A scéal inste ag ceannródaí dochloíte dothuirsithe as an nGaeltacht

Níor cheadaigh Martin Naughton  don diostróife mhatánach an ceann ab fhearr a fháil ar an gcaoi ar chaith sé a shaol

A scéal inste ag ceannródaí dochloíte dothuirsithe as an nGaeltacht

NEVER KNOW YOUR PLACE
Martin Naughton
le Joanna Marsden
O’ Brien Press

Cuntas atá sa leabhar seo ar an gcaoi ar dhéileáil Máirtín Ó Neachtain as an gCoilleach in aice an Spidéil leis an éagumas diostróife mhatánach a bhí air ó rugadh é i 1954. Trí scór go leith bliain dár gcionn níl aon leigheas fós ar an ngalar a dhéanann lagú agus meath ar na matáin chnámharlaigh.

Baineann an leath is túisce den chuntas, a d’eachtraigh sé don scríbhneoir Joanna Marsden, lena óige. 9 mbliana d’aois a bhí sé nuair a chuaigh sé féin agus a dheirfiúr Bairbre, a raibh an galar céanna ag dul di, isteach in Ospidéal Mhuire i mBaile Dúill i dtuaisceart Bhleá Cliath féachaint an mbeadh aon chabhair le fáil dóibh.

B’uafásach an t-athrú sin do bheirt pháistí a bhí ar bheagán Béarla agus nár chaith oíche go dtí sin acu taobh amuigh den teaghlach a bhí timpeall ar a thuismitheoirí ceanúla Peadairín Shéamais Mháirtín agus a bhean Nóra ar ghabháltas beag talún.

Le súil go dtiocfadh biseach ar an mbeirt a thoiligh Peadairín agus Nóra iad a ligean chun bealaigh.

Mná rialta a bhí i gceannas an ospidéil, áit a mba chultúr fuaránach, géar agus ar bheagán dáimhe a bhí i réim.

Ach, mar a thugann fotheideal an leabhair Memoir of a Rulebreaker le fios, ba dhuine tiomanta, diongbháilte é Mac Uí Neachtain. Má bhí sé de rún aige cion céadtach a bhaint as an saol ainneoin a cháis, ba bheag seans go gcuirfeadh dornán ban in éide dhubh faoi chois é. Agus b’in mar a bhí. Fiú más mór a bhí idir saol geanúil, síochánta an Choilligh agus rialacha dochta smachta agus fuaire an ospidéil, bhí an miotal i Máirtín a dhul i ngleic leis.

Bhain sé cothú freisin as na laethanta saoire a cheadaíodh abhaile é chuile shamhradh, na cúpla cuairt in aghaidh na bliana a thugadh a thuismitheoirí chuige féin agus chuig Bairbre agus na cuairteanna ba rialta ná sin a thugadh a chomharsa as an Spidéal, Micheál Ó Briain orthu.

Aisteoir in Amharclann na Mainistreach ab ea an Brianach a raibh cónaí air in aice láimhe i Beaumont. Go deimhin ba é a bhailigh an bheirt pháistí den traein agus a thug chun an ospidéil iad an chéad lá ariamh.

Bhí dúil ag Máirtín Ó Neachtain i gcuideachta agus de réir a chéile thosaigh caidreamh idir é agus a chomhaoisigh taobh istigh den ospidéal agus taobh amuigh. Cé go raibh seisean níos sine ná é, ba chara mór freisin póirtéir na háite Kit Byrne, fear a raibh an-suim aige sa sacar. Eatarthu thosaigh siad foireann san ospidéal agus cé gur bheag a thaitnigh sé leis na mná rialta, scaití d’imrítí foirne ón taobh amuigh.

Agus Corn na hEorpa buaite acu i 1967 tháinig an fhoireann sacair Ceiltigh Ghlaschú go Bleá Cliath an bhliain dár gcionn áit ar imir siad Ruagairí na Seamróige. Le linn dóibh a bheith sa phríomhchathair thug siad cuairt ar Ospidéal Mhuire agus chaith an bainisteoir Jock Stein agus na himreoirí uair an chloig i measc na n-othar.

