Easpa dul chun cinn i dtaobh soláthair oideachais lán-Ghaeilge léirithe i dtuarascáil nua

Deir an Roinn Oideachais go bhfuil an freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge ‘seasmhach’, ach is ag titim atá na figiúirí

Easpa dul chun cinn i dtaobh soláthair oideachais lán-Ghaeilge léirithe i dtuarascáil nua

Tá léiriú eile tugtha i dtuarascáil nua ar an easpa dul chun cinn atá déanta ag an stát i dtaobh rogha oideachais lán-Ghaeilge a chur ar fáil do dhaltaí.

D’fhoilsigh an Roinn Oideachais an tseachtain seo Táscairí Oideachais d’Éirinn 2023 ina léirítear nach bhfuil aon mhéadú tagtha le trí bliana anuas ar chéatadán na ndaltaí sa stát a fhaigheann a gcuid oideachais go hiomlán trí Ghaeilge.

Deirtear sa tuarascáil go bhfuil an freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge “seasmhach” ach is ag titim atá na figiúirí, cé gur titim bheag atá i gceist.

Ag leibhéal na bunscoile, tá céatadán na ndaltaí a fhreastalaíonn ar scoil lán-Ghaeilge tite ó 8.1% go dtí 8.0% idir na scoilbhlianta 2020-21 agus 2022-23. Thit na céatadáin ó 3.7% go dtí 3.5% ag leibhéal na hiarbhunscoile le linn na tréimhse chéanna.

De réir na tuarascála seo, thit líon na mbunscoileanna lán-Ghaeilge sa stát, idir scoileanna Gaeltachta agus Ghaelscoileanna, ó 252 go dtí 249 idir 2021-22 agus 2022-23. D’fhan líon na n-iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ag 50.

Dúnadh dhá bhunscoil Ghaeltachta agus cónascadh péire eile ba chúis leis an titim ag leibhéal na bunscoile, a deir Bláthnaid Ní Ghréacháin, Príomhfheidhmeannach na heagraíochta Gaeloideachas, tráth a bhfuil líon na ndaltaí bunscoile sa stát trí chéile ag titim mar gheall ar athruithe déimeagrafacha.

In ainneoin go bhfuil na figiúirí ag dul i laghad, deir Ní Ghréacháin go bhfuil éileamh ann le haghaidh tuilleadh scoileanna lán-Ghaeilge agus go roghnódh daltaí agus tuismitheoirí an tumoideachas dá gcuirfí an rogha sin ar fáil.

I gcomhairliúchán poiblí a reáchtáladh mar chuid d’ullmhú an pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht atá á fhorbairt ag an Roinn Oideachais, léirigh breis is leath de thuismitheoirí gur mhaith leo go bhféadfadh a bpáistí freastal ar scoil lán-Ghaeilge.

“Is fáinne fí í ceist an tsoláthair agus an éilimh,” arsa Ní Ghreácháin. “Ní leor an soláthar reatha le freastal ar an éileamh ar an tumoideachas ag na trí leibhéal, agus mura bhfuil ann don soláthar, níl tuiscint chruinn againn ar an bhfíor-éileamh.

“Tá dúshláin éagsúla ann a imríonn tionchar ar na leibhéil éagsúla. Ag leibhéal na luathbhlianta, toisc nach n-aithníonn an Stát na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht mar shuíomhanna uathúla tumoideachais, ní chuirtear tacaíocht chuí ar fáil dóibh le go mbeidís inmharthana. Ag leibhéal na bunscoile, ní bhunaítear scoileanna nua ach de réir fás déimeagrafach, seachas a bheith bunaithe ar an éileamh ar an tumoideachas, agus mar a chéile é ag leibhéal na hiarbhunscoile, ach go bhfuil castacht sa bhreis ansin mar go mbíonn an Roinn Oideachais ag brú aonaid in áit scoil nua neamhspleách, réiteach nach sásaíonn mianta na dtuismitheoirí dá bpáistí.”

