus Fianna Fáil don Ghaeilge.

    Is scannalach an scéal é, aineolaithe ag satailt ar Ghaeilge na hÉireann, agus náire ar eolaithe a ligean réim leis.

  • Eoghan ONéill

    Fear an-éirimiúil agus éifeachtach isea Simon Harris atá ag deineamh a dhícheal ar son chursaí sláinte na ndaoine agus is uaidh sin an plean rábha faoi ailse a chur ar na deochanna agus féar-focs dó. Ach dála roinnt Anglos a bhfuil dearcadh an Liberator acu níl sna Gaeil ach pian sa tóin agus b’fhearr a dteanga sin a chaitheamh i leataobh. ‘Ach fan, táid ann nár ghéill ariamh, an dúchas beoga ina gcroí, seanscéalta ár sinsir ag na páistí, sport is scléip amuigh ag spraoí’.
    Tá’n ceart ag Ó Cuiv – No pasarán!

  • Magaoidh

    @Eoghan ONéill
    No pasararán?
    Ó Cuív ya ha pasado. Tá géillte aige cheana féin. Vótáil sé ar son an Bhille Alcóil sa Dáil