Casfaidh Corcaigh agus an Clár ar a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann, mar a rinne in 2013, tar éis do na Corcaígh bua gaisciúil a fhái i gcoinne Luimnigh tráthnóna.
Fágann bua Chorcaí go bhfuil seaimpíní na hÉireann cloíte don dara deireadh seachtaine as a chéile tar éis d’Áth Cliath a bheith díbeartha sa pheil Dé Sathairn seo caite. Tá deireadh tagtha freisin leis an ráig ar chúig agus Luimneach sáraithe i bPáirc an Chrócaigh den chéad uair ó bhabhtaí leathcheannais na hÉireann in 2019.
Rinne foireann John Kiely gach iarracht teacht aniar ar Chorcaigh sa dara leath ach d’fhág imirt iontach ó chosantóirí agus ó thosaithe Chorcaí gur éirigh leo an fód a sheasamh agus bearna dhá phointe a bhí idir na foirne ar deireadh.
Tugadh beagnach 100 iarracht faoi na postaí i gcluiche inar imir an dá fhoireann gan stad, gan staonadh. Roinneadh 58 scór go cothrom idir na foirne (1-28 i gcoinne 0-29) ach ba é an cúl a d’aimsigh Brian Hayes, a bhí ina fhathach ag Corcaigh, sa chéad leath scór cinniúnach an chluiche.
Bhí cúpla seans iontach ag Luimneach ar chúil dá gcuid féin ach rinne cúl báire Chorcaí, Patrick Collins, sábhálacha den scoth chun iarracthaí ó Aaron Gillane agus Gearóid Hegarty a choinneáil amach ag tráthanna tábhachtacha. Bhí Darragh Fitzgibbon, Séamus Harnedy agus Robert Downey i measc na laochra eile ag Corcaigh ach rinneadar uile a gcuid.
Bhí Corcaigh thar barr sa chéad leath agus iad cúig phointe chun tosaigh théis 20 nóiméad, 1-8 0-6, ach tháinig Luimneach ar ais go tréan le deich gcinn de na chéad 13 pointe eile a scóráladh idir sin agus leath ama. Bhí Corcaigh dhá phointe chun deiridh ag an mbriseadh, 0-16 1-11, agus diabhal mórán a bhí déanta mícheart acu.
Na Corcaígh a tháinig amach as na seomraí feistis ar dtús don dara leath agus thóg siad ceannas ar an gcoimhlint. Ní raibh 60 soicind idir séideadh na feadóige agus iad a bheith ar ais ar comhscór agus Darragh Fitzgibbon agus Patrick Horgan, lena 700ú pointe sa chraobh, ag aimsiú na sprice.
Thug Cathal O’Neill freagra orthu le pointe, an tríú ceann aige, ach d’fhág pointí ó Shane Barrett, Horgan agus Barrett arís go raibh Corcaigh dhá phointe chun tosaigh faoin 40ú nóiméad.
D’fhág scóranna ó i bhfad amach ag Declan Dalton go raibh ceithre phointe de bhearna eatarthu deich nóiméad isteach sa dara leath ach ní raibh Luimneach cloíte go fóill agus seans iontach acu ar chúl nuair a chruthaigh Aaron GIllane deis do Ghearóid Hegarty ach choinnigh Patrick Collins amach an iarracht agus theip ar Gillane teagmháil cheart a dhéanamh leis an sliotar nuair a tháinig sé amach ina threo.
Nuair a sheol Dalton scór álainn eile thar an trasnán cúpla soicind ina dhiaidh, bhí gleo aisteach ón slua mór as Corcaigh agus tuilleadh ábhar ceiliúrtha le teacht. Laghdaigh Gillane, a chríochnaigh le deich bpointe, an bhearna arís ach d’fhág trí phointe ag Corcaigh in imeacht 90 soicind nó mar sin, péire ag Séamus Harnedy agus poc saor ag Patrick Horgan, go raibh Corcaigh seacht bpointe chun tosaigh, 1-24 in aghaidh 0-20, agus 20 nóiméad fanta.
Tugadh dúshlán do Luimneach i gcluichí sna blianta roimhe seo agus d’éirigh leo teacht slán gach uair agus rinneadar a míle dícheall arís an uair seo. Agus ceathrú uaire fágtha, d’aimsigh beirt ógánach a bhí curtha chun páirce ag John Kiely, Shane O’Brien agus Adam English, pointí agus chuir Gillane ceann eile leo chun tús a chur leis an teacht aniar agus imní a chur ar mhuintir Chorcaí.
