Tá an chispheil mar a bheadh Disneyland ag na heolaithe spóirt

Mar is fíor faoi chuile cheann de ghiuirléidí na nua-theicneolaíochta, is chun feabhais atá cumas na ngiuirléidí spóirt gaibhte le himeacht ama

Tá an chispheil mar a bheadh Disneyland ag na heolaithe spóirt

Gann agus bunúsach go maith atá mo chuid eolais ar chúrsaí teicneolaíochta. Deargamadán a bheadh ionam mura dtuigfinn na buntáistí a bhaineann leis agus an chaoi ar athraigh sé an saol as éadan.

Níl mé baileach chomh dona is a bhí na hoibrithe teicstíle i Sasana san 19ú céad ar baisteadh ‘Luddites’ orthu. Bhíodar san go láidir in aghaidh an mheicnithe – a maireachtáil i mbaol dá bharr. Mar chuid dá n-agóid ba mhinic leo spruánaí a dhéanamh de threalamh. Fíodóir a raibh Ned Ludd mar ainm air ba chúis lena mbaiste.

An boiscín siúd a bhíonn anois i sparán beag faoina ngeansaí agus idir a gcuid slinneán ag imreoirí i mórán chuile chluiche agus i chuile spórt an chéad amharc a fuair mé ar dhul chun cinn na teicneolaíochta sa réimse sin den saol.

Tá mé ag dul amú nó bhí peileadóirí Ard Mhacha chun cinn ar fiú foirne sacair na Príomhroinne i Sasana ina n-úsáid nuair a bhí Joe Kernan ina bhainisteoir orthu os cionn scór bliain ó shin.

Ag an am bhí Joe chun cinn fiú ar fhoirne gairmiúla. Is cuimhin liom a bheith i mbun comhrá taca an ama sin leis an mbainisteoir a bhí ar fhoireann rugbaí Chonnacht. Bhí suim acusan freisin sna ‘boscaí eolais’ seo agus sásta iad a cheannacht ach a bheith cinnte go bhfaigheadh siad luach a gcuid airgid.

Ghlaoigh siad ar an gcomhlacht i Sasana a bhí i mbun a dtáirge agus d’iarr an bhféadfadh duine acu a dhul sall agus tairbhe na mboscaí a fheiceáil lena gcuid súile féin. “No need to travel that far, there is a guy somewhere up north in your own country whose team use them, the only one in Ireland. I think his name is Kernan,” a deir an fear thall.

‘Rianaire’ a thugtar i nGaeilge ar an mboiscín. Tá sé ar aon mhéid leis an gceann ina bhfaighfeá scór toitíní. ‘Tracker’ atá air i mBéarla. Mar is fíor faoi chuile cheann de ghiuirléidí na nua-theicneolaíochta, ón bhfón go dtí an t-eitleán, is chun feabhais atá cumas an rianaire gaibhte le himeacht ama.

I dtús aimsire bhíodh ar chóitseálaithe fanacht go mbíodh an imirt thart sula mbeadh an t-eolas acu – luas na n-imreoirí agus an fhad a rith siad a cuireadh in iúl ag an tús. Ba ghearr ina dhiaidh go raibh sin ar fáil dóibh ar an toirt de bharr wifi.

Faoin tráth seo freisin bhí eolas á chur ar fáil dóibh faoin gcumas a bhí in imreoirí ar leith ardú ar an luas, treo a athrú, an ráta oibre a rinne siad agus tuilleadh lena chois. Dá bharr sin bhí barúil ag an mbainisteoir faoin imreoir a bhí ag tuirsiú, i mbaol gortaithe agus mar sin de.

Tuairim €250 an ceann atá na rianairí agus ar veistín ina neadaíonn siad. Costas tuairim €10,000 ar fhoireann iomána, cuir i gcás. Cuimhnigh freisin ansin go gcaithfear íocaíocht freisin a thabhairt dóibh siúd atá cáilithe le meabhair a bhaint as an eolas atá stóráilte.

Cuir neamhní amháin, nó b’fhéidir fiú péire, leis an bhfigiúr sin agus ní bheidh tú i bhfad as marc as an iomlán a chaitheann mórchlubanna gairmiúla an domhain as tairbhe a bhaint as an teicneolaíocht is nua-aimseartha agus as na córais atá ar fáil anois ag na comhlachtaí atá de shíor i mbun forbartha agus taighde ar an saineolas.

