Os cionn 290 duine maraithe i dtuairt eitleáin san India

Tuairiscítear nár tháinig slán ó thimpiste eitleáin san India ach aon duine amháin den 248 duine a bhí ar bord an eitleáin de chuid Air India

Os cionn 290 duine maraithe i dtuairt eitleáin san India

Tá os cionn 290 duine maraithe i dtimpiste eitleáin inar bhuail eitleán de chuid Air India faoi cheantar cónaithe gar d’aerfort Ahmedabad in iarthar na hIndia.

Ní raibh an t-eitleán ach i ndiaidh éirí in airde roinnt soicindí roimhe sin.

Tuairiscítear nár tháinig slán ón timpiste ach aon duine amháin den 248 duine a bhí ar bord an eitleáin Boeing 787-8 Dreamliner.

Tá os cionn dhá chéad corp aimsithe ag láthair na tubaiste go dtí seo, ach ní léir fós an coirp daoine a bhí ar an eitleán iad go léir.

Dúirt póilíní na háite gur duine amháin a bhí ar bord an eitleáin a tháinig slán, saoránach Briotanach darb ainm Vishwash Kumar Ramesh.
Tá ar a laghad 50 mac léinn leighis san ospidéal ó bhuail an t-eitleán in aghaidh brú do dhochtúirí.

Rinne an té a tháinig slán, Vishwash Kumar Ramesh, cur síos don Hindustan Times ar an méid a tharla.

“Tríocha soicind i ndiaidh dúinn éirí in airde, bhí torann mór ann agus thuairteáil an t-eitleán. Tharla an rud go léir an-sciobtha.” said Ramesh. Dúirt Ramesh féin go raibh sé brúite i ndiaidh na tuairte ach go raibh meabhair ann agus é ar a chiall.
“Nuair a d’éirigh mé bhí coirp gach áit timpeall orm. Bhí eagla orm. Sheas mé suas agus rith mé. Bhí píosaí den eitleán gach áit timpeall orm. Rug duine éigin greim orm agus chuir siad in otharcharr a thug go dtí an t-ospidéal mé.”

Deir an Grúpa Tate, ar leo Air India go n-íocfaidh siad suim airgid, arb ionann é agus thart £100,000, le muintir gach duine a maraíodh sa timpiste.

Fág freagra ar 'Os cionn 290 duine maraithe i dtuairt eitleáin san India'