Chuirfeadh rabhadh sláinte Gaeilge ar dheochanna alcóil ‘mearbhall’ ar dhaoine – an tAire Sláinte

Bhí argóint theasaí faoin nGaeilge sa Dáil aréir agus an Bille um Shláinte Phoiblí (Alcól) á phlé

Chuirfeadh rabhadh sláinte Gaeilge ar dheochanna alcóil ‘mearbhall’ ar dhaoine – an tAire Sláinte

Mhaígh an tAire Sláinte sa Dáil aréir go gcuirfeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ar dheochanna meisciúla ‘mearbhall’ ar dhaoine agus nach mbeadh a leithéid chomh ‘éifeachtach’ is a bheadh rabhadh i mBéarla amháin.

Dhiúltaigh an tAire Sláinte Simon Harris sa Dáil do leasú ar an mBille nua a d’fhágfadh go mbeadh rabhadh sláinte i nGaeilge agus i mBéarla ar dheochanna meisciúla.

Ghéill Fianna Fáil go dtarraingeofaí siar an leasú ionas, a dúradh, nach gcuirfí moill ar achtú an bhille, ach bhí argóint theasaí ann faoi cheist na Gaeilge sa reachtaíocht.

Le linn na díospóireachta, chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív i leith an Aire Sláinte go raibh a dhearcadh faoin gceist “extraordinarily ignorant” agus dúirt sé nach dtarlódh sé “i stát ar bith eile ar domhan go dtabharfaí isteach fógra tábhachtach poiblí i dteanga oifigiúil amháin”.

Dúirt Ó Cuív gur “dearmad tromchúiseach” a bhí ann ag an Aire gan soláthar a dhéanamh don Ghaeilge sa dréachtreachtaíocht agus gur léirigh a “mhíchúram” sa chás seo meon an Rialtais i leith na Gaeilge. D’fhág an dearmad sin nach raibh aon rogha anois ach an leasú a tharraingt siar, a mhaígh Ó Cuív.

Mhaígh sé freisin go mbíonn Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh ag cur síos “seasta” ar an “grá mór” atá aige féin agus an Rialtas don Ghaeilge, ach gurb í fírinne an scéil ná gurb é an dearcadh atá acu ná “yeah, we love the Irish language, but we won’t do anything practical for it”.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an tAire Sláinte go dtacaíonn an Rialtas leis an nGaeilge, go raibh dearcadh “postúil” ag Ó Cuív agus gur cheap sé gur mó an grá don Ghaeilge atá aige féin ná aon duine eile.

“As for the Irish language, nobody owns it…It is that sort of condescending attitude that suggests Deputy Ó Cuív loves it more than anybody else,” a dúirt Harris.

Dúirt Ó Cuív gur ag an Aire Sláinte a bhí an dearcadh “postúil” faoin nGaeilge agus lucht a labhartha.

Mhaígh sé nach raibh aon tuiscint ag an Aire don saol mar atá ag daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá agus gurbh amhlaidh gur chruthaigh a dhearcadh faoin teanga deacrachtaí do dhaoine a bhíonn ag iarraidh a leanaí a thógáil le Gaeilge.

“There is a big difference between somebody who speaks the language every day and his or her experiences of life and those who do not… That is a reality of life that non-Irish speakers often do not appreciate…

“People who are trying to rear their families with Irish as their home language face significant challenges because of the condescending attitude of the Minister,” a dúirt Ó Cuív.

Thug an tAire Sláinte le fios aréir go raibh dhá chúis aige diúltú don leasú a d’fhágfadh go mbeadh an rabhadh sláinte ar lipéid dheochanna meisciúla i nGaeilge agus i mBéarla. Dúirt sé go gcaithfí an tAontas Eorpach a chur ar an eolas faoina leithéid de leasú, rud a chuirfeadh moill eile leis an mBille. Chomh maith leis sin, dúirt Harris go gcuirfeadh an Ghaeilge an teachtaireacht ar an rabhadh sláinte “as a riocht” agus nach mbeadh sé chomh “éifeachtach” ná chomh “soiléir” céanna dá mbeadh Gaeilge ar na lipéid in aice leis an mBéarla.