Faoi láthair, tá feachtais ar bun i sé cheantar ar fud na tíre chun iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge a thógáil. Chomh maith leis an bhfeachtas i mBÁC 2, 4, 6, 8, tá iarrachtaí ar bun Gaelcholáistí nua a bhunú i gCoill na Silíní agus i Sord i mBaile Átha Cliath, chomh maith le feachtais i gCaisleán an Bharraigh i Maigh Eo, sa Tulach Mhór in Uíbh Fhailí agus i ndeisceart chontae na Mí.

I dtuarascáil a foilsíodh in 2022, dúirt an Roinn Oideachais nach mbeadh ann ach “deiseanna teoranta” scoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú toisc go mbeidh laghdú ag teacht ar líon na ndaltaí a bheidh cláraithe i bhformhór mór na limistéar pleanála scoile sa stát sna blianta beaga amach romhainn.

Deir Bláthnaid Ní Ghréacháin gur “ábhar dóchais” é do Ghaeloideachas gur cuireadh béim ar an ngá le breis soláthair sa chomhairliúchán poiblí a eagraíodh don pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht

“Má chuirfear polasaithe láidre agus tacúla i bhfeidhm ag leibhéal an stáit, beidh Gaeloideachas réidh le pobail a spreagadh agus a stiúradh trí na céimeanna le naíonraí agus scoileanna nua a bhunú.”

I measc na dtorthaí eile a léiríodh sna Táscairí Oideachais d’Éirinn 2023, tá ardú de bhreis agus 8,258 tagtha ar líon iomlán na múinteoirí ó 2018-19 i leith, ó 65,815 go 74,073. Tá an cóimheas idir daltaí agus múinteoirí tite ó 15.2 go 13.4 ó 2018-19, agus san iarbhunscoil tá sé tite ó 12.7 go 12.5.

Mhéadaigh líon na gcúntóirí riachtanais speisialta ó 14,877 in 2018-19 go 19,219 in 2022-23 chomh maith.

“Is ábhar misnigh a fheiceáil go bhfuil roinnt príomhtháscairí ag dul i dtreo dearfach i gcónaí, go háirithe an feabhas suntasach atá feicthe againn ar chóimheas na ndaltaí is na múinteoirí sa bhunscoil agus san iar-bhunscoil agus an méadú suntasach ar Chúntóirí Riachtanais Speisialta agus méadú ar líon na scoláirí a úsáideann seirbhísí iompair scoile ar fud na tíre,” a dúirt an tAire Oideachais Norma Foley. “Leanfaimid orainn ag obair chun aghaidh a thabhairt ar na príomhréimsí seo agus cinnteoimid go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ar fud na hearnála oideachais.”

2018-19 2019-20 2020-21 2021-22 2022-23
% Daltaí bunscoile i scoileanna   lán-Ghaeilge 8.1% 8.1% 8.1% 8.1% 8.0%

Fág freagra ar 'Easpa dul chun cinn i dtaobh soláthair oideachais lán-Ghaeilge léirithe i dtuarascáil nua'

  • Sibéal

    Tá sé mar chuspóir luaite faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 go mbeidh 20 faoin gcéad d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí líofa sa Ghaeilge faoi 2030. Gan méadú mór ar líon na nGaelscoileanna agus Gaelcholáistí ní bheidh an Stát an cuspóir sin a chur i bhfeidhm. Tá ganntanas mór múinteoirí a bhfuil Gaeilge líofa acu agus atá oilte chun múineadh trí Ghaeilge. Is beag nach bhfuil aon rud déanta ag an Roinn Oideachais chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo.
    In 2022 thug an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill foláireamh mura bhfuil straitéis phleanála fadtéarmach i bhfeidhm. chun soláthar na ndaltaí iar-bhunscoile atá inniúil sa Ghaeilge a chinntiú, beidh sé “beagnach dodhéanta” líon dóthanach na gcéimithe a sholáthar chun sprioc 2030 a bhaint amach.