Bhí sé 41°C ag gabháil tríd an bhfásach dúinn…

DIALANN TAISTIL: Tá sé seachtaine taistil curtha díobh ag ár ndialannaí taistil agus criú an Jimny agus iad ag déanamh ar a gceann scríbe - Ulaanbaatar sa Mhongóil

Bhí sé 41°C ag gabháil tríd an bhfásach dúinn…

Sea, tá sé seachtaine taistil curtha dínn againn inár ngluaisteáin bheaga atá fós ag imeacht, inár dtarrac soir go dtí’n ár gceann scríbe Ulaanbaatar sa Mhongóil agus tá an seisear againn fós ag caint!

Bíonn teannas ann go minic, rud go mbeifeá ag súil leis tar éis an méid sin ama i dteannta a chéile ach pé acu an réiteóm nó ná déanam táimid ag brath ar a chéile mar fhoireann ag féachaint amach dá chéile mar ná fuil againn ach sinn fhéin ar an dturas seo. Tá taithí na mblian agam air sin tar éis míosa a thabhairt ag camchuairt ceoil le buíonta difriúla agus is cleas maith i gcónaí am a thabhairt id aonar na haon lá chun sos a thabhairt duit fhéin ód chomhcheoltóirí agus faoiseamh a thabhairt dóibh san uaitse.

Bíonn tú de shíor ag tomhas is ag láimhseáil do smaointe is do bhraistintí fhéin is tá am chughat fhéin uait chuige sin. Tar éis an Tuircméanastáin a fhágaint bhí sé go haoibhinn aghaidh a thabhairt ar Stan eile a bhí go hiomlán difriúil i meon, sí sin an Úisbéiceastáin. Ár gcéad chathair ná Khiva. Sé seo croílár Chosán an tSíoda a shín ón tSín go dtí an Eoraip is an Afraic ar feadh na mílte bliain.

Cathair aoibhinn is ea Khiva. Thugamar an oíche laistigh d’fhallaí an tseanabhaile in óstán Zukhro. Ní go dtí gur shíneamar siar an oíche sin ar an 4 Iúil a thuigeamar cé chomh traochta is bhíomar. Neamh ar talamh dhúinn ab ea é cúpla oíche sosa a thabhairt ann tar éis sciúrsáil na Tuircméanastáine. Bhí sé 41°C ag gabháil tríd an bhfásach dúinn agus i gKhiva bhí sé i dtaobh lena 37°C nuair is teo a bhí sé i gcorplár an lae. Bhí daoine ag dul i bhfothain ón ngréin mar bhímidne ag dul i bhfothain ó ghaoth is báisteach ‘ge baile!

Chuir sé i gcuimhne dhom scéal a dúirt John Sheehan liom i dtaobh na Dubliners uair dá rabhadar le dul an Ghearmáin i mí Lúnasa. Ach a gcuala Barney cé chomh te is bhí sé ann, go raibh sé “30°C in the shade”, arsa Barney ‘Jasus, I’m staying out of the shade’.

 

Cadás an táirge is mó atá acu agus sí an tríú tír is mó ar domhan í chuige sin. Baintear úsáid as uisce abhainn an Amu Daryu chun uisce a chur ar an dtalamh chuige seo. Éiríonn sí in aice na Himiléithe ag sléibhte Pamir agus ritheann sí chomh fada leis an Mhuir Chaisp…cnámh droma uisce dos na tíortha iomadúla go ritheann sí tríothu. Bheifeá ag tiomáint trí fhásach agus an chéad rud eile tagann tú trasna ar ghoirt mhóra ghlasa churadóireachta. An fásach tabhartha chun míntíreachais acu le huisce, a mhalairt linne ag draenáil na bportach agus gorta glasa déanta dhíobh san. Is diail é an duine, nó an ait é.

Tír aoibhinn fháilteach oscailte gur bhreá liom filleadh uirthi. Ó sea ach a bhfreagraíonn tú iad ag rá gurb ó Éirinn duit… ‘Conor Mc Gregor’ a bhíonn acu ar fad!

Dá mbeadh peata ‘Stan’ agam go dtí seo, sí an Úisbéiceastáin í ó thaobh áilleacht daoine, bídh agus foirgnimh ársa le fallaí na cathrach fé mar ata i Khiva fós ag seasamh agus iad cóirithe le meas acu i gcúpla cathair dá ngabhamar tríothu.

Tar éis an Úisbéiceastáin a chur dínn, táimid anois sa Táidsíceastáin, an áit is fiáine agus is iontaí dár thiomáineas tríd riamh nó b’fhéidir dá bhfaca riamh. Dearúd Slí An Atlantaigh Thiar seo againne más cur i gcomparáid fiántais atá’n tú. Formhór seachtaine caite anseo againn. Tá sléibhte diamhaireacha arda ann a chuirfeadh na sléibhte is na gleannta sa Ghraonlainn i gcuimhne dhuit ach gan aon sneachta orthu agus na gleannta eatarthu ar aon dul leis an nGrand Canyon.

