Tá cumhachtaí sonracha i leith cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht le tabhairt d’Údarás na Gaeltachta i reachtaíocht nua.
Tá cumhachtaí i leith cúrsaí tithíochta luaite sa bhille nua atá á thabhairt isteach chun toghchán Údarás na Gaeltachta a chur ar bun arís.
Tá an bille sin, An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024, foilsithe ag an Rialtas agus beidh sé á phlé sa Dáil an tseachtain seo.
Deirtear ann go bhféadfadh Údarás na Gaeltachta talamh a dhíol, nó a thabhairt ar lámh ar shlí eile, le comhlacht tithíochta ceadaithe nó le húdarás tithíochta ar mhaithe le tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht.
Tá sé fógartha ag Údarás na Gaeltachta go bhfuiltear ag obair ar phlean chun tithíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge ar thalamh an Údaráis sa Rinn i bPort Láirge, ar an gCeathrú Rua i gConamara agus i nGaoth Dobhair i nDún na nGall.
Meastar go dtabharfaidh an tÚdarás do na húdaráis áitiúla na suíomhanna atá roghnaithe sna ceantair sin chun tabhairt faoin bhforbairt.
Faoin struchtúr nua atá beartaithe do Bhord an Údaráis, 16 comhalta a bheidh i gceist, seachas 12 mar atá faoi láthair, agus déanfaidh an pobal deichniúr díobhsan a thoghadh. Roghnófar an seisear eile a bheidh ar an mbord trí chomórtas poiblí.
Toghfar triúr chun an Bhoird ó cheantar Gaeltachta na Gaillimhe, beirt ionadaithe a bheidh ag Dún na nGall agus beidh ionadaí amháin ag na cúig chontae Gaeltachta eile.
Aire na Gaeltachta a roghnóidh Cathaoirleach an Bhoird as measc na gcomhaltaí. Roimhe seo, baill roghnaithe a cheaptaí ina gCathaoirleach ach beidh cead ag baill tofa anois a bheith sa ról sin.
Deirtear sa bhille nach mbeidh duine incheaptha ná intofa mura rud é go mbeidh sé nó sí inniúil i nGaeilge agus “ábalta gnó an Údaráis a sheoladh trí mheán na Gaeilge”.
Deirtear gur faoin Aire a bheidh sé an leibhéal inniúlachta i nGaeilge is gá a bheith ag duine a shocrú agus bainfear leas as an gcóras caighdeán ar a dtugtar an Creat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha.
Roimhe seo dúradh go gcaithfeadh gach comhalta boird caighdeán B2 ar a laghad a bheith acu “sa Ghaeilge” sa Chomhchreat Tagartha Eorpach um Theangacha [TEG], ach deirtear sna leasuithe gur B2 “sa Ghaeilge labhartha” amháin a bheidh ag teastáil.
Le linn an phlé faoin dréachtreachtaíocht i dTeach Laighean anuraidh, léiríodh imní go gcuirfeadh scrúdú Gaeilge d’iarrthóirí toghcháin cainteoirí dúchais ó dhoras
Dúradh roimhe seo freisin nach mbeadh cead ag aon duine atá ina chomhairleoir contae, Teachta Dála, Seanadóir nó Feisire Eorpach a bheith ina bhall den Bhord, ach fuarthas réidh leis an gcosc sin agus beidh cead ag comhairleoirí contae seasamh sa toghchán.
Beidh ionadaíocht chomh maith ag comhairleoirí contae ar na trí choiste réigiúnach a bheidh le bunú d’fhonn an nasc idir an bord agus pobal na Gaeltachta a láidriú.
Níl aon rud ráite sa bhille faoi chothromaíocht inscne ar an mbord, an cheist is mó a luadh leis an moill ar an reachtaíocht.
Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta.
Faoin gcóras mar atá ainmníonn Aire na Gaeltachta seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, tríd an gcóras ceapacháin phoiblí agus ainmníonn na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse cúigear comhaltaí eile.
Billy an Ghoirt
Cuir tríd an Dáil inniu é!
Agus toghacháin don Údarás freisin!
Tá na polaiteoirí ag caint faoin toghacháin a thabhairt ar ais le blianta fada anuas!
Cuireann sé iontas orm scaití nach mbíonn muintir na Gaeltachta os comhair na Dála gach seachtain ag agóid chun a ndaonlathas agus cearta vótála a fháil ar ais.
Conán Maol
Ar nós na scoileanna Gaeltachta is eastáit tithíochta ina mbeidh an Béarla in uachtar an toradh a bheidh ar seo gan cur chuige nua.
Donncha Ó hÉallaithe
Díomá mór orm. Ní dhéanann an leasú aon chumhacht don Údarás dul ag plé go díreach le soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht. Seo an fhoclaíocht atá ann: ‘Féadfaidh an tÚdarás talamh a dhíol le comhlacht tithíochta ceadaithe —- nó le húdaráis tithíochta, nó a dhiúscairt ar shlí eile chuig an gcéanna, chun tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht’.
Tá dhá fhadhb anseo: (i) ní thugann sé cead don Údarás talamh a cheannach le haghaidh tithíochta agus (ii) ní dheireann sé ach an oiread gur ‘chun tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht’ do chainteoirí Gaeilge.
Go praicticiúil tugann an leasú seo cead don Údarás talamh a bhronnadh ar an gComhairle Chontae saor in aisce nó ar dream le aitheantas mar AHB le tithe a chur ar fáil, gan aon chinnteacht ann gur cainteoirí Gaeilge a bheas sna tithe.