Mhaígh sé go gcuirfeadh an Ghaeilge “mearbhall” ar dhaoine agus gur chruthaigh taighde a rinne Amárach Research an méid sin roinnt blianta ó shin.

D’aontaigh an tAire chomh maith le ráiteas a rinne an Teachta Dála neamhspleách Michael Harty a dúirt gur “political correctness” nach raibh aon “chiall phraiticiúil” leis a bheadh ann an rabhadh sláinte a chur i nGaeilge. Dúirt Harty go mbeadh an chlófhoireann ar na lipéid níos lú sa chás go mbeadh Gaeilge chomh maith orthu agus gur dócha go mbeadh níos lú eolais sa rabhadh sláinte chomh maith.

Dúirt Ó Cuív nach mbeadh glacadh le hargóint an Aire in aon tír eile ina bhfuil níos mó ná teanga oifigiúil amháin seachas in Éirinn.

Mar a tuairiscíodh cheana, bhí aontaithe ag Fianna Fáil agus Fine Gael gan foráil a chur i reachtaíocht nua go mbeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ar dheochanna meisciúla.

Tháinig urlabhraí sláinte Fhianna Fáil Stephen Donnelly agus an tAire Sláinte ar chomhréiteach roimh dhíospóireacht na hoíche aréir, comhréiteach a d’fhágfadh go mbeadh Gaeilge ar chomharthaíocht agus ar shuíomh idirlín de chuid an HSE ach nach mbeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ar lipéid na ndeochanna meisciúla féin.

Dúirt Stephen Donnelly aréir gur chreid sé i gcónaí go raibh “an ceart” ag daoine a leithéid de rabhadh a fháil i nGaeilge, ach nach raibh sé sásta go gcuirfí moill leis an mBille.

Is amhlaidh gur aontaigh Fianna Fáil leis an Aire go gcuirfeadh an leasú faoi Ghaeilge a bheith ar na lipéid moill bhreise leis an mBille toisc, dar leo, go gcaithfí a leithéid a chur faoi bhráid an Aontais Eorpaigh.

Níl aon treoir tugtha ag an Aontas Eorpach faoi cheist na teanga agus na ndeochanna meisciúla. D’fhágfadh sin gur cheist bhunreachtúil don tír seo amháin a bheadh ann cén teanga nó cé na teangacha a d’úsáidfí don rabhadh sláinte.

I gcás an rabhadh sláinte ar bhosca toitíní, ghéill an rialtas do dhúshlán dlí a tugadh toisc nach raibh an rabhadh sin dátheangach. De réir rialacha na hEorpa, chaithfeadh an rabhadh sláinte ar bhoscaí tobac a bheith i ngach teanga oifigiúil de chuid na tíre ina raibh an rabhadh á thabhairt.

Bhí an riail chéanna ann i gcás eile a bhain le pacáistiú agus lipéid earraí leighis, ach in 2008 d’éirigh le rialtas na tíre seo tabhairt ar an Aontas Eorpach an treoir sin a athrú ionas nach mbeadh gá eolas faoi na hearraí sin a thabhairt ach ‘i dteanga oifigiúil amháin’. Dá bharr sin, is i mBéarla amháin a bhíonn an t-eolas ar phacáistiú agus lipéid earraí leighis sa tír seo.

I mí Iúil na bliana seo, éisteadh cás san Ard-Chúirt faoi gan ach Béarla amháin a bheith á úsáid ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.

De réir na dréachtreachtaíochta nua chuirfí rabhadh ar aon phacáistiú nó fógraíocht a bhaineann le deochanna meisciúla. Thabharfaí le fios sa rabhadh sláinte sin go bhfuil nasc idir alcól agus ailsí marfacha. Dá dtabharfaí an reachtaíocht nua isteach, bheadh Éire ar an gcéad tír ar domhan ina mbeadh a leithéid de rabhadh sláinte i bhfeidhm inti.

