An Ghaeilge le bheith mar ábhar plé ag cruinniú thuaidh theas roimh an samhradh

Ní raibh aon chruinniú ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas faoi chúrsaí teanga ó 2020 ach, agus an chomhairle ag filleadh, deir Aire na Gaeltachta go bhfuil deis anois ann tabhairt faoi na deacrachtaí atá ag na Forais thuaidh theas

An Ghaeilge le bheith mar ábhar plé ag cruinniú thuaidh theas roimh an samhradh

Tá fáilte curtha ag Aire na Gaeltachta roimh athcheapachán Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge agus súil ann anois gur féidir cruinniú thuaidh theas faoi chúrsaí teanga a reáchtáil roimh an samhradh.

Rinneadh Seán Ó Coinn a athcheapadh ina Phríomhfheidhmeannach ag cruinniú idir airí rialtais an tuaiscirt agus an deiscirt a reáchtáladh in Ard Mhacha ag tús na seachtaine. Ba é sin an chéad chruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a reáchtáladh ó 2021.

Ceapadh Ó Coinn ina Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge den chéad uair in 2016. In 2021, ceal cruinniú de chuid na Comhairle Aireachta, níorbh fhéidir a athcheapachán mar Phríomhfheidhmeannach ar an bhForas a fhaomhadh go dtí an tseachtain seo.

Bhí an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, ar dhuine de na 16 aire de chuid Rialtas na hÉireann agus 12 airí ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann a bhí i láthair ag an gcruinniú agus deir sí go bhfuil deis anois ann tabhairt faoi na deacrachtaí atá ag na Forais thuaidh theas.

“Tréaslaím a cheapachán le Seán agus guím gach rath air agus é i mbun a chuid dualgas sna míonna amach romhainn,” a dúirt Martin. “Tuigimid uile na dúshláin atá ann do na Forais thuaidh theas, ach tá deis againn anois, agus Feidhmeannas an Tuaiscirt agus cruinnithe de chuid na Comhairle Aireachta ar ais, tabhairt faoi na dúshláin sin.”

Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge

Deir Roinn na Gaeltachta go bhfuil súil ann gur féidir cruinniú CATT a reáchtáil faoi chúrsaí teanga roimh an samhradh. Ní raibh ach cruinniú amháin ag CATT faoin nGaeilge agus faoin Ultais ó 2020 agus ní raibh aon chruinnithe CATT ann idir 2016 agus 2020, tráth ar athbhunaíodh Feidhmeannas Stormont.

Is í CATT a aontaíonn buiséad Fhoras na Gaeilge agus dúirt an eagraíocht teanga le Tuairisc an tseachtain seo caite gur “ábhar dóchais” é go bhfuil cruinnithe na comhairle ag filleadh.

Dúirt Seán Ó Coinn le Tuairisc anuraidh nach raibh Foras na Gaeilge in ann pleanáil fhadtéarmach a dhéanamh gan comhoibriú Thuaidh-Theas agus imní á léiriú aige go bhfágfaí an Foras ar an trá fholamh ó thaobh maoinithe de.

Chomh maith le hathcheapadh Uí Choinn, tá folúntais ar bhord Fhoras na Gaeilge fós le faomhadh ag CATT agus aontaíodh ag an gcruinniú an tseachtain seo go ndéanfaí ceapacháin leis na folúntais atá go fóill ar bhord an Fhorais agus ar bhoird eile a líonadh ag cruinnithe CATT amach anseo.

Ba é cruinniú CATT Dé Luain an coinne oifigiúil deireanach a bhí ag Leo Varadkar mar Thaoiseach.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge le bheith mar ábhar plé ag cruinniú thuaidh theas roimh an samhradh'