Le snáthaid in oifig an dochtúra a thógtar an sampla fola a thugann an t-eolas faoi cé chomh sláintiúil atá mise nó tusa. Bíonn fanacht cúpla lá sula dtagann sin ar ais ón tsaotharlann.

Ag an leibhéal is airde sa spórt gairmiúil séard a tharlaíonn anois go ndéantar priocadh beag de bhiorán nuair a thagann an t-imreoir ag seisiúin traenála na maidine.

Láithreach déanann pé córas atáthar a úsáid úscadh air sin agus i bhfaiteadh na súl, ní hamháin go bhfuil léargas ar fáil ar a sláinte ach freisin ar an gcodladh a rinne siad an oíche roimhe, an mó fuinneamh atá iontu, an bhfuileadar faoi bhrú etc. Tá seo ar fad coitianta go maith i measc phiardaí an tsacair agus na cispheile.

Ná ceap gurb in deireadh an bhóthair ach oiread.

Ní fada ó shin ó bhí mé ag caint le duine de na príomhshaineolaithe ar an ábhar atá i gceist, fear a bhfuil a chomhlacht i mbun na seirbhíse ar fud an domhain. D’fhág a raibh le rá aige siúd imo staic mé.

I gcluiche na cispheile is gortuithe a bhaineann leis na glúine agus leis na rúitíní na cinn is coitianta agus is measa. Baill iad sin atá lom lán le cnámha beaga, loingeáin, matáin, teannáin, néaróga agus fuileadáin. Ach iad a bheith leonta, ní chneasaíonn siad baol ar chomh tapa le baill choirp a bheadh i bhfad níos mó ná iad.

Saothraíonn na himreoirí is cáiliúla san NBA airgead ollmhór – $10m sa mbliain ar meán agus suas le $50m ag an dream is mó cáil – leithéidí Stephen Curry (Golden State Warriors) agus Joe Embiid (Philadelphia 76ers).

Is ríléir mar sin an fáth a mbeadh a gcuid fostóirí sásta lab mór airgid a chaitheamh lena chinntiú go mbeidís i mbarr a sláinte – gortú a d’fhágfadh go mbeadh cuid acu ag fáil suas le $1m in aghaidh na seachtaine agus iad díomhaoin.

“An té nach gcuirfidh greim, cuirfidh sé dhá ghreim,” a deir an seanfhocal. Sin a fhágann foirne móra na cispheile ag iarraidh an anachain a sheachaint sula dtarlaíonn sí.

Tá comhlacht an fhir seo a thug an t-eolas dom in ann a theacht ar na ceamaraí is nua-aimseartha dá bhfuil ann. Tá 15 acu sin curtha isteach acu sa tsíleáil i gcúpla ceann de na staideanna cispheile is cáiliúla sna Státaí.

Spórt é sin atá thar a bheith feiliúnach dóibh. Tá cúpla cúis leis sin – toisí na cúirte (28m x 15m), gan a bheith i mbun imeartha ag aon tráth ach deichniúr agus thar rud ar bith an imirt a bheith á déanamh faoi dhíon. Ní bheadh sé indéanta tabhairt faoin gcineál seo oibre ar pháirceanna móra amuigh faoin aer.

Tá an chispheil mar a bheadh Disneyland ag na heolaithe spóirt.

Ní hamháin go bhfuil ar chumas a gcuid gaireas aithris a dhéanamh ar an gcineál eolais atá luaite go dtí seo agam, ach atá siad freisin in ann tomhas a dhéanamh ar an teocht atá i matáin. Sin a thugann le fios cé chomh gar do ghortú atá imreoir.

Sa mullach air sin tá na ceamaraí seo in ann saindearadh a dhéanamh ar theicníc an imreora agus é nó í ag éirí den talamh; in ann a rá an bhfuil a gcosa iompaithe mar is cóir acu ag an am sin agus ar fhilleadh chun talún dóibh.

Níor thug mé liom ach a leath den méid eolais a roinn mo chara liom. Sa mheánscoil ar a ndearna mise freastal ní raibh i gceist ach a bheith ag sodar faoi dhó timpeall thraic na rásaí capall a bhí ar an mbaile.

Dar ndóigh ní raibh an ‘Deartháir Mór’ ag faire an uair sin. Ná an ‘tSúil sa Spéir’ ach an oiread.

Fág freagra ar 'Tá an chispheil mar a bheadh Disneyland ag na heolaithe spóirt'