Ghnóthaigh Séamus Harnedy poc saor a shlánaigh Patrick Horgan agus d’aimsigh Brian Hayes pointe tábhachtach eile chun rudaí a shocrú beagáinín ach choinnigh Luimneach orthu ag teacht. Scóráil Gillane, O’Brien, English agus Gearóid Hegarty, a chéad scór sa chluiche, pointí chun dhá phointe a fhágáil idir na foirne agus am cúitimh sroichte.
Chuir Patrick Horgan deis ghlórmhar chun an bua a chinntiú amú nuair a theip air Nickie Quaid an sliotar a fháil nuair a thit sé os a chomhair i mbéal an chúil sa 71ú nóiméad ach chuir Shane O’Brien agus Aidan O’Connor seansanna ar strae in am cúitimh agus theip ar iarracht Luimnigh ar theacht aniar an uair seo.
Bhí Luimneach d’uireasa Barry Nash do chluiche an lae inniu, mar a bhí nuair a bhuaigh Cill Chainnigh orthu in 2019, agus ba mhór an chailliúint é i gcosaint na seaimpíní. Rinne Brian Hayes, a d’aimsigh 1-4 uile, agus Alan Connolly, a fuair 0-3, scrios ar líne lánchúil Luimnigh sa chéad leath.
Gillane a d’aimsigh an chéad scór den chluiche ach d’fhreagair Robert Downey é le scór iontach agus bhí Corcaigh 0-4 in aghaidh 0-1 chun tosaigh théis sé nóiméad. Tháinig Luimneach ar ais ar comhscór taobh istigh de chúpla nóiméad agus bhí na foirne cothrom go maith sa chéad cheathrú ach fuair Corcaigh spreagadh ollmhór nuair a ghearr Hayes isteach ón gcliathán chlé théis 20 nóiméad chun raspar a bhualadh thar Nickie Quaid. Bhí an liathróid san eangach arís ag Hayes go luath ina dhiaidh sin ach mheas an réiteoir Thomas Walsh gur chaith Alan Connolly an sliotar nuair a thug sé an pas do Hayes.
D’fhág pointe ó Hayes go raibh Corcaigh 1-8 in aghaidh 0-6 chun tosaigh agus ceathrú uaire fágtha sa chéad leath ach d’aimsigh Luimneach na chéad chúig scór eile chun teacht ar ais ar comhscór – ceann an duine ag Tom Morrissey, Diarmuid Byrnes, Cian Lynch agus péire ag Gillane. Bhí deis ag GIllane ar chúl sa tréimhse sin ach rinne Patrick Collins sábháil iontach lena ascaill. D’aimsigh Gillane (péire), David Reidy (péire) agus Byrnes scóranna eile chun Luimneach a fhágáil chun tosaigh ag an mbriseadh ach tháinig Corcaigh de rúid sa dara leath chun cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach.
Luimneach: N Quaid; S Finn, D Morrissey, M Casey; D Byrnes (0-3, 0-2 ó phocanna saora), D Hannon, K Hayes (0-1); W O’Donoghue, C O’Neill (0-3); G Hegarty (0-1), C Lynch (0-1), T Morrissey (0-2); A Gillane (0-10, 0-4 ó phocanna saora), S Flanagan (0-1), D Reidy (0-3). Fir Ionaid: S O’Brien (0-2) in áit Flanagan (51 nóim), D O’Donovan in áit Donoghue (53 nóim), A English (0-2) in áit Reidy (53 nóim), A O’Connor in áit T Morrissey (63 nóim).
Corcaigh: P Collins; N O’Leary, E Downey, S O’Donoghue; T O’Mahony, R Downey (0-1), M Coleman (0-1); C Joyce, D Fitzgibbon (0-3); D Dalton (0-4, 0-2 ó phocanna saora), S Barrett (0-3), S Harnedy (0-4); P Horgan (0-5, 0-3 ó phocanna saora), A Connolly (0-3), B Hayes (1-4). Fir Ionaid: S Kingston in áit Horgan (33-34 nóim, fuil), E Twomey in áit O’Mahony (58 nóim), S Kingston in áit Dalton (61 nóim), R O’Flynn in áit Harnedy (66 nóim), P Power in áit Horgan (70+2 nóim).
Réiteoir: Thomas Walsh (Port Láirge).
Carraig
Scailéathan ar mhuintir Chorcaí ag dul abhaile, muintir Luimnigh go dubhach. Thug siad roinnt bhlian órga dúinn, thug san.
A mbua tuillte go mór ag na Reibiliúnaithe ach ní mór a rá gur chuir Luimneach an t-uafás pocanna ‘saoráideacha’ ar fóraíl.