B’iomaí Satharn a chaith Máirtín ina chathaoir rotha taobh amuigh de shiopa Clery’s i Sráid Uí Chonaill ag bailiú airgid d’Ospidéal Mhuire agus nuair a facthas go raibh sé cumasach chuige, chuirtí síos faoin tír é ag déanamh na hoibre céanna.

Theastaigh uaidh i gcónaí go bhfaigheadh sé deis scrúdú na hArdteistiméireachta a sheasamh, rud nach raibh déanta ag mórán othar eile i mBaile Dúill. Bhí barúil aige go seasfadh a raibh déanta aige mar fhear bailithe airgid dó nuair a d’iarrfadh sé a chead agus bhí an ceart aige. D’fhreastail sé ar Mheánscoil Mhuire do chailíní, rud a thug saoirse dó nach raibh aige ó thrasnaigh sé tairseach an ospidéil.

Cheannaigh captaen Cheiltigh Ghlaschú, Billy McNeill, cathaoir rothaí leictreach dó agus dá bharr tháinig tuilleadh deiseanna ina bhealach le bheith páirteach sa saol sóisialta thart ar Bhaile Dúill agus níos faide i gcéin.

Thapaigh Martin a dheis go fonnmhar. Chuaigh sé go Sasana agus chun na Gearmáine ar chúrsa a bhain le síceolaíocht an spóirt, fuair post in ionad aclaíochta agus i 1976 thug cuairt ar na Cluichí Para-Oilimpeacha i Toronto

Baineann an dara cuid den leabhar leis an gcaoi ar chaith Máirtín Ó Neachtain a shaol mar dhuine fásta.

Tá sé tomhaiste faoi seo agat nár cheadaigh sé don diostróife mhatánach an ceann ab fhearr a fháil ar an gcaoi ar chaith sé an chuid sin dá shaol ach an oiread. Tá an leabhar lán le heachtraí taistil, ragairne agus cleasaíochta nach gcuimhneodh tú go deo a bheith ina acmhainn.

Ach tá an oidhreacht a d’fhág Máirtín Ó Neachtain ina dhiaidh i bhfad níos luachmhaire ná a chuid pléaráca. Chuir sé roimhe seasamh go láidir in aghaidh na neamairte a bhí an stát a dhéanamh air féin agus ar a leithéid. Náirigh sé na húdaráis chomh mór agus chomh minic sin nach raibh de rogha acu ach rudaí a chur ina gceart faoi dheireadh.

Ar bheagán cabhrach, d’eagraigh sé feachtas fada, leanúnach a d’éiligh go raibh daoine mar é féin i dteideal cúramóirí pearsanta a bheith acu, rud a cheadódh dóibh saol a chaitheamh mórán mór mar a bhí siad siúd a bhí ina dtimpeall agus ar lánchumas in ann a dhéanamh.

Sa gcor ba mhó ina shaol fuair sé árasán i sráidbhaile Bhaile Dúill agus le cabhair a chairde, a chomharsana agus comhghleacaithe ón ospidéal, ghlac céim eile i dtreo an neamhspleáchais. Ba saor in aisce agus go fonnmhar a thugadar an cúnamh.

Nuair nach mbíodh fáil orthu siúd, d’íoc sé as an gcúnamh as a phóca féin.

Agus gan tada ag teacht ón stát, chuaigh sé i mbun teagaisc le ranganna breise Gaeilge a thabhairt do mhic léinn meánscoile agus d’íoc as na cúramóirí ar an gcaoi sin. Ina dhiaidh fuair sé post riaracháin le comhlacht a raibh cúpla gnó acu i gCionn Sáile in aice láimhe.

Thug sé cúpla cuairt ar na Stáit Aontaithe áit a raibh a dheirfiúr Chris ina cónaí agus i ndeireadh na 1980idí bhí sé ag cuimhneamh ar chur faoi go buan ansiúd. Go deimhin fuair sé ceann de víosaí Morrison.

