Stiúideo nuacht na Gaeilge ag ‘titim as a chéile’

Pléadh ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Meán inné an drochbhail atá ar stiúideo ‘Nuacht’ agus an neamhréir idir scálaí pá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ

Stiúideo nuacht na Gaeilge ag ‘titim as a chéile’

Tá an stiúideo nuachta i TG4 “ag titim as a chéile” agus áit “an-deacair agus an-strusmhar” é a bheith ag obair ann é Nuacht dá réir, a dúradh ag cruinniú i dTeach Laighean inné.

Ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Meán, luaigh ionadaí ón gceardchumann SIPTU, drochbhail stiúideo Nuacht, an tseirbhís nuachta a chuireann RTÉ ar fáil do TG4, mar shampla den drochbhail atá ar chúrsaí in RTÉ trí chéile.

“Bíonn ár mbaill ag insint dúinn go bhfuil Nuacht na tíre ag titim as a chéile, agus gur áit é a bhfuil sé an-deacair agus an-strusmhar a bheith ag obair ann dá réir,” a dúirt Teresa Hannick, ó rannóg seirbhísí SIPTU.

Ag cruinniú i dTeach Laighean níos túisce i mbliana, dúirt Alan Esslemont, ardstiúrthóir TG4, gur cuireadh amach feasacháin nuachta réamhthaifeadta aimsir na Nollag seo caite, rud nár cheart tarlú go deo, dar leis.

Bhí an scéal ina shampla ag Esslemont den drochbhail, a dúirt sé, atá ar sheirbhís nuachta an stáisiúin ceal acmhainní agus infheistíochta ó RTÉ.

Dúirt sé go raibh “trealamh” na nuachta ag “titim as a chéile” agus nach raibh sé d’acmhainn ag an tseirbhís faoi láthair fiú ainmneacha daoine a bhí faoi agallamh a chur ar an scáileán le linn dóibh a bheith ag caint.

Luadh chomh maith ag cruinniú an lae inné, an neamhréir idir scálaí pá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ. Dúirt Seámus Dooley, Rúnaí na hÉireann den NUJ, le baill Choiste na Meán gur maith an rud go ndeir RTÉ go bhfuil siad tiomanta don Ghaeilge, ach gurb é an chéad chéim chun é sin a léiriú ná “deireadh” a chur leis an “struchtúr pá dhá leibhéal”.

Níos luaithe i mbliana dúirt Kevin Bakhurst, ceannasaí RTÉ, go bhfuil cás le freagairt ag an gcraoltóir faoin neamhréir idir scálaí pá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ.

Tá ceist an phá ina cnámh spairne le fada ag lucht ceardchumainn sa stáisiún Gaeltachta.

D’fhógair RTÉ in 2021 go raibh tús á chur le hathbhreithniú ar na scálaí pá ar fad atá i bhfeidhm san eagraíocht. Beagnach 170 grád ar fad atá ann i láthair na huaire.

Dúradh go dtabharfaí aghaidh sa tuarascáil sin ar cheist na neamhréire idir an pá a fhaigheann oibrithe Raidió na Gaeltachta agus oibrithe RTÉ.

Fág freagra ar 'Stiúideo nuacht na Gaeilge ag ‘titim as a chéile’'