Aontú idir Fine Gael agus Fianna Fáil nach mbeidh rabhadh sláinte i nGaeilge ar dheochanna meisciúla

Tuairiscítear go bhfuiltear tagtha ar chomhréiteach a d’fhágfadh go mbeadh Gaeilge ar phóstaeir agus ar shuíomh idirlín an HSE ach nach mbeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ar lipéid na ndeochanna meisciúla féin

Aontú idir Fine Gael agus Fianna Fáil nach mbeidh rabhadh sláinte i nGaeilge ar dheochanna meisciúla

Tá aontaithe ag Fianna Fáil agus Fine Gael gan foráil a chur i reachtaíocht nua go mbeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ar dheochanna meisciúla.

Thug urlabhraí sláinte Fhianna Fáil Stephen Donnelly le fios an tseachtain seo caite go ligfeadh an páirtí don rabhadh sláinte a bheith i mBéarla amháin ar dheochanna meisciúla agus go dtarraingeodh sé siar a leasú faoin nGaeilge sa chás go mbeadh sé ina bhac ar rith an Bhille Sláinte Poiblí nua.

Tuairiscítear go bhfuiltear tagtha ar chomhréiteach anois a d’fhágfadh go mbeadh Gaeilge ar phóstaeir agus ar shuíomh idirlín an HSE ach nach mbeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ar lipéid na ndeochanna meisciúla féin.

Is amhlaidh gur aontaigh an tAire Sláinte agus Stephen Donnelly go gcuirfeadh an leasú faoin nGaeilge moill bhreise leis an mBille nua toisc, dar leo, go gcaithfí a leithéid a chur faoi bhráid an Aontais Eorpaigh.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie an tseachtain seo caite, thug Donnelly le fios nach raibh aon cheist ann ach go dtarraingeodh sé siar an leasú, a mhol sé féin, dá mbeadh an baol ann go gcuirfeadh sé moill ar an reachtaíocht nua.

“Creidimid go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh na treoirlínte a bheidh riachtanach faoin mBille Sláinte Poiblí (Alcóil) ar taispeáint i nGaeilge agus i mBéarla agus is chuige sin an leasú atá molta againn. Chuir mé in iúl go soiléir go dtarraingeoimis siar ár leasú sa chás go mbeadh sé ina bhac ar rith an Bhille. 

“Is é an rud is práinní anois an Bille seo a rith mar go mbeidh an-tionchar aige ar shláinte an phobail. Ar ndóigh, caithfear freastal ar an nGaeilge in am trátha agus beimid ag obair chun é sin a dhéanamh,” a dúirt Stephen Donnelly le Tuairisc.ie.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív nach baol ar bith don reachtaíocht an leasú faoin nGaeilge agus go raibh sé i gceist aige labhairt le Stephen Donnelly faoin scéal.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le Tuairisc.ie go raibh “an ceart” ag Stephen Donnelly an leasú a mholadh agus “gur chóir dó cloí leis anois”.

Ní cosúil go bhfuil aon treoir tugtha ag an Aontas Eorpach faoi cheist na teanga agus na ndeochanna meisciúla. D’fhágfadh sin gur cheist bhunreachtúil don tír seo amháin a bheadh ann cén teanga nó cé na teangacha a d’úsáidfí don rabhadh sláinte.

I gcás an rabhadh sláinte ar bhosca toitíní, ghéill an rialtas do dhúshlán dlí a tugadh toisc nach raibh an rabhadh sin dátheangach. De réir rialacha na hEorpa, chaithfeadh an rabhadh sláinte ar bhoscaí tobac a bheith i ngach teanga oifigiúil de chuid na tíre ina raibh an rabhadh á thabhairt.

Bhí an riail chéanna ann i gcás eile a bhain le pacáistiú agus lipéid earraí leighis, ach in 2008 d’éirigh le rialtas na tíre seo tabhairt ar an Aontas Eorpach an treoir sin a athrú ionas nach mbeadh gá eolas faoi na hearraí sin a thabhairt ach ‘i dteanga oifigiúil amháin’. Dá bharr sin, is i mBéarla amháin a bhíonn an t-eolas ar phacáistiú agus lipéid earraí leighis sa tír seo.

I mí Iúil na bliana seo, éisteadh cás san Ard-Chúirt faoi gan ach Béarla amháin a bheith á úsáid ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.

Peadar Mac Fhlannchadha, atá ina Leas-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge, a thóg an cás in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit agus é ag maíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid freisin ar na táirgí sin sa tír seo.

Faoi réir na treorach áirithe sin, a d’eisigh an tAontas Eorpach in 2001, caithfear sonraí a bhaineann le táirgí leighis ainmhithe a bheith i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla na mballstát ina mbíonn na táirgí á ndíol.

De réir na dréachtreachtaíochta nua chuirfí rabhadh ar aon phacáistiú nó fógraíocht a bhaineann le deochanna meisciúla. Bhí sé i gceist go dtabharfaí le fios sa rabhadh sláinte sin go bhfuil nasc idir alcól agus ailsí marfacha ach tuairiscítear anois nach bhfuil sé i gceist go ndéanfaí tagairt d’ailsí. Dá dtabharfaí an reachtaíocht nua isteach, bheadh Éire ar an gcéad tír ar domhan ina mbeadh a leithéid de rabhadh sláinte i bhfeidhm inti.

Fág freagra ar 'Aontú idir Fine Gael agus Fianna Fáil nach mbeidh rabhadh sláinte i nGaeilge ar dheochanna meisciúla'

  • Noel ocoileain

    Sample Eileen d’immesllu na gaeilge ag Fine Gael Agust anois ag Fianna Fáil. Mo naire don da dhream

  • Éibhear Neff

    Is é náire den gcéad scoth ar Dáil Éireann go bhfuil cosc ar an nGaeilge.