Tá deireadh seachtaine na Cincíse linn, Comórtas Peile na Gaeltachta chugainn agus craobh na hÉireann ag dul i ndéine. Pléann Darren, Pádraic agus Dara eachtraí móra an deireadh seachtaine seo caite, an cath conspóideach i gCill Airne idir Ciarraí agus Dún na nGall san áireamh. Pléitear freisin caidreamh bainisteoirí leis an meáin agus deir Dara go mb’fhéidir go bhfuil leithscéal ag dul ó Jim McGuinness go dtí an t-iriseoir le Newstalk, Tommy Rooney.
Caitear súil chun cinn chomh maith ar chluichí móra an deireadh seachtaine seo chugainn, Ard Mhacha in aghaidh Dhoire, Áth Cliath in aghaidh Chontae an Lú, an Iarmhí agus an Cabhán agus Muineachán i gcoinne Mhaigh Eo.
Ar deireadh caitear súil chun cinn ar Chomórtas Peile na Gaeltachta agus tráchtar ar an athrú atá tagtha air.
Fág freagra ar 'AN POD SPÓRT: Cleití in airde Ard Mhacha, fonn díoltais Lú, Jim McGuinness v na Meáin, Comórtas Peile na Gaeltachta'