Fág freagra ar 'Chuirfeadh rabhadh sláinte Gaeilge ar dheochanna alcóil ‘mearbhall’ ar dhaoine – an tAire Sláinte'

  • Magaoidh

    Treoir ón AE ag teastáil agus an Ghaeillge ina teanga oifigiúil oibre san AE. Cac tairbh de jóc é sin. Socrú polaitiúil é seo atá in aghaidh rialacha an AE. Bosca toitíní ann le rabhadh sláinte i nGaeilge le fada. Bliain in aghaidh na Gaeilge atá againn. Ní bhíonn mearbhall ar aon duine sa Bheilg faoin rabhadh dhátheangach. Bhí Ó Cuív ag tabhairt amach sa Dáil ach nïor thóg sé seasamh in aghaidh an éagóir seo.

  • Éibhear Neff

    Cén fáth go gcuirfeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ar dheochanna meisciúla ‘mearbhall’ ar dhaoine?

    Cuireann a leithéid de ráiméis mearbhall ceart ormsa.

    Cén fáth go mbaineann lucht na cumhachta taitneamh as cos a bhrú isteach ar bholg na Gaeilge?

  • Pól Ó Braoin

    Go dtarrthaí Mac Dílis Dé sinn… bliain na gaeilge hí hí…

  • Mairéad

    Tá ar a dhá thaobh ar chuile buidéal alcóil agus dhá thaobh ar chuile canna alcóil. Dá gcuirfeadh Dáil Éireann an leagan Béarla ar thaobh amháin agus an leagan Gaeilge ar an taobh eile bheadh an job sóirteáilte acu go sciopaí.
    Bíonn rabhadh faoi chaitheamh tobac i dtrí theanga ar chaon taobh ar na paicéid toitíní san Eilbhéis agus nil siadsan san AE fiú.

    Tá sé thar a bheith íoróineach go bhfuil an Dr. Michael Harty ag glaoch “political correctness” ar cearta teanga agus an t-aire rialtais Simon Harris ag aontú leis sa Dáil i mBliain oifigiúil seo na Gaeilge.

    Tá bunreacht eile i gceist san obair cham seo go leír; alt amháin de go háirid a mba chóír a bheith de ghlanmheabhar ag Cuív Éamonn Ó agus Stephen Donnelly, an dara cuspóir atá ag Fianna Fáil ,
    “(ii) An Ghaeilge d’athbhunú mar gnáthurlabhra na ndaoine”

    https://irishelectionliterature.files.wordpress.com/2016/11/rulesofff1983.pdf

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Níor cheart go mbeadh an Ghaeilge ina teanga oifigiúil oibre san AE mar níl a dhóthain daoine á usáid in Éirinn mar ghnáth theanga! Ní theastaíonn aon rabhadh sláinte uaimse in aon teanga ach má tá ceann le dul ar an gcanna beer, bíodh sé éifeachtach. Beidh sé níos éifeachtaí i dteanga amháin a thuigeann mórán chuile dhuine a bhíonn ag dul ar an ól.

    B’fhearr do lucht na Gaeilge cathanna tábhachtacha faoi chearta teanga a throid seachas a bheith ag cur am agus fuinneamh amú le cath nach bhfuil tábhacht ar bith leis.

  • Hic

    Ólaim féin ‘Béal Bán’ * anseo i g’Cúl Dorcha’* agus mé ag féachaint amach ar an g’Carraig Dhonn’*. Cuireann na beoracha* sin ‘mearbhall’ orm má ólaim mo choisce díobh, mise fé dhuit (fén mbord, abair?). Ní chímse aon rabhadh shláinte ar na buidéil ach tugann sí féin ‘rabhadh’ dom go rímhinic ach ní thógaim aon cheann di… ná leathcheann, ná ceann cipín féin di ar mh’anam! Meallann, bréagnaíonn agus ‘meiscíonn’ (!) ainmneacha Gaoluinne na mbeoracha sin mé, mise fé dhuit aríst eile. Sí an ‘Béal Bán’ go háirithe fé ndeara mise bheith imithe im ‘kheg’ ar fad (deir sí) agus harrasaí a bheith orm le stáirr. Tá ‘cos ar bolg’ (mórbholg) á dhéanamh ag Stát na hÉireann ormsa as ainmneacha G. a lobháil ar bhuidéil leanna duibhe anseo mar a bhfuilim anois sa chúl dorcha fé chab na carraige doinne… “Mo shláinte”.

