‘Léiriú é ar chur chuige an Taoisigh nua i leith na Gaeilge gur scaoil sé le haireacht na Gaeltachta ó Fhine Gael’ – Sinn Féin

Tá cáineadh déanta ag Sinn Féin ar an Taoiseach maidir le ceapachán Aire Stáit nua na Gaeltachta ach chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh cheapachán Thomas Byrne á rá go raibh tuiscint aige ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta

‘Léiriú é ar chur chuige an Taoisigh nua i leith na Gaeilge gur scaoil sé le haireacht na Gaeltachta ó Fhine Gael’ – Sinn Féin

Tá ráite ag an bhfreasúra gur droch-chomhartha é faoi mheon an Taoisigh nua i leith na Gaeilge go raibh sé sásta scaoileadh le haireacht na Gaeltachta chomh luath is a tháinig sé i gcumhacht.

Fógraíodh inné go bhfuil an Teachta Dála Thomas Byrne ó Fhianna Fáil ceaptha mar Aire Stáit na Gaeltachta in ainneoin gur ag Fine Gael, páirtí an Taoisigh Simon Harris, a bhí an cúram roimhe sin.

Meastar go raibh baint ag a laghad Teachtaí Dála atá ag Fine Gael a bhfuil Gaeilge líofa acu leis an gcinneadh cúram na Gaeltachta a scaradh ó chúram an OPW agus é a bhronnadh ar Byrne, a bhí ina Aire Stáit don Spórt sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán cheana féin.

Ar ndóigh rinne Fine Gael cinneadh roimhe seo an fhreagracht don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a thabhairt do Theachta Dála nach raibh líofacht sa teanga  acu, mar a rinneadh le ceapacháin Joe McHugh agus Patrick O’Donovan.

Deir urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, an Teachta Aengus Ó Snodaigh, go bhfuil an Ghaeilge á fágáil “in áit na leathphingine” cheana féin ag Simon Harris.

“Léiriú ar chur chuige an Taoisigh nua i leith na Gaeilge é gur ceann de na chéad chinntí a ghlac sé fáil réidh le haireacht na Gaeltachta ó Fhine Gael,” a dúirt Ó Snodaigh le Tuairisc.

Dar leis, easpa measa ar an teanga an chúis nach raibh cúraimí na Gaeltachta le cur ar aire sinsearach agus leis an scéala go raibh an aireacht stáit don Ghaeltacht ar an gceann deireanach a deimhníodh i measc na gceapachán nua.

Dúirt Ó Snodaigh go raibh an t-iarAire Stáit Patrick O’Donovan, atá ceaptha ina Aire Ardoideachais, tar éis Roinn na Gaeltachta a fhágáil agus gan an reachtaíocht a bheith réidh chun toghcháin Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais agus gan Scéim Labhairt na Gaeilge, nó a mhacasamhail, a thabhairt ar ais, mar a bhí geallta.

“Tá a lán ceisteanna móra ar gá don aire nua díriú isteach orthu ach beidh a fhios againn laistigh de chúpla seachtain an mbeidh seisean dáiríre faoin nGaeilge, mar ní raibh an rialtas dáiríre go dtí seo.”

Agus é ag labhairt ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge i dTeach Laighean inné, dúirt an t-iarAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, go raibh súil aige go bhfeicfí Bille Údarás na Gaeltachta “go luath” agus Thomas Byrne ag teacht i gcomharbacht ar Patrick O’Donovan.

Dúirt Byrne inné go raibh géarchéim teanga ann sa Ghaeltacht agus go raibh sé ag iarraidh dul i ngleic léi.

‘Tá géarchéim teanga sa Ghaeltacht, níl aon dabht faoi sin’ – Aire Stáit nua na Gaeltachta

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh cheapachán Byrne agus dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur fear é a bhfuil cur amach aige ar na dúshláin atá ann ó thaobh na Gaeilge.

“Cé go rabhamar ag lorg aire sinsearach a bheadh ag plé leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht, agus go bhfuil sé sin fós mar éileamh leanúnach againn roimh an olltoghchán, cuireann muid fáilte roimh cheapachán Thomas Byrne,” a dúirt de Spáinn.

“Is duine é a bhfuil muid ag plé leis le roinnt mhaith blianta. Tá tuiscint aige ar chuid mhaith de na ceisteanna a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht agus tá muid ag súil le bheith ag obair leis go luath.”

Cé nach bhfuair an Conradh aon sásamh maidir leis na héilimh a rinne siad ar Simon Harris sular ceapadh é, dúirt de Spáinn go raibh cruinniú fiúntach acu leis ag Ard-Fheis Fhine Gael i nGaillimh ag an deireadh seachtaine.

Bhí cúrsaí maoinithe, tithíocht sa Ghaeltacht agus an Ghaeilge sa chóras oideachais i measc na n-ábhar a phléigh Conradh na Gaeilge le Harris.

“An rud is suntasaí nuair a bhí muid ag labhairt leis ná gur dhúirt sé go raibh sé chun bualadh linn arís agus tá muid chun oibriú ar phlean oibre le chéile do roinnt gníomhartha,” a dúirt de Spáinn.

Bhí ionadaithe ó Ghaillimh le Gaeilge agus oifigigh pleanála teanga i láthair ag an gcruinniú sin le Simon Harris chomh maith.

Fág freagra ar '‘Léiriú é ar chur chuige an Taoisigh nua i leith na Gaeilge gur scaoil sé le haireacht na Gaeltachta ó Fhine Gael’ – Sinn Féin'

  • Páidín Ó Raifeartaigh

    “Tá tuiscint aige ar chuid mhaith de na ceisteanna a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht agus tá muid ag súil le bheith ag obair leis go luath.” Sin atá le rá ag Julian De Spáinn.
    Seans go bhfuil tuiscint ag Thomas Byrne ar na fadhbanna ach is féidir an rud ceannain céanna a rá faoi Éamonn Ó Cuív (guru na Gaeilge i bhFianna Fáil) agus céard a tharla.
    An t-oideachas Lán Ghaeilge ag dul ar gcúl.
    Gantannas tithíocht sa Ghaeltacht a chuireann iachall ar dhaoine óga dul isteach sna bailte móra nó dul ar imirce.
    Straitéis 20 Bhliain mar jóc a caitheadh sa mullach orainn in áit tús áite a thabairt don géarchéim sa Ghaeltacht agus na moltaí sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta a chur i bhfeidhm.
    “Pleanáil teanga” na Gaeltachta caite sa mullach ar coistí dheonach amaitéireacha gan cúnamh profisiúnta lán-aimseartha ná buiséad réadúil. srl srl.