Grúpa feachtais ag iarraidh feidhm reachtúil a leagan ar Údarás na Gaeltachta maidir le cúrsaí tithíochta

Tá an moladh go ndéanfaí leasú ar Acht Údarás na Gaeltachta ar cheann de roinnt moltaí a chuir BÁNÚ faoi bhráid coiste oireachtais i dTeach Laighean inné

Grúpa feachtais ag iarraidh feidhm reachtúil a leagan ar Údarás na Gaeltachta maidir le cúrsaí tithíochta

Adhna Ní Bhraonáin

Tá an grúpa feachtais BÁNÚ ag iarraidh go ndéanfaí leasú ar an reachtaíocht chun feidhm shonrach a leagan ar Údarás na Gaeltachta maidir le soláthar tithíochta sa Ghaeltacht.

Tá an moladh go ndéanfaí leasú ar Acht Údarás na Gaeltachta ar cheann de roinnt moltaí a rinne an grúpa os comhair coiste oireachtais i dTeach Laighean inné.

Ag an gcruinniú de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, dúirt Adhna Ní Bhraonáin ó BÁNÚ go bhfuil an easpa soláthair tithíochta ag cur todhchaí na Gaeilge i mbaol agus go bhfuil “an chéad ghlúin eile tuismitheoirí á brú amach as na ceantair Ghaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge in uachtar”.

Dúirt Aire Stáit nua na Gaeltachta inné gur mhaith leis dá mbeadh Údarás na Gaeltachta in ann tithíocht a chur ar fáil.

Chomh maith leis an leasú ar an reachtaíocht, tá BÁNÚ ag moladh go n-aithneofaí an tÚdarás mar Chomhlacht Ceadaithe Tithíochta chun tithe a thógáil; go gcuirfeadh Roinn na Gaeltachta deontais ar fáil do chainteoirí Gaeilge ar mhaith leo lonnú sa Ghaeltacht; agus go bhfoilseofaí na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht, mar atá geallta ag an Aire Tithíochta.

Thug an Teachta Éamon Ó Cuív le fios ag an gcruinniú go raibh ráite ag an Aire Darragh O’Brien leis go mbeadh na dréacht-treoirlínte le foilsiú “as seo go ceann coicíse”. Tá breis is dhá bhliain de mhoill ar na treoirlínte ó gheall an tAire O’Brien ar dtús iad. Dúirt sé níos luaithe i mbliana go bhfoilseofaí iad aimsir na Cásca.

Dúirt Adhna Ní Bhraonáin gur chas BÁNÚ leis an Aire Tithíochta le gairid agus gur thug sé le fios go bhféadfaí tuilleadh cumhachta a thabhairt don Údarás le tithe a thógáil sa Ghaeltacht.

“Thug sé le fios dá mbeadh aitheantas ag an Údarás mar Chomhlacht Ceadaithe Tithíochta (AHB) go bhféadfadh an tÚdarás tabhairt faoi sholáthar tithíochta inacmhainne ar a suíomhanna, ach na hacmhainní daonna is airgeadais a bheith curtha ar fáil,” a dúirt Ní Bhraonáin.

“Le nach mbeadh aon amhras ná comhartha ceiste faoi chumhacht a bheith ag an Údarás dul ag plé le tithíocht, tá BÁNÚ ag moladh go gcuirfí leasú ar Acht Údarás na Gaeltachta le go mbeadh soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht mar cheann d’fheidhmeanna sonracha an Údaráis faoin reachtaíocht.”

Dúirt cathaoirleach an choiste, an Teacha Aengus Ó Snodaigh, gur fhág an mhoill a bhí ar an reachtaíocht chuí chun toghcháin an Údaráis a thabhairt ar ais go bhféadfadh go raibh deis ann anois na leasuithe atá á moladh ag BÁNÚ a chur san áireamh nuair a bheadh an reachtaíocht ag dul trí Theach Laighean.

Donncha Ó hÉallaithe

Dúirt Donncha Ó hÉallaithe, ball de BÁNÚ, go raibh litir scríofa ag an ngrúpa chuig Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ag iarraidh air aitheantas AHB a lorg don Údarás.

Tá sé fógartha ag Údarás na Gaeltachta go bhfuiltear ag obair ar phlean chun tithíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge ar thalamh an Údaráis sa Rinn i bPort Láirge, ar an gCeathrú Rua i gConamara agus i nGaoth Dobhair i nDún na nGall.

Dúirt BÁNÚ gurb í an tuiscint a bhí acu féin ná go dtabharfaí na suíomhanna atá aitheanta ag an Údarás do na húdaráis áitiúla chun tabhairt faoin bhforbairt.

“B’fhearr le BÁNÚ go mbeadh smacht ag Údarás na Gaeltachta ar sholáthar na tithíochta,” a dúirt Ní Bhraonáin.

Maitiú de Hál

Dúirt Donncha Ó hÉallaithe go raibh sé de chumhacht ag Roinn na Gaeltachta deontais a thabhairt do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu agus atá ag iarraidh teach a cheannach sa Ghaeltacht agus nár baineadh úsáid as an gcumhacht sin le nach mór deich mbliana. Dúirt Ó hÉallaithe go raibh sé “aisteach” nach mbeadh an Roinn ag baint úsáid as an gcumhacht i láthair na huaire agus géarchéim tithíochta sa tír.

Chuir Éamon Ó Cuív fáilte roimh mholtaí BÁNÚ agus dúirt sé nach bhféadfaí aon argóint a dhéanamh ina dtaobh ach gur theastaigh plé “níos míne” ar an scéal mar gur ábhar casta atá ann.

Fág freagra ar 'Grúpa feachtais ag iarraidh feidhm reachtúil a leagan ar Údarás na Gaeltachta maidir le cúrsaí tithíochta'

  • An Teanga Bheo

    Tithe agus áit conaí an chéad chloch agus plean forbartha ceart fiú má tá suiomh agat agus ní leor rogha leathan a bheith ann do phobal na Gaeilge agus gan aon limistéir a fhágáil amach, agu beart de réir ár mbriathar.

  • Proinsias Breathnach

    Tá na céadta cainteoirí Béarla agus daoine as tíortha eile ag taisteal go laethúil ó chathair na Gaillimhe chun obair i nGaeltacht Chonamara Theas. Níl Gaeilge ag na hoibrithe seo agus iad ag obair in ionaid atá maoinithe ag deontais ó ÚNaG. Comhlíonann na hoibrithe seo an coinníol riachtanais tithíochta le cead pleanála a fháil le teach a thógáil i nGaeltacht Chonamara Theas. Faoi láthair tá na riachtanais teanga chun pleanáil a fháil sa Ghaeltacht an-doiléir. Ní cruthaítear go bhfuil Gaeilge sách maith ag na hiarratasóirí chun iad féin a chur in iúl dá gcomharsana nua.
    Tá an taoide ag casadh go tapa i gCois Fharraige agus tá sé sin soiléir sna scoileanna sa Spidéil. Cén caoi an bhfuil ÚnaG nó eagraíocht tithíochta chun coinníol teanga a chur i bhfeidhm sa gcomhthéacs sin. D’fhéadfadh go méadódh a leithéid de thionscadail tithíochta ceannasacht an Bhéarla.