  • Hic

    ‘Carraig Dhubh’, ainm c(h)eart na beorach sin. Speabhraídí,rámhaillí agus dalladh intinne, geallaimse daoibh…t’réis 4 cinn as a chéile. Blaisíg.

  • Noel O Coileain

    Cruthu eile at mheon an rialtais I leith na teanga Agustin a leathchupla Fianna Fáil ag tacu Leo

  • Magaoidh

    Is léir nach dtuigeann go leor daoine céard is bun le cearta teanga a iarraidh ar an stát agus iad ag cur “political correctness” ar chuile éileamh ó phobal na Gaeilge.
    Comhionnanas atá uainn inár dtír féin; díreach mar atá ag lucht labhartha na Fraincise i gQuébec agus ag lucht labhartha na Gearmáinise sa Bheilg. Sa Bheilg bíonn an rabhadh sláinte faoi thobac scríofa i nGearmáinis, i bPléimeannais agus i bhFraincis ar paicéid toitíní . Níl ach 1% den daonra ina gcónaí sna ceantracha in labhairtear an Ghearmáínis sa Bheilg.
    Is í an teanga naisiúnta í an Ghaeilge. Mura bhfuil dlí na tíre ag tabhairt cead an teanga náisiúnta a úsáid ar buidéil agus cannaí alcóíl cén mhaith í do bheith ainmnithe mar teanga oifigiúil sa mBunreacht? Má tá dhá thaobh ar chuile buidéal cén fáth go gcuirfeadh an leagan Gaeilge mearbhall ar aon duine. Dá leanfadh muid an loighic atá Simon Harris bheadh sé éasca cás a chur le cosc a chur ar logainmneacha i nGaeilge do bheith ar na comharthaí bóthair ar fhaitios go gcuirfeadh said mearbhall ar duine eicínt.
    Cuireann sé imní orm gur “cath nach bhfuil tábhacht ar bith leis” a ghlaonn an gníomhaí teanga aitheanta Donncha Ó hÉalaíthe ar an gcás seo. Baineann cásanna mar seo le hatbheochaint na Gaeilge a chur chun cinn go náisiúnta.

  • Críostóir Ó Faoláin

    Bhearr liom iarracht a dhéanamh céim éigin chun tosaigh a ghlacadh seachas fanacht san áit ina bhfuilimid ar eagla fuinneamh a chur amú. Nuair a bheidh feachtas fiúntach a bhfuil tábhacht ag baint leis curtha chun tosaigh ag daoine maithe ar nós Donncha, is féidir linn tacú leis, idir an dá linn ní maith liom go mbeidh faic ar siúl againn.

  • Mairéad

    Céim ar gcúl atá tógtha ag Fianna Fáil nuair atá cosc de réir dlí ar rabhadh sláinte i nGaeilge do bheith ar deoch mheisciúil. Tá an socrú seo ag Fianna Fáil i bpáirt le Fine Gael glan in aghaidh Acht na dTeangacha Oifigiúla agus Straitéis 20 Bhliain Chuív Uí.
    Ní rud siombalach é seo ach rud a thugann an teachtaireacht do dhaoine óga nach mbaineann an Ghaeilge leis an gnáthshaol. An rud is measa ná nach chosnódh sé pingin rua rabhadh sa dá theanga do bheith ar canna nó ar buidéal,alcóil.
    @Criostóir
    Cén céim chun tosaigh? Cé bhunós feachtas? Cén aidhm? Cén toradh a bhí ar shiúlóidí Seán Le Seán agus Dearg le fearg sa mbliain 2013?

