Treoirlínte nua foilsithe mar gheall ar imní faoi mhí-eolas agus AI sna toghcháin

Deir An Coimisiún Toghcháin gur mór idir an saol ar líne inniu thairis mar a bhí in 2019 nuair a bhí na Toghcháin Eorpacha againn go deireadh

Treoirlínte nua foilsithe mar gheall ar imní faoi mhí-eolas agus AI sna toghcháin

D’fhoilsigh An Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, inné Creat nua i dtaobh eolas ar líne faoi thoghcháin, fógraíocht pholaitiúil agus ábhar feallaireachta AI [Intleacht Shaorga].

Tá an Creat á fhoilsiú in am trátha roimh an 7 Meitheamh, an lá a mbeidh daoine ag vótáil sna Toghcháin Eorpacha, Toghcháin na nÚdarás Áitiúil agus toghchán Mhéara nua Luimnigh.

Ina ráiteas inniu dúirt An Coimisiún Toghcháin gur mór idir an saol ar líne inniu thairis mar a bhí in 2019 nuair a bhí na Toghcháin Eorpacha agus Áitiúla againn go deireadh.

Dúradh go raibh an Creat seo á fhoilsiú de bharr imní agus fianaise ó fhorais idirnáisiúnta “go bhféadfaí leas a bhaint as an AI “chun dochar a dhéanamh do shláine na bpróiseas toghchán agus do luachanna agus prionsabail an daonlathais”.

Sna cáipéisí seo inniu, pléitear na hardáin agus na hinnill chuardaigh ar líne chomh maith leis na páirtithe polaitiúla agus na hiarrthóirí toghcháin atá cláraithe sa tír seo. Dúirt an Coimisiún gur aithníodh a thábhachtaí a bhí sé a chinntiú go bhfaigheadh an tsaoirse cainte a ceart ag an am céanna a raibh sé riachtanach sláine an daonlathais agus na dtoghchán a chosaint.

Is creat deonach é seo agus é i gceist go gcuirfidh sé le tionscnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh agus cinn idirnáisiúnta atá ar fáil cheana féin, mar shampla ‘Cód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis’ agus ‘Comhaontú AI maidir le Toghcháin’.

Ghabh an Coimisiún Toghcháin buíochas le Technology Ireland as an tacaíocht a fuair siad uathu don chreat deonach seo. Tá scríofa ag an gCoimisiún Toghcháin chuig na páirtithe polaitiúla ar fad chomh maith le gach grúpa parlaiminte neamhspleách ag iarraidh orthu go gcloífeadh iarrthóirí dá dtoil féin le prionsabail na cáipéise i dtoghcháin mhí an Mheithimh.

Faoin Acht um Athchóiriú Toghchán 2022, tá údarás tugtha don Choimisiún Toghcháin fógraíocht pholaitiúil ar líne a rialú agus monatóireacht a dhéanamh ar bhréagaisnéis agus í sin a fhiosrú le linn feachtas toghcháin. Níl na codanna sin den reachtaíocht tagtha i bhfeidhm go fóill, áfach.

Fág freagra ar 'Treoirlínte nua foilsithe mar gheall ar imní faoi mhí-eolas agus AI sna toghcháin'