An ceathrú lá den choimhlint mharfach idir an Iaráin agus Iosrael

Tá Iosrael ag géarú ina iarrachtaí cumas míleata agus núicléach na hIaráine a scrios agus an Iaráin ag scaoileadh múr diúracáin bhalaistíochta ar ais

An ceathrú lá den choimhlint mharfach idir an Iaráin agus Iosrael

Ceithre lá ó thosaigh Iosrael ar a chuid ionsaithe, maíonn na húdaráis go bhfuil smacht iomlán acu féin san aer os cionn Tehran, príomhchathair na hIaráine. Meastar gurb é an t-achrann is deireanaí seo an ceann is measa san aighneas idir Iosrael agus an Iaráin atá ag borradh le daichead bliain.

Leanadh le hionsaithe Iosrael i rith na hoíche aréir agus scaoil an Iaráin maidhm diúracán le hIosrael, agus d’éirigh le cuid díobh sin córas cosanta Iosrael, an Iron Dome, a shárú.

Tá Iosrael ag géarú ina n-iarrachtaí cumas míleata agus núicléach na hIaráine a scrios agus an Iaráin ag scaoileadh múr diúracáin bhalaistíochta ar ais.

D’fhógair Iosrael inniu gur bhuail siad lárionad ceannais Scothfhórsa Quds na hIaráine.

Agus an chuma ar chúrsaí faoi láthair nach bhfuil aon rún ag Iosrael éirí as an mbuamáil, tá cuid de mhuintir na hIaráine ag réiteach d’ionsaí a mhairfidh tamall fada.

Más fíor d’oifig Phríomh-Aire Iosrael agus do thuairiscí sna meáin é, ceathrar is fiche duine atá maraithe sa tír sin ó thosaigh na hionsaithe.

Deir údaráis na hIaráine go bhfuil breis is 220 duine maraithe ansin ó thosaigh an t-ionsaí is déanaí Dé hAoine agus gur sibhialtaigh ab ea 90% de na mairbh.

Níl aon ghlacadh ag an Iaráin le háitiú Iosrael go ndearna siadsan a gcuid ionsaithe go pointeáilte ar ionaid ar leith [míleata nó taighde núicleach] ach deir na hIaránaigh gur maraíodh mná agus páistí i gceantair chónaithe sa gcathair.

Tuairiscítear sna meáin san Iaráin go ndearnadh go leor damáiste d’ospidéal in iarthar na tíre nuair a buaileadh é in ionsaí de chuid Iosrael inniu, an Luan.

Tá a phort athraithe ag Israel Katz, aire cosanta Iosrael, agus é tar éis a rá nach raibh “rún ar bith” ag a thír féin aon dochar a dhéanamh d’áithritheoirí Tehran, cé gur bhagair sé roimhe seo gurbh iad na daoine atá ina gcónaí i gcathair Tehran “a d’íocfadh” as ionsaithe na hIaráine ar phobal sibhialtach Iosrael.

Tá sé ráite ag Uachtarán na hIaráine, Masoud Pezeshkian, nach bhfuil sé i gceist ag an Iaráin arm núicléach a fhorbairt ach go gcosnóidh sí a ceart fuinneamh agus taighde núicléach a dhéanamh.

Tráth cinniúnach é seo agus ceannairí an G7 ag tabhairt faoina gcruinniú trí lá i gCeanada. Ceann de na dúshláin atá rompu iarracht a dhéanamh teacht ar chomhréiteach éigin, más féidir, faoin aighneas seo idir an Iaráin agus Iosrael, aighneas atá ag dul in olcas.

Fág freagra ar 'An ceathrú lá den choimhlint mharfach idir an Iaráin agus Iosrael'

  • Seán Mac an Rí

    Tá sé aisteach nach luaitear san alt thuas an phríomhchúis gur mheas Iosrael gur ghá gníomh a dhéanamh i gcoinne na hIaráine anois – bhí gach cuma ar an scéal go raibh siad ar tí cumas núicléach a bhaint amach agus d’admhaigh an UN nach raibh an Iaráin ag cloí le ceanglais chigireachta an UN. Agus cén fáth a raibh dúil chomh mór sin ag an Iaráin cumas núicléach a fhorbairt? Chun Iosrael a chur de dhroim an tsaoil!

    Bíonn an chléir Iaránach – dream atá i gceannas ar an tír – ag scaipeadh fuath frith-Sheimíteach, ag déanamh ionsaithe ar Iosrael trí leithéidí Hezbolladh agus Hamas a mhaoiniú, agus ag moladh go ndéanfaí Iosrael a dhíbirt ó chlár na cruinne. Is bagairt eiseach é an réimeas mullánna do stát Iosrael, agus go deimhin tá sé amhlaidh ó bhí an réabhlóid Ioslamach ann in 1979. Dá mbeadh Tehran chun airm núicléacha a fhorbairt, ní thiocfadh ach méadú ar scála na bagartha sin.

  • Áedán Dáire Ó Donghaile

    Buamáil agus feallmharú mídhleathach a rinne iosrael agus sin bun agus barr an scéil.
    Níl ceart ar bith ag iosrael tír a bhuamáil, eolaithe a dhúnmharú, cionn is nár mhaith leosan teicneolaíocht áirithe bheith ag an tír sin!
    Os ag caint ar bhuamáil núicléacha atá muid, (cé go bhfuil mé go daingean ina n-éadan), má tá siad ceadaithe ag achan duine eile, cad chuige nach mbeadh siad ag an Iaráin ? Sin mo thuairim féin, ó thaobh na hIaráine de níl BN acu agus níor mhaith leo iad mar tá moráltacht acu, nach amhlaidh ag rialtas bharbartha iosrael!
    Saoirse agus fad saol do Phoblacht na hIaráine!