Agus sinn ag gabháil na sléibhte seo bhí tolláin go ngabhamair tríothu ná raibh thar mholadh beirte ach bhí aon cheann amháin go mbaisteamar Poll Dorcha Ifrinn air a tháinig gan choinne orainn, mise ag tiomáint, isteach linn agus ar feadh formhór chúig mhíle bhíomar sa doircheacht gan againn ach ár soilse fhéin, sinn múchta aige deatach cairteacha is leoraithe a bhí ag éirí den mbóthar pollta is ag gabháil amach ar a chéile fé mar dá mbeadh an taoide mhór ag breith orthu. Cheapas ná chífinn solas an lae go deo aríst. Ach má tá ach a dtángamar amach ón dtaobh eile, féach cad a a bhí ag feitheamh linn!

Chuamar as san go dtí an gcathair is mó agus is nua-aimseartha i lár na hÁise, Dushambe. Cathair rachmasach le foirgnimh stáit is idirnáisiúnta dá réir.

Ar aghaidh linn ansan chomh fada le habhainn Panj atá mar theorainn idir an Táidsíceastáin agus an Afganastáin agus thugamar suas le seachtain ag féachaint trasna na habhann ar an dtír sin. Braithim go bhfuilim tar éis a bheith ann, bhíomir chomh cóngarach dó ar uairibh, sinn ag féachaint trasna ar na daoine ag rothaíocht is ag siúl na mbóithre, ag treabhadh le dhá dhamh, meithleacha ag obair sna goirt agus, a Mhuire Mháthair, airde is aoibhneas sléibhte. Ní haon iontas nár rith leis an Sasanach san 19ú aois is na Rúisigh agus na Meiriceánaigh ina dhiaidh san, aon chothrom a bhaint astu le linn a dtréimhsí cogaíochta leo mar tá an áit chomh diamhair san.

Ansan an bóthar ó Kalai Kum go Rushon… Tuircméanastáin, tá do pheacaí maite!

Gan aon amhras an bóthar is contúirtí agus is gránna dár thaistealaíos riamh – é ar fhaobhar na faille, an abhainn taobh thíos is an fhaill thíos ag titim isteach in áiteanna is na mílte troigh d’fhaillteacha os do chionn, tite anuas in áiteanna eile, le trácht jípeanna is leoraithe millteacha ar ardluas ag gluaiseacht an dá threo. Ar mo leabhar bhí sé chomh sceirdiúil scanrúil ná neadódh na faoileáin fhéin ann agus seo sinne, aon uair an chloig déag go leith ag taisteal an bhóthair sin a bhí díreach 100 míle ar fhaid. Go deo deo aríst ní raghad ann. Mike, atá 87, dúirt sé go bhfillfeadh sé i gceann deich mbliana nuair a bheadh an bóthar críochnaithe!

Fan na teorann seo stadadh go minic sinn agus féachadh ar ár bpasanna agus ár víosa agus formhór na haon trí nó ceathair de mhílte bhí triúr saighdiúirí armtha ag siúl i ndiaidh a chéile, cuid acu a bheannódh duit a thuilleadh ná déanfadh is a thuilleadh acu ag déanamh comharthaí ag lorg toitíní orainn.

Na haon mhíle thiocfá ar na fallaí fothana ó urchair thrasteorann, le heagla go mbeadh aon ní á thaibhreamh don dTaliban ar an dtaobh eile don abhainn. Níor mhaith liom a bheith ag brath orthu agus gunnaí innill ag folmhú a dtrálach urchar orm ar ardluas!

Maidir le bia dhó, tá sé chomh maith is chomh blasta is atá sé aige baile againn sna cathracha ach ar thrian an phraghais. Maidir leis na lóistíní baile go bhfuilimid ag fanacht iontu, tá formhór an bhídh sin déanta aige baile agus na sailéadaí fásta ina ngairdíní fhéin acu agus na subhanna iomadúla déanta acu fhéin as torthaí na gcrann timpeall an tí.

Bíonn na mná gléasta go haoibhinn i ngúnaí ildaite pé acu ag siúl na sráide dhóibh nó le bó nó gamhain ar adhastar acu.

Tá na fearaibh go minic gléasta fé mar atá aige baile, cuid acu ba dhóigh leat go rabhais i measc lucht na gCaipíní.

Fág freagra ar 'Bhí sé 41°C ag gabháil tríd an bhfásach dúinn…'

  • Peigí Ní Chonghaile

    Tá sé go haoibhinn a bheith ag léamh na bpíosaí seo ó Bhreanndán Ó Beaglaoich, ta súil agam go scríobhfaidh sé leabhar faoin dturas ar fad nuair a fhilleann sé abhaile, turas slán go hUlaanbaatar agus abhaile dóibh!

  • Mairéad Ní Nuadháin

    Bhain mé an-taitneamh as an alt seo a Bhreanndáin. Shíl mé go raibh mé sa gcarr in éindigh libh!