‘Cén post atá agat?’
Níl ceist ar bith is mó a chuireann faitíos orm na laethanta seo.
Scríbhneoir agus iriseoir mé, gan dabht, ach tugaim faoi deara go mbím an-seachantach le blianta beaga anuas agus an cheist sin thuas á cur orm – ag cóisirí breithlae, ag sochraidí, i gcomhráite le comharsana nó an lá cheana nuair a bhí siúinéir agus péintéir ag cur caoi ar fhrámaí na bhfuinneog.
Tugaim freagraí an-ghinearálta (‘bím ag plé le téacs’) nó tugaim tús áite do na gnéithe is neamhurchóidí den obair a bhíonn idir lámha agam (‘déanaim eagarthóireacht ar ailt daoine eile’ nó ‘aistrím stuif’.)
D’aon ghnó a bhain mé úsáid as an bhfocal ‘neamhurchóideach’ san abairt thuas.
Ar mhí-ámharaí an tsaoil, ceird atá san iriseoireacht laethanta seo na nuachta bréige agus theacht chun cinn na heite fíordheise a bhfuil an-amhras ar go leor daoine fúithi, agus is ionann a rá gur iriseoir thú, i gcásanna áirithe, agus tú féin a chur sa bhosca ‘iad’ seachas sa bhosca ‘muid’.
Colúnaí, seachas iriseoir, a thugaim orm féin, mar sin, má chuireann daoine brú orm freagra níos cruinne a thabhairt ná ‘bím ag plé le téacs’. ‘Céard iad na hábhair a mbíonn tú ag scríobh fúthu?’ an chéad cheist eile ansin, gan dabht, agus bíonn mo fhreagra réidh agam: ‘galar Alzheimer, i measc rudaí eile’. Ábhar ‘dáiríre’ é sin nach mbaineann le cogaí cultúrtha nó nuacht bhréige agus atá ‘inghlactha’ do chách dá bharr, agus go hiondúil ní chloiseann daoine an mhír ‘i measc rudaí eile’.
Cruthaíonn réimse na scríbhneoireachta cruthaithí níos mó deacrachtaí fós, go háirithe ós rud é go bhfuil os cionn seacht mbliana ann ó foilsíodh an saothar is déanaí de mo chuid (agus lena chois sin, níl aon cheann de mo chuid leabhar ar fáil sa tír ina bhfuilim i mo chónaí faoi láthair.)
Má deireann tú le duine gur scríbhneoir thú is féidir leat a bheith céad faoin gcéad cinnte de go gcuirfear ceist ort cé hiad na leabhair atá foilsithe agat nó cén saghas leabhair a bhfuil tú ag obair air faoi láthair, agus má dhéanann tú iarracht na ceisteanna sin a fhreagairt gach seans go mbeidh comhrá thar a bheith míchompordach agat.
Ábhair fhíorphearsanta a bhíonn á gcíoradh ag scríbhneoirí ina gcuid leabhar go hiondúil (agus ní ag scríbhneoirí ficsin amháin) agus ní móide go mbeadh fonn ort iad a phlé le strainséir.
Is é an trua é, agus mar scríbhneoir a bhíonn ag scríobh faoin scríbhneoireacht cuid mhór den am, mothaím go mbím ag ligean síos na ceirde. Fágann an tseachantacht i mo chuid freagraí an drochbhlas céanna i mo bhéal, fiú amháin, agus a bhlaisim nuair a thugaim freagraí seachantacha maidir le mo chlaonadh gnéis. Ach tá ciall cheannaithe agam in imeacht na mblianta agus tuigim gur réamhchoinníoll an suaimhneas intinne don scríbhneoireacht agus gur fearr mo chuid oibre a sheachaint i gcomhráite le strainséirí – déan iarracht colún a scríobh nó eagarthóireacht a dhéanamh ar úrscéal agus tú ag dul siar arís is arís eile i d’aigne ar chomhrá míthaitneamhach éigin.
WTF
An gnáthfhreagra a thugaim ar an gceist sin ná:
‘Seansálaí’ nó ‘fiaire feá’.
Deireadh ráite.