Go leor le ‘foghlaim’ ón Eoraip faoin gcaoi a gcaitear leis na healaíona agus leis an nGaeilge

Tabharfar spléachadh sa Taibhdhearc inniu ar shaibhreas amharclannaíocht na hEorpa. Labhair Tuairisc le Darach Ó Tuairisg ó Fíbín a bheidh ag glacadh páirte san ócáid Súil Eile: Oíche Idirnáisiúnta Drámaíochta

Go leor le ‘foghlaim’ ón Eoraip faoin gcaoi a gcaitear leis na healaíona agus leis an nGaeilge

Cuirfear an mórléiriú deireanach de chuid Fíbín sa Taibhdhearc os comhair an phobail inniu in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge – An Taibhdhearc agus tá sé saor in aisce.

Spléachadh ar “éagsúlacht agus saibhreas amharclannaíocht na hEorpa” a bheidh in Súil Eile: Oíche Idirnáisiúnta Drámaíochta, a bheidh ar siúl ag 2pm tráthnóna, a dúirt stiúrthóir Fíbín, Darach Ó Tuairisg, le Tuairisc.

Bhí Fíbín sa Taibhdhearc ina hionadaí thar ceann na hÉireann sa togra tras-Eorpach phōnē, togra a thug le chéile compántas mionteangacha ó cheann ceann na hEorpa le bheith ag obair lena chéile agus ag foghlaim óna chéile. Ocht n-amharclann ar fad a bhí páirteach sa togra téatair seo agus chruthaigh chuile cheann acu dráma nua as an bpíosa atá á léiriú ar fud na hEorpa i mbliana. Bhí Fíbín féin ar camchuairt sa Ghearmáin, sa Ghailís, agus sa Bhriotáin le míreanna dá ndráma nuascríofa An Fear Liath a chur ar stáitse.

Beidh péire de na hocht n-amharclann i láthair i gcathair na Gaillimhe inniu – Tryater ón bhFreaslainn agus Centro Dramático Galego ón nGailís – dhá chompántas a fheidhmíonn i mionteangacha a réigiúin san Ísiltír agus sa Spáinn.

Léireoidh an dá chompántas míreanna gairide ó na drámaí nua a cumadh mar chuid de phōnē le trí bliana anuas, mar a léirigh Fíbín radharcanna as An Fear Liath sna tíortha eile i mbliana.

Idir aisteoireacht, cheol agus mhonalóg a bheidh i gceist leis na míreanna a léireoidh an dá chompántas tráthnóna. Sa Fhreaslainnis agus sa Ghailísis a bheidh an dá léiriú ach beidh fortheidil Ghaeilge agus Bhéarla ar fáil do mhuintir na Gaillimhe.

“D’éirigh thar cionn leis an togra phōnē, bhí muid páirteach ann le trí bliana anuas agus tugadh le chéile ealaíontóirí, teicneoirí, agus bainisteoirí ó na hamharclanna mionteangacha ar fud na hEorpa.

“Mheasc chuile dhuine le chéile agus bhí muid ag foghlaim óna chéile. An sprioc a bhí leis an togra ná líonra a chruthú agus aird a tharraingt ar an obair iontach amharclannaíochta a dhéantar i mionteangacha na hEorpa.

“Bhí an oiread le foghlaim ó thaobh na modhanna oibre éagsúla atá i bhfeidhm san Eoraip, na scálaí éagsúla ag a bhfuil na tíortha ag feidhmiú, agus an difríocht idir an meas a léirítear ar na mionteangacha féin agus ar an amharclannaíocht mionteanga sna tíortha sin,” a dúirt Darach Ó Tuairisg le Tuairisc.

Mhaígh Ó Tuairisc, a bhunaigh an comhlacht Fíbín in 2008, go dtiteann Éire sa lár ar an scála sin agus go bhfuil go leor le foghlaim sa tír seo faoin gcaoi a gcaitear leis na healaíona agus leis an nGaeilge.

“Tá muid leath bealaigh ar an scála seo, tá maoiniú ceart agus straitéis cheart ó thaobh na n-ealaíon agus na mionteangacha i dtíortha eile. Tá lucht labhartha na mionteangacha sin thar a bheith bródúil as a dteanga, ní hamháin na cainteoirí féin ach an tír i gcoitinn. Is í an Fhreaslainn is fearr, feictear dom, tá maoiniú an-láidir acu agus tá an tír ar fad thar a bheith bródúil astu, is ambasadóirí idirnáisiúnta don Ísiltír iad Tryater,” a dúirt sé.

Beidh Súil Eile: Oíche Idirnáisiúnta Drámaíochta á léiriú sa Taibhdhearc tráthnóna inniu ag 14:00 mar chuid d’Fhéile Ealaíon na Gaillimhe. Ní gá ticéad a cheannach ná áit a chur in áirithe roimh ré.

Fág freagra ar 'Go leor le ‘foghlaim’ ón Eoraip faoin gcaoi a gcaitear leis na healaíona agus leis an nGaeilge'