  • Pádraig

    An Euro agus an Punt Gaelach.
    Tá tábhacht nach beag leis an Ghaeilge a bheith feiceálach agus daoine ag dul do ghnáthimeachtaí an tsaoil. Mar shampla an tsiopadóireacht laethúil. Is féidir earraí grosaera ón Phólainn a cheannacht agus lipéid i Polainnis orthu mar tá margadh ann dóibh. Is é sin an eochair. Agus pobal na Gaeilge ag iarraidh athruithe a dhéanamh ar chúrsaí, ba chóir cuimhniú ar an rud is cumhachtaí dá bhfuil againn – an t-airgead inár bpócaí.
    Cé a bheadh sásta tacú le feachtas a mbeadh sé mar sprioc aige earraí le Gaeilge orthu a bheith ar na seilfeanna agus é sin a bhaint amach le cumhacht an tomhaltóra – muidinne?

  • Magaoidh

    @ Pádraig
    Bheadh job agat feachtas a bhunú chun iachall a chur ar tháirgeoirí ar fud an domhain lipéid i nGaeilge a chur ar a dtáirgí do mhargadh beag na hÉireann agus “earraí le Gaeilge orthu a bheith ar na seilfeanna agus é sin a bhaint amach le cumhacht an tomhaltóra “.
    Ní tomhaltóirí ach saoránaigh Éireannacha muid sa gcás seo agus tá an ceart againn de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 fógraí stáit a léamh i nGaeilge. Is fógra stáit é an rabhadh sláinte atá ar bosca toitíní.
    I gcás botún dlí Simon Harris ní theastaíonn ach moill bheag chun an cosc atá ar rabhadh sláinte i nGaeilge a bhaint den Acht phairliminte seo agus bheadh an Ghaeilge “feiceáileach” mar a deireann tú. B’fhearr duit feachtas a bhunú chun dúshlán a thabhairt don acht frithGhaeilge seo ná dúshlán a thabhairt do tháirgeoirí agus ollchomhlachtaí an domhain mhór….

    Dá mbeadh an saineolaí dlí an iar-uachtarán Cearbhaill Ó Dálaigh ina uachtarán faoi láthair do sheolfadh sé an dlí éagórach seo ar ais ag an gCúirt Uachtarach ar an bpoinnte. Seans nach dtuigeann an tUachtarán Mícheál D Ó hUiginn comh leichealach is atá an Acht seo fós agus go bhfuil an cosc ar an Ghaeilge san Acht ag sárú Acht na dTeangacha Oifigiúla . Is dlí atá go hiomlán leichealach do saoránaigh go bhfuil an ceart acu de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla fógra stáit a léamh ins an teanga náisiúnta. Ná déanaimis dearmad gur fógra stáit i mBéarla éigeantach amháin ón Aire Sláinte an rabhadh sláinte a bheidh ar buidéil agus canna alcóil feasta mura dtógfar raic faoin éagóir seo. Ní theastaíonn ac cás cúirte a thógaint in aghaidh an Aire Sláinte agus dliteanas an dlí frithGhaeilge seo a thriáil sa gCúirt Uachtarach nó i gCúirt Bhreithiúnas na gComhphobal Eorpach.

  • Pádraig

    @Magaoidh
    Go raibh maith agat as do smaointe. Aontaím leat ar ndóigh maidir le cás dlí a thabhairt. Go n-éirí leis. Ach de réir mar a thuigim uait is le “fógraí stáit” a bhaineann sé. Tá mise ag caint ar réimse níos leithne d’earraí. Ní “ón domhain mhór” a fhaighimid bainne, arán, im, feoil agus na céadta d’earraí eile a dhéantar in Éirinn. Ba chóir a chur in iúl do na comlachtaí sin go bhfuil éileamh agus margadh ann lipéadú i nGaeilge a bheith ar fáil ar a gcuid earraí, ag toiseacht le gach ceantar ina bhfuil gaelscoil/ranganna Gaeilge/craobh de CnaG srl. B’fhearr liomsa mo cuid airgid a chaitheamh ar “Bhainne” (fiú má’s ar thaobh amháin den bhuidéal é), ná ar “Milk”. Creidim go dtabharfadh sé misneach do phobal na Gaeilge, daltái scoile agus foghlaimeoirí san áireamh. Is saoranaigh Éireannacha muid, ach is tomhaltóirí muid leis. Cad é do bharúil?