Cloíte ag an Rialtas le sanriail pholaitiúil, seachain rogha chrua roimh thoghchán

Tá socrú maoinithe de dhíth ar RTÉ, ar chraoltóirí eile agus ar an tír atá inchreidte, cothrom agus slán ó útamáil pholaitiúil amach anseo

Cloíte ag an Rialtas le sanriail pholaitiúil, seachain rogha chrua roimh thoghchán

Aire na Meán, Catherine Martin. Pic: Leah Farrell / RollingNews.ie

Mhol Catherine Martin polasaí nua rialtais Dé Céadaoin a lochtaigh sí trí mhí ó shin. 

Ba léir do chách sular fhógair an tAire cinneadh an rialtais faoi mhaoiniú RTÉ nach nglacfaí leis an socrú a theastaigh uaithi féin. B’fhearr léi go mbeadh an eagraíocht á maoiniú go hiomlán ón státchiste agus deireadh curtha le ré an cheadúnais teilifíse. 

B’ionann agus díogha an dá chás (‘worst of both worlds’), a dúirt sí ar an 7 Bealtaine, socrú faoina mbeadh RTÉ á mhaoiniú ón státchiste agus ó cheadúnais teilifíse – díreach mar a socraíodh. 

Nuair a fógraíodh cinneadh an rialtais Dé Céadaoin, dúirt Louise O’Reilly thar ceann Shinn Féin gurb amhlaidh go raibh lag-chinneadh déanta ag lag-aire. Dáiríre áfach, cé gur féidir an cinneadh a lochtú ar mhórán cúiseanna, ní laige ach a mhalairt a léirigh Catherine Martin agus rogha rialtais nár theastaigh uaithi á fhógairt aici. 

B’éigean déileáil leis an bhfírinne pholaitiúil, a dúirt sí: tá trí pháirtí sa chomhrialtas agus tuairimí éagsúla acu. Ba léir éirim a briathra, fiú murar dúradh iad. Céard is féidir leis an bpáirtí is lú i gcomhrialtas a dhéanamh – seachas géilleadh nó tarraingt as – nuair nach n-aontaíonn a gcéilí rialtais leo? 

Tuilleann ionracas an aire maidir le realpolitik an chomhrialtais moladh. Ní foláir freisin fáilte theoranta a chur roimh chinnteacht airgeadais ar feadh trí bliana a bheith geallta do RTÉ – an feabhas is mó, a dúirt Catherine Marrtin a bhí bainte amach aici. 

Is léir áfach an éiginnteacht nach féidir a chur as an áireamh. Is leor trí dhris chosáin a lua anseo mar fhéidearthachtaí tromchúiseacha: 

Féidearthacht a hAon: Rachaidh líon na ndaoine a íocann as ceadúnas teilifíse i laghad arís (cé gur dhúirt Catherine Martin go raibh an ráta íocaíochta ag ardú le tamall), toisc go measfaidh mórán go gcuirfidh an rialtas a thuilleadh airgid ar fáil más gá. 

Féidearthacht a Dó: Rachaidh líon na ndaoine a íocann as ceadúnas teilifíse i laghad ar chúis eile: toisc gur ar ríomhairí agus ar ghutháin phóca seachas ar theilifíseáin a bhreathnaíonn siad ar chláir theilifíse. Ní fios cé mhéad airgid sa bhreis a bheidh riachtanach leis an mbearna sa €725m in imeacht trí bliana atá geallta do RTÉ a thógáil, ach beidh tuilleadh de dhíth. 

Féidearthacht a Trí: An rachaidh ráta íocaíochta an cheadúnais i laghad ar chúis eile: toisc nach mbeidh sciar den phobal toilteanach táille a íoc chun tacú le seirbhís phoiblí atá á maoiniú ag an státchiste. Mar a tharla i gcás na dtáillí uisce cheana? 

Déanta na fírinne, tá céim ar gcúl agus céim chun cinn in éineacht tugtha ag an rialtas maidir le maoiniú chraoltóireacht seirbhíse poiblí i gcoitinne agus RTÉ go háirithe. Tá glactha acu le maoiniú ón stát i bprionsabal ach is ar bhonn éiginnte a chuirfear i bhfeidhm é. 

Is ón rialtas go díreach a thiocfaidh an t-airgead, in ionad ó Choimisiún na Meán faoi mar a mhol an coimisiún um thodhchaí na meán in 2022.

Níl socrú ar bith déanta maidir le maoiniú breise i gcás easnamh ioncaim mar a chíortar é sna féidearthachtaí thuas. Níl deimhniú ann ach oiread go leanfar leis an gcaiteachas breise ná leis an athrú i bprionsabal faoinar gealladh é. 

Tá sé ráite ag Micheál Martin agus ag airí eile nach n-aontóidís le lán-mhaoiniú stáit do RTÉ toisc go dtabharfadh córas dá leithéid deis do pholaiteoirí brú a chur ar na craoltóirí. Ar chúis aisteach éigin áfach ní chuireann an socrú a cheadaíonn a leithéid i gcás TG4 aon imní orthu. 

Dúirt comhaltaí choistí an Oireachtais a d’fhiosraigh drochriar airgeadais RTÉ le bliain anuas go dteastaíonn craoltóireacht seirbhíse poiblí den scoth sa tír i gcónaí. 

Dúirt siad go minic freisin go raibh obair den scoth á déanamh i gcónaí ag foireann RTÉ, mar a dúradh arís le gairid tar éis craoladh na sár-chlár fiosrúcháin faoin easpag Casey, faoi scannal na gcapall agus faoi scata clár eile a raibh mórdhúthracht agus mórchostas ag baint lena gcur le chéile. 

Dúirt Teachtaí Dála agus Seanadóirí go minic freisin go gcaithfí na socruithe cuí a dhéanamh leis an eagraíocht a chur ar bhonn is seasamh dea-eagraithe.  

Is dlúthchuid den obair í an t-atheagrú atá ar bun ag an ard-stiúrthóir Kevin Bakhurst ó ceapadh é bliain go ham seo, ach is faoin rialtas a bheidh sé cuid eile den obair riachtanach a dhéanamh. 

Tá socrú maoinithe de dhíth ar RTÉ, ar chraoltóirí eile agus ar an tír atá inchreidte, cothrom agus slán ó útamáil pholaitiúil amach anseo.  

Faraor, de ghnáth seachnaíonn rialtais socruithe dá leithéid agus iad ag teannadh le holltoghchán. Mar a tharla an tseachtain seo. 

Beimid ag cur is ag cúiteamh faoin ábhar seo arís, ar an drochuair. 

Fág freagra ar 'Cloíte ag an Rialtas le sanriail pholaitiúil, seachain rogha chrua roimh thoghchán'

  • Aisling

    Cinneadh a rinneadh chun géilleadh don realpolitik seachas beart fadtéarmach ar fónamh?
    Paisteáil agus méiseáil dála iliomad beart eile ar an gcuma chéanna.
    ‘Rialtas na bPaistí.’