Na ‘socruithe praiticiúla’ déanta chun an chéad Choimisinéir Teanga ó thuaidh a cheapadh

Breis agus dhá bhliain ó tugadh reachtaíocht don Ghaeilge isteach sa Tuaisceart, deir oifig an Fheidhmeannais go gcuirfear tús go luath leis an phróiseas chun Coimisinéir don Ghaeilge a cheapadh

Na ‘socruithe praiticiúla’ déanta chun an chéad Choimisinéir Teanga ó thuaidh a cheapadh

Tá na “socruithe praiticiúla” curtha i gcrích chun an chéad Choimisinéir Teanga don Ghaeilge a cheapadh ó thuaidh.

Breis agus dhá bhliain ó tugadh reachtaíocht don Ghaeilge agus don Ultais isteach sa Tuaisceart, deir oifig an Fheidhmeannais go gcuirfear tús go luath leis an phróiseas chun Coimisinéir don Ghaeilge agus Coimisinéir do Thraidisiún na hUltaise agus na mBriotanach Ultach a cheapadh.

Declan Kearney, Comhalta den Tionól Reachtach de chuid Shinn Féin, a lorg “uasdátú” ón Aire Stáit Aisling Reilly faoin dul chun cinn atá déanta maidir le feidhm a thabhairt don reachtaíocht nua don Ghaeilge.

Ag labhairt di i nGaeilge san Fheidhmeannas, dúirt an tAire Stáit go raibh “an obair ullmhúcháin déanta” ag oifigigh a roinne maidir le bunú Oifig Féiniúlachta agus Léiriú Cultúir agus ceapadh an Choimisinéara don Ghaeilge agus Coimisinéir do Thraidisiún na hUltaise agus na mBriotanach Ultach.

Dúirt Reilly go raibh cúrsaí earcaíochta, rialachais agus cásanna gnó leagtha amach ag a roinn.

“Is é an chéad chéim eile sa phróiseas seo ná an gá le cinntí aireachta leis na comhlachtaí nua agus nuair a bheas na cinntí seo déanta beidh muid in ann tús a chur le próiseas ceapacháin,” a dúirt sí.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide le Conradh na Gaeilge agus gníomhaí teanga leis an Dream Dearg, nach raibh aon leithscéal ann d’aon mhoill eile le ceapadh coimisinéara teanga don Ghaeilge .

“Tá sé tábhachtach anois go bhfuil a fhios ag an phobal cá háit go díreach a bhfuil muid sa phróiseas seo, próiseas ullmhúcháin a thosaigh in Eanáir 2020 nuair a foilsíodh an reachtaíocht an chéad uair.

“Thuig muid le tamall maith go raibh go leor den obair ullmhúcháin déanta agus go raibh muid ag fanacht le toil pholaitiúil. Ach is comhthoil pholaitiúil atá de dhíth anois, agus ag achan eile chéim de chur i bhfeidhm an Achta, comhthoil, comh-údarás ón Chéad agus an LeasChéad-Aire ag feidhmiú le chéile ar aon ghuth. Éilímid orthu siúd beirt anois, gan aon mhoill bhreise, tús a chur le próiseas earcaíochta leis an chéad Choimisinéir Gaeilge i stair an stáit a cheapadh.

“Ní aon leithscéal aon mhoill eile a chur leis an cheist seo” a dúirt Ó Tiarnaigh.

Fág freagra ar 'Na ‘socruithe praiticiúla’ déanta chun an chéad Choimisinéir Teanga ó thuaidh a cheapadh'