Agus Máirtín i Meiriceá thug sé faoi deara go raibh cabhair rialtais i bhfad níos fearr ar fáil ansiúd ná a bhí sa mbaile. Chuir sé roimhe oiread eolais faoi sin a fháil agus a d’fhéad sé.

Ar thóir ticéid do dhaorchluiche de chuid na Boston Red Sox a bhí sé nuair a moladh dó cuairt a thabhairt ar an Boston Center for Independent Living, áit a raibh fáil ar allúntas dóibh siúd a bhí i gcathaoir rothaí.

Ag comhrá le daoine ansiúd tuigeadh dó cé chomh mór chun cinn a bhí na Státaí ar a thír dhúchais ó thaobh tacú lena leithéid féin. Ní hamháin go raibh daoine mar é i dteideal tithíochta dóibh féin agus dhá dtrian de lascaine cíosa ag dul leis, ach bhí deontais ag dul freisin dóibh le cúntóir pearsanta a fhostú a chuideodh leo sa mbaile nó i mbun oibre, ach a leithéid sin a bheith acu. Iad féin a bhí freagrach as na cúntóirí seo a earcú agus a bhriseadh.

Thug an fhealsúnacht a bhí i réim sa Boston Center for Independent Living tuilleadh misnigh dó. Ba é an soiscéal a bhí acusan nach mba air féin a bhí an locht mura raibh sé in ann a dhul ar bhus – gurbh é an té a rinne dearadh ar an bhfeithicil a bhí ciontach. Nárbh iad a chuid easpaí féin ba chúis leis na deacrachtaí a bhí aige post a fháil, ach an córas a chuir oideachas air agus iad siúd a rinne pleanáil ar fhoirgnimh.

D’fhill Máirtín Ó Neachtain ar Éirinn agus a chloigeann lán le smaointe a chuideodh lena leathbhádóirí ansiúd.

Bhí tús leis an bhfeachtas.

I 1992 bhunaigh sé féin agus seachtar eile The Dublin Centre for Independent Living. Sna blianta a lean agus Máirtín ar thús cadhnaíochta, chiapadar agus chráigh siad Taoisigh, Airí Sláinte agus Teachtaí Dála ar thóir a gcearta. D’eagraíodar máirseálacha agus slógaí agus ócáidí go leor eile lena gcás a chur chun cinn.

Chuir lucht féachana na teilifíse, éisteoirí raidió agus lucht léite na nuachtán anseo aithne mhaith ar fhear an Spidéil agus ar an meascán hataí ba nós leis a chaitheamh – Topi na hIndia lá amháin, caipín speiceach a athar lá eile.

I bhfómhar na bliana 1995 bronnadh ceann de ghradaim Pearsa na Bliana air. Foláireamh don rialtas gan dearmad a dhéanamh ar a gcuid gealltanas a bhí sa bpíosa cainte a rinne sé.

Ag teacht don Nollaig faoi dheireadh thiar thall, tháinig an reachtaíocht i bhfeidhm a shocraigh to raibh aon duine in Éirinn a bhí faoi mhíchumas i dteideal Cúntóir Pearsanta.

Is as an mbealach a dtugtaí faoi theach a thógáil ina cheantar dúchais fadó agus gan fáil ar innealra an lae inniu, a thagraíonn Máirtín Ó Neachtain don méid a tháinig isteach ina chloigeann féin nuair a cuireadh ar an eolas é faoin dea-scéala.

“I still had my battles ahead. We all did. But this was a beginning. We’d set fire to the rocks, broken the ground and put down the foundations that we could build on.”

I mí an Mhárta 2016 rinne Ollscoil na Gaillimhe Ollamh Oinigh sa bPolasaí agus sa Dlí Éagumais dó. Bhí a shláinte ag teip faoin tráth  sin agus bhásaigh sé ar an 13 Deireadh Fómhair dár gcionn.

Ceannródaí dochloíte, dothuirsithe ab ea Máirtín a bhfuil pobal iomlán na tíre go mór faoina chomaoin – iad siúd atá i mbarr a sláinte agus iad siúd faraor nach bhfuil.

Fág freagra ar 'A scéal inste ag ceannródaí dochloíte dothuirsithe as an nGaeltacht'