Múinteoir agus cúntóir ranga á lorg don chéad bhunscoil Ghaeilge in Oirthear Bhéal Feirste

Tá súil ag Coiste Scoil na Seolta go mbeidh cúigear nó seisear páistí ag tosú i rang a haon nuair a osclófar an scoil i gceantar na Creagaí in Oirthear Bhéal Feirste an fómhar seo

Múinteoir agus cúntóir ranga á lorg don chéad bhunscoil Ghaeilge in Oirthear Bhéal Feirste

Tá Scoil na Seolta, an chéad ghaelscoil in Oirthear Bhéal Feirste, ag earcú múinteoir agus cúntóir le dul ag obair sa scoil nua a bheas ag oscailt i mí Mheán an Fhómhair.

Tá súil ag Coiste Scoil na Seolta go mbeidh cúigear nó seisear páistí ag tosú i rang a haon nuair a osclófar an scoil i gceantar na Creagaí in oirthear na cathrach.

“Deis iontach” a deirtear san fhógra a bheidh sa phost seo do dhuine a bheith páirteach “i bhfás” agus “i bhforbairt” na scoile, an chéad bhunscoil Ghaeilge a bheidh ag freastal ar pháistí Protastúnacha in oirthear Bhéal Feirste.

“Céim mhór chun cinn” atá san fhógra go bhfuil múinteoir agus cúntóir á lorg ag Scoil na Seolta, a deir Aodán Mac Séafraigh, Oifigeach Oideachais Turas agus Cathaoirleach Choiste Scoil na Seolta.

“Tá sceitimíní orainn go mbeidh an scoil ag oscailt i mbliana agus go mbeidh múinteoir agus cúntóir ranga á n-earcú againn idir an dá linn.

“Cé nach mbeidh rang ollmhór againn sa chéad bhliain, tá cuid mhór suime léirithe sa ghaeloideachas ag tuismitheoirí a bhfuil páistí ar aois réamhscoile acu,” a dúirt Mac Séafraigh.

Faoi láthair, tá deichniúr ag freastal ar Naíscoil na Seolta, an chéad naíscoil imeasctha Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste.

Tá 48 léiriú suime faighte ó thuismitheoirí don naíonra Gaeilge sa cheantar, don bhliain réamh-naíscoile.

Dúirt Mac Séafraigh go raibh sé “tábhachtach” go n-osclófaí an scoil mar nach dtiocfadh aon bhorradh ar an scoil go dtí go mbeadh foirgneamh ann.

“Tá sé doiligh a rá le tuismitheoirí ar mhaith leat do ghasúr beag a chur chuig scoil s’againne agus ní ann don scoil go fóill ach a luaithe is a bheas an scoil oscailte, beidh muid i gceart,” a dúirt sé.

Bhí deacrachtaí móra ag Naíscoil na Seolta nuair a osclaíodh í ar dtús in 2021 mar gheall ar fheachtas fuatha a reáchtáladh i gcoinne bhunú na naíscoile.

Bhí Naíscoil na Seolta le lonnú ar shuíomh Bhunscoil Braniel in oirthear na cathrach, ach cinneadh ina dhiaidh sin nach dtarlódh sin mar gheall ar fheachtas ar na meáin shóisialta in aghaidh na naíscoile.

Dúirt Mac Séafraigh go bhfuil “áit iontach sábháilte” acu don scoil nua i gceantar na Creagaí.

“Bhí muid iontach cúramach faoin áit a roghnaigh muid don scoil nua. Bhí dílseoirí ann nach raibh róshásta linn ag an tús ach is mionlach beag bídeach iad na daoine sin.

“Sin ráite, bhí muid ag iarraidh a bheith cúramach agus a bheith ag obair go ciúin agus tá an coiste agus na tuismitheoirí iontach sásta faoin deis a bheas ag páistí Protastúnacha in oirthear na cathrach oideachas a fháil trí Ghaeilge,” a dúirt sé.

Beidh an scoil, atá ag fáil tacaíocht ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte, ag feidhmiú gan aon aitheantas ón Roinn Oideachais ar feadh cúpla bliain eile, go dtí go mbeidh líon áirithe scoláirí ar an rolla.

Fág freagra ar 'Múinteoir agus cúntóir ranga á lorg don chéad bhunscoil Ghaeilge in Oirthear Bhéal Feirste'

  • Ruairí Ó Caisleáin

    Bíodh rath ar an mbeart seo.

  • Tomás

    Scéal iontach ó Bhéal Feiriste, gach rath orthu leis an obair thábhachtach seo

  • Colette

    Gach rath oraibh. An Gaeilig Abú.