An chéad fhéachaint faighte ar iontrálacha an fhoclóra nua Gaeilge-Gaeilge

Tá suas is anuas le 30,000 ‘dréachtaonad céille’ curtha in eagar ag Tionscadal Foclóireachta Fhoras na Gaeilge don fhoclóir nua

An chéad fhéachaint faighte ar iontrálacha an fhoclóra nua Gaeilge-Gaeilge

Tá an chéad fhéachaint ar dhréachtiontrálacha an fhoclóra nua Gaeilge-Gaeilge atá á réiteach ag Tionscadal Foclóireachta Fhoras na Gaeilge ar fáil agus samplaí roinnte ar na meáin shóisialta.

Tá “dul chun cinn maith” á dhéanamh ag foireann an fhoclóra agus tá suas is anuas le 30,000 “dréachtaonad céille” curtha in eagar acu.

Is ag deireadh na bliana 2025 atáthar ag súil le foilsiú an chéad sciar den Fhoclóir Gaeilge-Gaeilge ar líne. Dála an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge a foilsíodh i bhfoirm chlóite in 2020, cuirfear na chéad iontrálacha ar fáil ar líne sula dtosófaí aon obair ar leagan clóite den fhoclóir.

Chuir Derek Ó Briain, duine d’eagarthóirí foclóireachta an Tionscadail, na ceithre shampla in airde ar an ardán sóisialta BlueSky an tseachtain seo. Baineann na samplaí le cúrsaí eacnamaíochta agus tá spléachadh iontu ar mhodh oibre agus ar chur chuige na bhfoclóirithe ar Shráid Amiens i mBaile Átha Cliath.

Is iad seo na samplaí a roinneadh:

Cáiníocóir Duine a íocann céatadán dá ioncam leis an rialtas mar cháin
Cáin mhaoine Cáin a íocann daoine ar an maoin, msh talamh nó foirgnimh, atá acu
Cáin chorparáide Cáin a íocann comhlachtaí ar an mbrabús a dhéanann siad
Cáin charbóin Cáin a ghearrtar ar dhó breoslaí ar nós móna, guail agus ola, ar mhaithe leis an méid dé-ocsaíd charbóin atá á scaoileadh amach san atmaisféar a laghdú

Tá dhá fhoclóir ar leith á gcur i dtoll a chéile ag lucht an Fhoclóra i láthair na huaire: an Foclóir Nua Gaeilge-Béarla, a ghlacfaidh áit Fhoclóir Néill Uí Dhónaill mar phríomhfhoclóir Gaeilge-Béarla; agus an Foclóir Gaeilge-Gaeilge, foclóir aonteangach ina mbeidh míniúcháin Ghaeilge ar cheannfhocail Ghaeilge.

Níor foilsíodh macasamhail an dara foclóir sin riamh cheana i nGaeilge.

Tá léargas le fáil ar an dá fhoclóir atá idir lámha ag na foclóirithe sna híomhánna a roinneadh ar BlueSky – sainmhíniúchán Gaeilge-Gaeilge agus aistriúchán Gaeilge-Béarla i dteannta a chéile.

Áis “inmheánach” d’eagarthóirí na bhfoclóirí a bhí le feiceáil sna híomhánna a roinneadh, áis a ligeann dóibh a bheith ag obair ar an dá fhoclóir ag aon am amháin.

Tá na nótaí gramadaí i mBéarla faoi láthair ach beidh rogha ag úsáideoirí an fhoclóra comhéadan Gaeilge nó Béarla a roghnú ar an suíomh, mar atá acu ar shuíomh Teanglann.ie agus Focloir.ie faoi láthair.

Tosaíodh an bhunobair ar an na foclóirí tuairim is 25 bliain ó shin. Seoladh an chéad ghála d’fhocail ar an Foclóir Nua Béarla Gaeilge ag Oireachtas na Samhna 2013 agus tá an fhoireann eagarthóirí ag cur leis an tionscadal ó shin.

Foilsíodh leagan clóite den fhoclóir sin faoin teideal Concise English-Irish Dictionary in 2020.

Fág freagra ar 'An chéad fhéachaint faighte ar iontrálacha an fhoclóra nua Gaeilge-Gaeilge'