Tréimhse Tony O’Reilly sa Ghaeltacht

D’fhreastail Tony O'Reilly ar scoil bheag dhá oide sna cnoic gar do Chroithlí i nGaeltacht Thír Chonaill ag deireadh na 1940idí

Tréimhse Tony O’Reilly sa Ghaeltacht

Sna marbhnaí uilig a foilsíodh faoin bhfiontraí Tony O’Reilly le cúpla lá anuas, níor tugadh aon suntas don scolaíocht a fuair sé sa Ghaeltacht.

Ba chuig scoil bheag dhá oide sna cnoic gar do Chroithlí i nGaeltacht Thír Chonaill a tháinig an Raghallach ag deireadh na 1940idí. Meastar gur chaith sé ar a laghad bliain sa scoil mar go raibh a thuismitheoirí ag iarraidh go mbeadh Gaeilge ar a thoil aige, rud a bhí riachtanach ag an am dá mba mhian leat post a fháil sa státseirbhís. Bhí a athair, John O’Reilly, ag obair mar ard-chigire sa tseirbhís custaim ag an am agus bheartaigh sé a mhac a bhogadh ó Choláiste Belvedere i lár na hardchathrach go ceann de na háiteanna ba iargúlta sa tír ag an am.  Tuigtear go bhfuair an Raghallach óg scoláireacht le híoc as a thréimhse i dTor nó i ‘gceantar na gcnoc’ mar a thugtar air i nGaoth Dobhair.

Scoil dhá oide a bhí an ag an am –  príomhoide na scoile, Séamus Mac Giolla Bhríde (nó Jimmy Pheadair mar ab fhearr aithne air) agus Nora Dunlop. Ní raibh saoroideachas ar fáil ag an am agus bhí ardcháil ar Jimmy Pheadair cionn is gur ullmhaigh sé daltaí le haghaidh na scrúduithe scoláireachta Gaeltachta chuig coláistí dara leibhéal agus chuig na Coláistí Ullmhúcháin.

Meastar gur fhan O’Reilly i gCroithlí san áit ina bhfuil an teach leanna Tigh Pháidí Óig anois le linn a chuid ama ag freastal ar an bhunscoil i dTor.

Dúirt iar-chomhscoláire leis an Raghallach le Tuairisc gur cuimhin léi gasúr a bhí níos airde agus níos mó ná gach páiste eile sa scoil agus go raibh folt mór rua air. Bhíodh bríste gairid á chaitheamh aige agus ‘cosa chomh tiubh le grágáin’ aige.

Bhíodh Neilly Mulligan, a bhain cáil amach mar fhear grinn sna geamaireachtaí a bhíodh ag aisteoirí Ghaoth Dobhair, ag obair sa scoil ó am go chéile mar fheighlí tí le linn na tréimhse a chaith O’Reilly ann. Is cuimhin leis an iarscoláire go mbíodh an Maolagánach i gcónaí ag spochadh as an Raghallach óg mar nár thuig sé cad é a bhí a rá aige. Ba bheag a síleadh ag an am go mbainfeadh an gasúr mór rua seo ardcháil amach ar pháirc na himeartha agus i saol gnó na cruinne.

Dúnadh an scoil thart faoin bhliain 1968 ach tá an foirgneamh ann go fóill. Ceantar dearóil, iargúlta ach galánta é Tor agus is furasta a shamhlú an t-uaigneas a bheadh ar ghasúr óg cathrach le linn a ama ansin. Ní fios an raibh rath ar an oideachas Gaeltachta a fuair sé ar a chumas cainte i nGaeilge. Má bhí, is cinnte gur beag leas a bhain an Raghallach as an teanga sa saol poiblí, cé gur díol spéise é gur ceapadh é ar Chomhlacht Comhairleach na Gaeilge a bunaíodh mar thoradh ar Pháipéar Bán an Rialtais in 1965. Tá an t-eolas sin ina fho-nóta spéisiúil ag an Dr John Walsh ina leabhar One Hundred Years of Irish Language Policy – 1922-2022. Míníonn an Dr Walsh dúinn go raibh an comhlacht comhairleach a raibh an Raghallach ina bhall de ina réamhtheachta do Chomhairle na Gaeilge a dhein obair mhór taighde i ndeireadh na 1960idí.

Fág freagra ar 'Tréimhse Tony O’Reilly sa Ghaeltacht'

  • Fergus na Foghraíochta

    Ról tábhachtach a bhí ag na hÍosagánaigh in Éireann ón tús ba ea a a chinntiú go mbeadh bratach na Vatacáine á crochadh ag a mbuachaillí ard-aicmeacha Caitliceacha ar fud Impireacht na Breataine.

    Is fiú “Jesuit Education and the Irish Catholic Elite”, le Ciaran O’Neill a léamh.

    http://www.tara.tcd.ie/bitstream/handle/2262/89849/290-1341-1-PB.pdf?sequence=1&isAllowed=y